20.12.08

Laethanta Saoire na Nollag 2008 - Christmas Holidays 2008

Dé Céadaoin 24ú Nollaig – Druidte
Wednesday 24 December – Closed

Déardaoin 25ú Nollaig: Lá Nollag
Thursday 25th December: Christmas Day

Dé hAoine 26ú Nollaig: Lá Fhéile Stiofán
Friday 26th December: Boxing Day

Dé Céadaoin 31ú Nollaig – Druidte
Wednesday 31 December – Closed

Déardaoin 1ú Eanáir: Lá Saoire Poiblí
Thursday 1st January: Bank Holiday

Dé hAoine 2ú Eanáir: Stoc áireamh bliantúil
Friday 2nd January: Annual Stocktaking

Dé Luain 5ú Eanáir: Stoc áireamh bliantúil
Monday 5th January: Annual Stocktaking

Dé Máirt 6ú Eanáir:Stoc áireamh bliantúil
Tuesday 6th January: Annual Stocktaking

16.12.08

Major fishing port will be 'wiped out' by new EU rule

By Anita Guidera
Monday December 15 2008
Irish Independent

FEARS that a Donegal fishing community could become a "ghost port" have been raised days ahead of a crucial meeting of EU fisheries ministers.
Almost all of the 1,000 people living in Greencastle, on the eastern shores of the Inishowen peninsula, depend on the fishing industry for their livelihoods.
But fishermen based at Ireland's second largest white fish port warn that proposals to close down a fishing ground off the north west coast could sound the death knell for the village.
On the table at Thursday's meeting in Brussels to determine the EU's Total Allowable Catch for 2009 is a proposal to prohibit fishing for cod, haddock and whiting in local waters.
If agreed, it could wipe out a fleet of smaller boats, which are not capable of travelling farther out to sea.
The closure or part closure will also force the larger trawlers further out to Rockall, 500km away, and down to the south coast -- leaving Greencastle without a home fleet.
"Fishing is the lifeblood of this village. There is nothing else, particularly now that the construction industry has come and gone," said John O'Kane, manager of the Foyle Fishermen's Co-op.
Trawlermen Eddie Kelly and Cyril Harkin, who have chalked up over 60 years of fishing between them, believe the proposal, as it currently stands, will be the final straw for Greencastle.
"Fishermen are not going to steam half way around Ireland and then come back to Greencastle to land their catches. It's going to become a ghost port," said Cyril, whose son James is also a fisherman. Eddie added: "The problem is that fishermen only have about four percent of the vote. We are not getting enough Government support."

15.12.08

LDSIP on the islands - An Clár Forbartha Áitiúil do Chuimsiú Sóisialta ar na hoileáin

An Clár Forbartha Áitiúil do Chuimsiú Sóisialta
LDSIP (Local Development Social Inclusion Programme)

Glacfaidh Comhar na nOileán Teoranta freagracht as an LDSIP ar na hoileáin sna blianta amach romhainn. Ar na heagraíochtaí a
chuir an LDSIP ar fáil do phobail na n-oileán roimhe seo bhí Cumas Teo., Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Comhpháirtíocht Pobail Iarthar Chorcaí.
Tá an LDSIP dírithe ar mhíbhuntáiste a chur i leataobh mar aon le cothromaíocht agus buntáiste sóisialta/eacnamaíoch a chothú trí dhéileáil le cúinsí áitiúla agus díriú ar an dream is mó a bhfuil riachtanais acu sna pobail áitiúla. Déanann Pobal
bainistiú ar an LDSIP thar cheann na Roinne Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta. Tá réamhobair á dhéanamh ar an bplean cheana féin.
Coinneofar pobail na n-oileán ar an eolas faoin dul chun cinn agus beidh an fhoireann atá san oifig in Inis
Oírr sásta ceisteanna a fhreagairt faoi fhorbairtí an chláir sna mionna romhainn.

Comhar na nOileán Teoranta will take over responsibility for LDSIP on the islands in the years ahead. Cumas Teo., Meitheal Forbartha na Gaeltachta and West Cork Community Partnership are among the organisations which have delivered LDSIP
to island communities previously.
The LDSIP aims to counter disadvantage and promote equality and social/economic development by tackling local issues and equitably targeting those most in need within local communities. The LDSIP is managed by Pobal on behalf of the Department
of Community, Rural and Gaeltacht Affairs.
Preparatory work on the plan is in progress.
Island organisations will be kept informed on progress and staff in the office in Inis Oírr will be happy to answer questions on developments regarding the programme over the coming months.

Contacts:

Programmes Manager: Mairéad O’Reilly mairead@oileain.ie 099 75096

Financial Administrator: Marian Uí Chonghaile marian@oileain.ie 099 75096
Administrator – National Rural Development Programme (NRDP): Sharon Uí Dhomhnaill sharon@oileain.ie 099 75096
Secretary NRDP: Linda Searraigh linda@oileain.ie 099 75096
NRDP Project Officer – non-Gaeltacht Islands: Mary Lavelle mary@oileain.ie 095 45016

Comhar na nOileán
Inis Oírr
Árainn
Co. na Gaillimhe
099 75096

12.12.08

Comhar na nOileán Teo.

Comhar na nOileán Teo. is the newly formed LEADER /Partnership Company for the inhabited offshore islands of Ireland. The Company will have an extended brief to cover delivery of Local Development Social Inclusion programmes to islands off the coast. As well as having responsibility for delivery of Rural Development and LDSIP programmes, the Company will take over as the implementing body for the Rural Social Scheme on Ireland’s islands.

The membership of the new Board of Directors complies with directives from the Department of Community, Rural & Gaeltacht Affairs and is made up as follows:

Local Government Representatives

Social Partners

Community & Voluntary

Statutory

Members:

Cllr. Daithí Alcorn, Donegal County Council / Údarás na Gaeltachta

Jackie Sullivan Bere Island, I.F.A.

Simon Murray, Inishbofin, Co. Galway

Padraic Ó Cuinn, Údarás na Gaeltachta

Cllr. Seosamh Ó Cuaig, Galway County Council /Údarás na Gaeltachta

Mícheál Ó Goill, Gairmscoil Éinne, Inis Mór, I.C.T.U.

Brídín Ní Chonceanainn, Inis Meáin

Michael Keatinge, B.I.M.

Cllr. Austin O’Malley, Mayo County Council

F.I.F (Fishermen) To be nominated

Cathy Ní Ghoill, Comharchumann Forbartha Árann, Inis Mór,

Helen O’Halloran, Fáilte Ireland

Cllr. Noel Harrington, Cork County Council

Employers: To be nominated

Padraic O’Malley, Clare Island

Cuimín Mac Aodha Bhuí, H.S.E.

Des Mahon, County Manager, Mayo County Council – County Managers’ Nominee

Mícheál Ó Céadagáin, Comharchumann Chléire Teo

Barra O’Briain, Irish Vocational Education Association

John Walsh, Bere Island

Michael Diskin, Teagasc

Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

Máirín Uí Fhearraigh, Ancaire


The Company submitted an application under Axis 3 & 4 of the Rural Development Programme to the Department of Community, Rural & Gaeltacht Affairs in July 2008.

Information sessions on the new programme will be organised in cooperation with island Co-operatives and Development Companies as soon as is practical.


LEADER staff will transfer to the new Company when the transfer of undertakings between the two companies is agreed. It is hoped that this will be completed before the end of the year. Contact details for the staff will remain the same.

Comhar na nOileán will work with Comhdháil Oileáin na hÉireann to assess the needs of the islands and to develop a co-ordinated approach to addressing those needs.

For general information about the programmes we administer, contact
Programmes Manager: Mairéad O’Reilly mairead@oileain.ie 099 75096

Financial Administrator: Marian Uí Chonghaile marian@oileain.ie 099 75096
Administrator – National Rural Development Programme (NRDP): Sharon Uí Dhomhnaill sharon@oileain.ie 099 75096
Secretary NRDP: Linda Searraigh linda@oileain.ie 099 75096
NRDP Project Officer – non-Gaeltacht Islands: Mary Lavelle mary@oileain.ie 095 45016

Comhar na nOileán
Inis Oírr
Árainn
Co. na Gaillimhe
099 75096

7.12.08

Scéal iontach Pheadair Uí Dhomhnaill

4ú Nollaig 2008

(TG4 ar an 10ú Nollag, ag 21.30)

Peadairín na Stoirme an teideal atá ar chlár úr faisnéise fá shaol agus fá shaothair Peadar O'Donnell, fear a bhí ina scríbhneoir, gníomhaí radacach, agus ceannródaí sóisialach in Éirinn sa chéad seo caite.

Tá an scannán stiúrtha ag Paddy Hayes, an fear a rinne Ceolchuairt, agus léiríonn sé streachailt O'Donnell cearta sibhialta agus dearcadh sóisialach a chur chun cinn in Éirinn.

Tá idir dhráma agus phíosaí scannáin ón chartlann ar an fhear ar thug an Derry Journal 'The Stormy Petrel' air mar go gcaithfeadh sé é féin go fonnmhar isteach in achan choimhlint pholaitiúil dá raibh ag dul.

Ba bheag meas a bhí ag O'Donnell ar na húdaráis - an Eaglais, An Stát, De Valera, na Sasanaigh agus na hÉireannaigh nar aontaigh sé leo - agus d’ionsaí sé iad go fonnmhar.

Beidh scéal iontach an fhir seo as Rosa Thír Chonaill agus a chuid scríbhneoireachta ar TG4 ar an 10ú Nollag, ag 21.30.


www.irishnews.com



Robert McMillen

4.12.08

Seirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh-Citizens Information

Clinic Eolais - Information Clinic

Beidh an clinic eolais míosúil atá a reáchtáil in oifigí an chomharchumainn ar siúl ar an Aoine, an 5ú Nollaig ó 10:45am - 1:00in. Beidh ionadaí ón Ionad Seirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh, An Clochán Liath i láthair chun seirbhísí faisnéise, comhairle agus abhcóideachta don phobal i dtaca le seirbhísí sóisialta agus sibhialta a chur ar fáil.

The monthly information clinic will take place in an comharchumann on Friday 5th December, from 10:45 – 1:00pm. A representative from the Citizens Informations Services, Dungloe will be available to offer information, advice and advocacy to members of the public on a wide range of social an civil services.

3.12.08

Straitéis Eacnamaíochta do na hOileáin - Economic Strategy for the Islands

Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta tar éis staidéar a choimisiúnú ar an chostas a bhaineann le gnó a reachtáil agus maireachtáil ar na hoileáin, ar mhaithe le straitéis forbartha eacnamaíochta a leagan amach do na blianta atá amach romhainn. Tá comhairleoirí ceaptha ag an Roinn chun an staidéar a dhéanamh agus beidh cruinniú ar an oileán go luath i mí Eanáir idir na comhairleoirí agus an lucht gnó. Cuirfear lucht gnó an oileáin ar an eolas i dtaca le dáta agus am an chruinnithe a luaithe agus atá na sonraí sin curtha in iúl don chomharchumann.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann.
074 9520533
An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta has commissioned a study to ascertain the cost of living and the operating costs associated with running a business on the islands, with a view to developing an economic strategy for the future. Individuals engaged in businesses will have an opportunity, in early January 2009, to discuss business operating costs with the consultancy firm which has been appointed to conduct the study. Notice regarding dates and times of meetings will be posted in due course. Further Information: 074 9520533

2.12.08

Fógra Comharchumainn

Beidh laghdú ar uaireanta oscailte stóir trádála agus oifigí Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo i bhfeidhm ón 8ú Nollaig 2008.

Uaireanta Oscailte ón 8ú Nollaig, 2008:

Luan go hAoine: 9:00am – 4:30in
Druidte le linn am lóin: 12:30in – 1:00in


With effect from Monday 8th December, there will be a reduction in the opening hours of an comharchumann store and offices.

Revised opening hours from Monday 8th December 2008:

Monday to Friday: 9:00am – 4:30pm
Lunch break: 12:30pm – 1:00pm

27.11.08

Fógra Poiblí -

Beidh oifigí agus stór an chomharchumainn druidte ar an Luain, 1ú Nollaig 2008.

An Comharchumann offices and store will be closed on Monday 1st December 2008.

19.11.08

Earraí Leictreach Ré-caite/End-of-life White Goods

Is féidir earraí leictreach ré-caite a thabhairt go chlós an chomharchumainn le linn
uaireanta oscailte an stóir ar na dátaí a leanas:
De Luain 24 Samhain
De Máirt 25 Samhain
De Céadaoin 26 Samhain. Má theastaítear éileamh a dhéanamh ar sheirbhís bhailiúcháin, is féidir teangbháil a dhéanamh leis an chomharchumann ag 074 9520533. Gearrfar táille de €10.00 le haghaidh na seirbhíse seo.

End-of-life electrical goods can be taken to an comharchumann yard during opening hours only, on the following dates:
Monday 24 November
Tuesday 25 November
Wednesday 26 November
A collection fee of €10.00 will apply to goods which are collected from households.
For Further Information: 074 9520533

14.11.08

Ceardlann Múirínithe Tí don Phobal-Community Composting Workshop

Beidh ceardlann múirínithe tí don phobal atá a reáchtáil ag Comharchumann Árainn Mhóir i gcomhair le Comhairle Chontae Dhún na nGall ar siúl san Ionad Fiontar ar an Mháirt, 18 Samhain 2008 ag 11.00a.m. Cuirfear fáilte roimh chách. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig an chomharchumainn: 074 9520533


Comharchumann Oileán Árainn Mhóir in conjunction with Donegal County Council, will host a community composting workshop at 11:00am on Tuesday 18th November 2008 in the Enterprise Centre. All welcome. For further information, telephone an comharchumann: 074 9520533.

12.11.08

Seolann An Taoiseach Leabhar Nua ar Fhíricí na Gaeilge

Rinne An Taoiseach, Brian Cowen, T.D., an leabhar 'More Facts About Irish' leis an scríbhneoir aitheanta Helen Ó Murchú a sheoladh go hoifigiúil an tseachtain seo caite i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Foilsithe ag Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, gheofar foinse shaibhir chruinneolais sa leabhar seo a bheidh thar a bheith áisiúil don léitheoir le spéis, don iriseoir, don mhac léinn agus do lucht polaitíochta agus polasaí.

Tá ocht gcinn de rannóga le fáil sa leabhar ar na hábhair seo: stair, cainteoirí an lae inniu, soláthar an Stáit don Ghaeilge, cúrsaí oideachais, an saol sóisialta, an saol gnó, an earnáil dheonach agus Tuaisceart Éireann. Is i mBéarla atá an leabhar scríofa le hachoimre dheiridh i nGaeilge. Cuimsíonn an t-ábhar táblaí agus léaráidí; an t-iomlán sin agus breis ar dhiosca ina theannta.

4.11.08

04.11.08 Fógraíonn Ó Cuív leithdháilte faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe is mó riamh

Ag oifigí Choimisiúin na hEorpa i mBaile Átha Cliath inniu, Dé Máirt 4ú Mí na Samhna, d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, leithdháilte maoinithe LEADER faoi Aiseanna 3 agus 4 den gClár nua um Fhorbairt Tuaithe 2007-2013.
Faoin gClár, cuirfear maoiniú de €425.4 milliún ar fáil, 55% ón Aontas Eorpach agus 45% ón Státchiste. Tá sé seo beagnach trí oiread an méid a bhí ar fáil sa Chlár deireanach (2000-2006), agus an pacáiste is mó riamh d’fhorbairt tuaithe. Dáilfear an maoiniú tríd na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta nua, d’fhonn tacú le forbairt leanúnach phobal tuaithe ar fud na hÉireann agus é a éascú. Tosóidh na tograí an mhí seo chugainn, Mí na Samhna 2008.
Leithdháilfidh gach ceann de na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta seo maoiniú ar ghrúpaí pobail agus ar dhaoine aonaracha i gceantair tuaithe don réimse gníomhaíochtaí atá le maoiniú faoin gclár seo. Tá na gníomhaíochtaí seo ilchineálach agus ina measc, tá éagsúlú isteach i ngníomhaíochtaí neamh-talmhaíocha, tacaíocht do chruthú gnó, spreagadh ghníomhaíochtaí turasóireachta, seirbhísí bunúsacha don gheilleagar agus do phobal na tuaithe, athnuachan sráidbhailte agus forbairt, caomhnú agus uasghrádú oidhreacht tuaithe agus oiliúint agus eolas.
“Tá lúcháir orm na leithdháilte a fhógairt inniu mar tá a fhios agam go bhfuil sibh uile ag dúil go mór le bhur gcláir a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. Ba mhaith liom an deis seo a thapú gach rath a ghuí ar an fhoireann agus ar Chathaoirligh nua na nGrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta leis an obair atá romhaibh,” a dúirt an tAire Ó Cuív.
“D’ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch a bhfuil an tír ag dul i ngleic leo, creidim go bhfuil deis mhór anois ann do cheantair tuaithe,” ar seisean. “Le huirbiú na sochaí ag méadú, tá suim athnuaite in áineas tuaithe, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfarraige agus táirgeadh dúchasach bia beag. Faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe seo, tá mé ag súil go gcuirfidh gach Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta plean soiléir i bhfeidhm le béim ar leith ar a bhfuil thuasluaite. Le cúig bliana anuas, chonaiceamar níos mó na dúbailt i méid na gcuairteoirí a thagann go hÉirinn le haghaidh áineasa tuaithe. Creidim gur féidir linn é seo a dhúbailt arís roimh 2013. Leis an gClár um Fhorbairt Tuaithe nua seo, i gcomhpháirt le cláir thábhachtacha eile atá á reáchtáil ag mo Roinn, mar shampla an Clár CLÁR agus an Scéim Sóisialta Tuaithe, tá mé cinnte de go bhfeicfimid forbairtí suntasacha agus cruthú inbhuanaithe post faoin tuath in Éirinn idir seo agus 2013.”

3.11.08

I dtreo neodracht ó thaobh carbóin de ar Oileáin Árann: Maoiníonn Ó Cuív agus Ryan fóras coincheapa do ghréasán fhuinneamh gaoithe/farraige

Ar Inis Meáin inniu, d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD agus an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamon Ryan TD, go bhfuil siad ag maoiniú an fhórais choincheapa do ghréasán cliste faoi thiomáint na gaoithe agus na farraige do sholáthar fuinnimh do leictreachas, teas agus iompar do phobail oileán. Díreoidh an staidéar seo, atá comh-choimisiúnaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann (FIÉ), ar Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe - Inis Mór (Árainn), Inis Meáin agus Inis Oírr - agus imscrúdóidh sé fosta feidhmiú féideartha na dteicneolaíochtaí agus na gcóras d’oileáin eile amach ón gcósta.
Faoi láthair, d’ainneoin go bhfuil feirm ghaoithe acu a bhfuil cumas aschurtha de 750kw, bíonn na hoileáin amach ón gcósta ag brath go mór ar an mórthír dá gcuid soláthair fuinnimh; soláthraítear leictreachas trí mheán cáblaí faoin bhfarraige agus caithfidh breoslaí le haghaidh iompair agus teasa a sheachadadh leis an mbád farantóireachta. D’fhéadfadh forbairt córas fuinnimh comhtháite faoi thiomáint na gaoithe agus na farraige, na hoileáin a dhéanamh féinchothaitheach maidir le soláthar fuinnimh, chruthódh sé poist, threiseodh sé an turasóireacht agus chuirfeadh sé eiseamláirí ar fáil fiú d’úsáid fheabhsaithe acmhainní nádúrtha d’oileán na hÉireann ar fad.
Cuimseoidh an staidéar:
Athbhreithniú ar úsáid reatha fuinnimh ar Oileáin Árann;
Meastachán ar acmhainní inrochtana gaoithe, tonn agus taoide;
Eiseamláirí féideartha a fhorbairt do chóras fuinnimh ag féachaint ar theaglamaí éagsúla fhuinnimh gaoithe agus farraige i gcomhthéacs thrí phríomhchuspóir: allmhairí fuinnimh íoslaghdaithe, astúcháin CO2 íoslaghdaithe agus costas íoslaghdaithe;
Tásc ar na deiseanna fostaíochta féideartha atá le gach sampla a mholtar;
Meastachán ar an gcumas macasamhlaithe don choincheap ar gach pobal oileáin ábhartha in Éirinn.
Meastar go gcríochnófar an staidéar laistigh de 9 go 12 mí ó dháta bhronnta an chonartha.
“Is céim spreagúil, réamhghníomhach chun tosaigh do na hoileáin é seo,” a dúirt an tAire Ó Cuív. “Creidim go mbeidh an staidéar nuálach seo an-suimiúil, do phobail oileáin agus mórthíre araon, a bhfuil a bhfís don todhchaí bunaithe ar choincheap fhuinneamh in-athnuaite saor ó iontaise. Tá ceann de na hacmhainní fuinnimh gaoithe agus farraige is láidre san Eoraip ag Éirinn agus ní mór dúinn na bealaí uile is féidir a scrúdú an úsáid is fearr a dhéanamh as acmhainní inbhuanaithe. Bheadh tairbhe mhór i gcóras fuinnimh féin-inbhuanaithe don gheilleagar ar Oileáin Árann agus d’fhéadfadh sé, leoga, eiseamláir a chur ar fáil d’úsáid ar fud na tíre agus i gcéin.”
Dúirt an tAire Ryan: “Os rud é go bhfuil Éire ag braith go láidir ar bhreosla iontaise iompórtáilte, ciallaíonn sé sin go bhfuil na billiúin Euro á gcur amach as an tír gan chúis. Dá bharr, táimid níos leochailí nuair a thagann sé chuig cúrsaí domhainde agus praghasanna neamhsheasta. Cé fáth go gcuirfimís airgead agus tionscal thar leár nuair is féidir linn é a chruthú anseo? Tá an tír seo agus na hOileáin Árann saibhir maidir le na hacmhainní nádúrtha in-athnuaite ghaoth agus fharraige. Tá deis ag na hoileáin anois a bheith chun tosaigh trína gcuid fuinneamh a thairgeadh go háitiúl agus postanna a chinntiú don todhchaí. Creidim go mbeidh an tionscnamh seo in ann fuinneamh glan a shóláthar do na hoileáin agus taispeánfaidh sé dúinn conas mar a chinnteoidh neamhspleachas fuinnimhe ár dtodhchaí.”
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcáipéis um chuireadh tairisceana, féach leat www.etenders.gov.ie

1.11.08

Vacancy - Community Development Officer, Rathlin Island

The Rathlin Development and Community Association committee wishes to
employ a community development worker to support it in implementing its
strategy for the long term sustainable development of the island.

This is a 5 year post with a starting salary of £26,718.
The closing date for applications is 14th November.
Interviews will be held on Rathlin on 24th November.

No CVs will be accepted.

For an application form please write, supplying your email address, to:

RDCA, Rathlin Resource Centre, Rathlin Island, BT54 6RT

30.10.08

Citizens Information Services

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
Citizens Information Services


Citizens Information provides information on all aspects of Public Services and entitlements for citizens in Ireland. They provide free, confidential, independent and impartial information to all and they produce a number of publications about your rights and entitlements. Citizens Information gathers information from various government departments and agencies, it makes sure that you have all the information you need and ensures that it is presented in an easy-to-understand way. A representative from the Citizens Information Centre will visit the offices of An Comharchumann beginning on Wednesday 5th November(on a monthly basis thereafter) from 10.45am to 12:45pm to respond to queries and offer assistance to individuals who may wish to avail of the services they provide. For further details, contact An Comharchumann: 074 9520533.

21.10.08

Disposal of End-of-Life Vehicles

Owners of end-of-life vehicles have an obligation to ensure that their vehicles are disposed of legally. Donegal County Council will impose fines on anyone who disposes of their vehicle(s) in an illegal manner. Vehicle owners can now avail of the disposal service by contacting Thomas Costello on 087 8608776. Vehicles can be collected from anywhere and they must be intact. A fee of €40.00 per vehicle will apply. Upon disposal, vehicle owners will be issued with an end-of-life certificate.

15.10.08

Clós Súgartha Árainn Mhóir

Uaireanta Oscailte/Opening Hours:

Deireadh Fómhair & Samhain 2008 11:00a.m. – 7:00 i.n.
October/November 11:00a.m. – 7:00 p.m.

Níl cead isteach sa chlós ach amháin le linn na n-uaireanta oscailte oifigiúla.
Admittance is permitted during official opening times only.

Tá aiseanna an chlóis súgartha oiriúnach do pháistí atá dhá bhliain déag d’aois nó níos óige na bhliain déag d’aois.
The playground facilities are suitable for children who are twelve years of age and under.

Go raibh maith agaibh as bhur gcomhoibriú.
Thank you for your co-operation.

14.10.08

'Na seirbhísí laethúla líne tosaigh a chosaint an phríomhthosaíocht don bhliain 2009'

Ráiteas ón Aire Ó Cuív agus ón Aire Stáit Curran ar fhoráil mhaoinithe na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don bhliain 2009

14ú D. Fómh. 2008
www.gelport.com


Is é an rud is mó is cás linn go ndéanfar gach iarracht chun a chinntiú go gcosnófar na seirbhísí laethúla líne tosaigh a sholáthraítear trí bhíthin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus go háirithe na seirbhísí sin a dhírítear ar riachtanais na bpobal is díothaí ó thaobh cúrsaí sóisialta de.

Déanfar laghduithe áirithe ar fhorchostais ionas go gcoinneofar an raon leathan seirbhísí a sholáthraímid, i gcomhpháirtíocht, sna pobail uirbeacha, Ghaeltachta agus oileán.

Déanfar laghdú 6% san iomlán ar mhaoiniú na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; laghdú 5% ar mhaoiniú reatha agus 8.5% ar mhaoiniú caipitil. Áirítear na réimsí seo a leanas ar na príomhréimsí:

Drugaí
Folaítear leis an Eur 8.1m de leithdháileadh caipitil don bhliain 2009 maoiniú i gcomhair Thionscnamh na nÁitreabh, ina bhforáiltear do riachtanais chóiríochta na dtionscadal ar dhrugaí bunaithe sa phobal. Áireofar An Tionscnamh Réigiúnach don Óige a fógraíodh níos túisce i mbliana faoi leithdháileadh na bliana 2009 chomh maith. Cuirfidh an tionscnamh seo maoiniú caipitil ar fáil chun áiseanna tiomnaithe don óige a fhorbairt i gceantair na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí nach gclúdaítear faoin gCiste Áiseanna agus Seirbhísí don Óige. Tá beagnach Eur 2.3m de thacaíocht á thabhairt do shé thionscadal déag faoin Tionscnamh seo agus cuirfear a bhformhór i bhfeidhm go céimneach i gcaitheamh na bliana seo chugainn. Maidir le maoiniú reatha is ar thionscadail agus ar thionscnaimh líne tosaigh atá bunaithe sa phobal agus a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha sna ceantair is mó a gcuireann fadhb na ndrugaí isteach orthu, a chosaint a bheidh ár n-aire dírithe.

An Clár Seirbhísí Pobail; An Scéim Shóisialta Tuaithe
Rinneadh foráil chun an líon daoine a bheidh ar an Scéim Shóisialta Tuaithe a choinneáil mar atá sa bhliain 2008.

Tacóidh an Eur50.85m i maoiniú faoin gClár Seirbhísí Pobail le 440 tionscadal measta sa bhliain 2009 agus beidh poist ar fáil do thart ar 2,100 duine faoi sin. Tá 355 tionscadal á maoiniú againn faoin gClár sin faoi láthair.

Tionscnaimh a Théann i nGleic le Míbhuntáiste Eacnamaíoch agus Sóisialta
Beifear ábalta leanúint le feidhmiú céimneach na dtionscadal i gceantair RAPID, i measc nithe eile, trí Eur 8m (+160%) a chur leis an bhforáil as Ciste na gCuntas Díomhaoin sa bhliain 2009 ar mhaithe leis na Tionscnaimh a Théann i nGleic le Míbhuntáiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Tacaí don Earnáil Phobail agus Dheonach
Tiocfaidh laghdú 14% ó Eur 26.047m sa bhliain 2008 go Eur22.3 milliún don bhliain 2009 air seo. Beidh athbhreithniú á dhéanamh i gcónaí againn mar sin féin ar na tionscnaimh go léir agus mar a deirim beidh muid dírithe ar sheirbhísí líne tosaigh a chosaint agus a laghad forchostas is is féidir é a bheith ann.


Forbairt tuaithe agus Coimisiún Forbartha an Iarthair
Bhí orainne sa Rialtas raon de chinntí deacra a ghlacadh ach ba é an cur chuige a bhí againn ná tabhairt faoi sin ar an mbealach ba mhó ba chothroime. Tá cinntí deacra i ndán dúinn go léir, go háirithe sa ghearrthéarma, ó tharla cúrsaí eacnamaíocha a bheith mar atá faoi láthair ach ní mór go gcoinneofaí ag tabhairt aire do na hearnálacha sa gheilleagar ina gcruthaítear poist. Ach beidh dea-scéala againn sa bhliain 2009 agus ó thaobh ceantair thuaithe de is é an dea-scéala go gcuirfear an Clár Náisiúnta Forbartha Tuaithe i bhfeidhm go céimneach. Is é an clár seo an clár is mó den sórt a ceapadh chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú agus chun an caighdeán saoil i gceantair thuaithe a fheabhsú. Cuireadh Eur 27m ar fáil don chlár seo don chéad bhliain eile.

Infreastruchtúr
Tuigimid gur gá leanúint le forbairt an infreastruchtúir. D’ainneoin go mbeidh laghdú beag ar mhaoiniú na bliana 2009 le hais mhaoiniú na bliana 2008, an maoiniú ba mhó fós, leanfaidh an Roinn uirthi ag forbairt infreastruchtúr CLÁR, RAPID, na n-oileán agus na Gaeltachta. Soláthrófar Eur 24.5m d’infreastruchtúr CLÁR agus RAPID agus Eur35m d’infreastruchtúr na Gaeltachta agus na n-oileán lena n-áirítear leanúint leis an tionscadal is mó riamh ar aon oileán an tionscadal in Árainn.

Údarás na Gaeltachta, An Ghaeltacht agus An Ghaeilge
D’ainneoin gur beag an laghdú a thiocfaidh ar mhaoiniú Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2009 - 7.5% - déanfar an laghdú sin a fhritháireamh leis an maoiniú breise atá á chur ar fáil dóibh faoi láthair sa bhliain 2008. Cuirfidh an leithdháileadh iomlán de Eur 37m don bhliain 2009 ar a gcumas leanúint lena gclár cuimsitheach forbartha.
Baineann gné shubstaintiúil maidir le comhoibriú Thuaidh-Theas le hobair na Roinne agus tá maoiniú an Fhorais Teanga agus Uiscebhealaí Éireann á choinneáil mar atá sa bhliain 2008 de bharr go bhfuil feidhm fhíorthábhachtach ag na forais seo i ndáil le caidreamh Thuaidh-Theas.

Dúirt an tAire Ó Cuív: 'Táim dóchasach leis an vóta iomlán de thart ar Eur 520m go mbeifear ábalta leanúint leis an obair an-chuimsitheach atá á déanamh ag an Roinn ach acmhainní a spriocdhíriú. Déanfar gach iarracht chun a chinntiú nach gcuirfidh an laghdú riachtanach sa mhaoiniú an chéad bhliain eile isteach ar sheirbhísí líne tosaigh.'

Seo mar a labhair an tAire Curran: 'Tá sé i gceist agam, ó tharla an laghdú atá tagtha ar na cistí a bheidh ar fáil ag an Roinn, díriú ar sholáthar seirbhísí líne tosaigh. Má chosnaítear na seirbhísí seo trí úsáid a bhaint as bearta éifeachtachta agus iad á bhforfheidhmiú ní bheidh ar phobail a bheith thíos le tionchar iomlán an laghdaithe sa mhaoiniú.'

10.10.08

An-tacaíocht léirithe ag Cowen don Ghaeilge

10ú Deireadh Fómhair 2008

Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge leis an Taoiseach, Brian Cowen, agus leis an Aire Éamon Ó Cuív i dTeach Laighean Dé Céadaoin, chun dul chun cinn na Gaeilge a phlé, go háirithe i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Phléigh Conradh na Gaeilge cúrsaí oideachais, dlí agus eile leis an Taoiseach agus leis an Aire. D'éiligh siad go gcuirfeadh an Roinn Oideachais deireadh leis an bhfeachtas díobhálach in aghaidh an luath-thumoideachais iomláin agus d’iarr go mbeadh billí Oireachtais i nGaeilge os comhair na Dála,.
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 'Cruinniú an-dearfach a bhí ann agus is cúis mhór dóchais dúinn gur léirigh an Taoiseach an oiread sin spéise i moladh an Chonartha go gcaithfeadh ábhar oidí tréimhse sa Ghaeltacht ag tús a gcúrsa oiliúna, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas.
'Creideann an Conradh go bhfuil cúrsaí oideachais ag croílár chur chun cinn na teanga agus gur gá tacaíocht a bheith ag an luath-thumoideachas iomlán sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nó go scriosfar a bhfuil fágtha den Ghaeltacht, ó tá dearcadh reatha na Roinne Oideachais ina bhac díobhálach ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin.'
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: 'Mar a pléadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí, tá sé den tábhacht go ndéanfaí an Straitéis 20 Bliain a chomhordú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach tras-rannach tríd an roinn is fearr chun é sin a chur i gcrích, is é sin Roinn an Taoisigh.
'Ní fiú faic an Straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í, ach is ábhar misnigh don Chonradh go bhfuil an Taoiseach reatha chomh tiomanta don teanga, agus tá dóchas á chur againn ann go ndéanfaidh sé beart de réir bhriathar na Straitéise i gcomhar leis an Aire Gaeltachta, amach anseo.'
Ba iad Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta, agus Donnchadha Ó hAodha, Dáil na Mumhan a bhí sa toscaireacht a bhuail leis an Taoiseach Brian Cowen agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

www.nuacht.com

9.10.08

Ionad Teampall Chróine - Access Course

Calling all Adult Learners
Information evening Thursday 9th October at 7.30pm in Ionad Teampall Chróine, Chapel Road Dungloe.

Calling all Adults who may be interested in completing the Access Course in their own area as an outreach programme from LYIT. An information session will be held in Ionad Teampall Chróine on Thursday 9th October 2008 at 7.30pm. Come along to the information evening and decide if this course is for you. It is an opportunity to complete a course in your local area and may lead to opportunities you never dreamt of.


Access Course for School Leavers &
Mature Students

The Access Course is suitable for both recent school-leavers and adults who wish to proceed to third level courses at the seven institutions involved – Dundalk I.T, Athlone IT, Letterkenny I.T, GMIT, NUI Maynooth, NUI Galway & St. Angela’s College, Sligo. It is designed specifically for those who may have been unable or prevented previously from progressing into third level courses for a variety of reasons, including long-term unemployment, low income or other personal or family circumstances. There is a possibility of the course running on a daytime basis one day a week subject to demand.

Please contact us for further information or just arrive on the night.

Ionad Teampall Chróine
Bóthar An tSéipéil
An Clochan Liath
Co. Dhún na nGall

074-95-22198

8.10.08

Autumn 08 - Spring 09 Holiday Village Rates

Arranmore Holiday Village letting rates valid for Autumn 08 and Spring 09, can be accesed at the following link:

www.arranmoreco-op.com/ArranmoreHolidayVillage.htm

For enquiries and bookings, please contact Sinéad Uí Bhaoill. 074 9520533
comharchumann@oileanarainnmhoir.com

Spás Fiontraíochta, Oileán Árainn Mhóir

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó pháirtithe a mbeadh suim acu an tIonad Fiontraíochta, 418 méadar cearnach ar Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall, a ghlacadh ar léas. Bheadh muid ag súil go nglacfaí an foirgneamh ar léas do chuspóirí forbartha gnó nó tráchtála nó cibé úsáid eile a bheadh ag teacht le feidhmeanna an Údaráis.
Ba chóir eolas a thabhairt faoi chúlra an tionscnóra, faoin fhorbairt agus faoin fhostaíocht atá beartaithe.

Is féidir an Ionad Fiontraíochta a fheiceáil agus a scrúdú, nó tuilleadh eolais a fháil ina leith, ach teagmháil a dhéanamh le:

Micheal Mac Giolla Easbuig
Údarás na Gaeltachta
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Teil: 074 95 60100
Ríomhphost: mmge@udaras.ie

Rannaigh Pier – Update

Progress to date:

Doring Consulting have been appointed as consultants for the commission.

Preliminary Report: Assessment Complete.

Pre-qualification of suitable contractors: Questionnaires received on 16/9/2008 currently being assessed.

Contract Documentation: 80% complete.

Tender Process: Tender documents for 30M pier and 80M breakwater to be sent by end Oct 08 to select list of contractors, subject to consent of Roinn. Receive tenders by end of November. Assessment of tenders and recommendations by end 2008.

Construction Phase: Contractor to be appointed at beginning of 2009, subject to funding being approved. Anticipated start date – Spring 2009.

7.10.08

Official Opening of Arranmore Playground - Donegal County Council Press Release

Donegal County Council Press Release can be accessed at following link:
www.donegalcoco.ie/council/press/September-08/pressarranmoreplayground.htm


The playground project on Arranmore was jointly funded by Donegal County Council & An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta (€35000+€35000)

The playground site and the adjacant carparking facilities have been donated by Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo.  Preparation works to the carpark prior to resurfacing works were completed on a voluntary basis. The resurfacing of the carpark was jointly funded by Donegal County Council & An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta. (€5000+€5000)

Subsequent improvement works to the grounds surrounding the playground and legal fees have been funded by Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo. Ongoing caretaking and maintenance is carried out by Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo.

A donation of €1365.00 towards the project was generously provided by visitors from Beaver Island.

6.10.08

Disposal of End-of-Life Vehicles

Owners of end-of-life vehicles can arrange for the removal and disposal of vehicles with Dungloe Car Breakers.
It should be noted:-
Vehicles can be taken to Burtonport where Dungloe Car Breakers will collect at no charge. Alternatively, should a minimum of 4 individuals decide to organize a removal, DCB will come to the island to collect the vehicles. Car owners are responsible for ferry charges. Following disposal, each owner will be provided with a Certificate of Destruction. For further information, contact Martin O'Donnell on 087 6167807.

3.10.08

Timirí ag teastáil a deir an Conradh

3 Deireadh Fómhair 2008

www.nuacht.com

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh acmhainní le timirí teanga a fhostú i ngach contae sa tír chun pleanáil don Ghaeilge 'ar bhonn eagraithe agus cuimsitheach a chomhordú go náisiúnta.'

Ag Ard-Fheis an Chonartha, an deireadh seachtaine seo caite, mhol Craobh na hInse go gcuirfeadh Foras na Gaeilge deontas airgid EUR 80,000 ar fáil do gach contae chun timire lánaimseartha a fhostú, agus d'éiligh Craobh Mhaigh Cuilinn go gcuirfeadh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dlús leis an scéim faoina raibh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil chun Feidhmeannaigh Teanga a fhostú sna pobail Ghaeltachta.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge 2005-2008, nach raibh 'dóthain timirí ag an gConradh a thacódh le craobhacha ar fud na tíre a dhéanfadh comhdhlúthú ar ár gcuidne iarrachtaí mar eagraíocht náisiúnta chun pleanáil i gceart do chur chun cinn na teanga.'

'Éiríonn leis an gConradh míorúiltí a bhaint amach ach ceal acmhainní, ní bhíonn leanúnachas ann agus braitheann ár gcuid oibre i bhfad an iomarca ar iarrachtaí agus ar íobairtí aonair, rud nach dtéann chun leasa an Chonartha ná chun leasa ghluaiseacht na Gaeilge.'

Dúirt Uachtaráin nuathofa an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa, go mbeadh sé ag dul ar cuairt ar chraobhacha an Chonartha fud fad na tíre sa bhliain amach romhainn 'chun obair i gcomhair leis an bpobal áitiúil chun an eagraíocht agus an Ghaeilge a chothú ón talamh aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá an Conradh ag brath ar thacaíocht an phobail le seasamh a ghlacadh in aghaidh naimhde na teanga sa státchóras.'

2.10.08

Craobh do Chonradh na Gaeilge bunaithe ag Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

Tá craobh do Chonradh na Gaeilge bunaithe ag Fo-choiste na Gaeilge, Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo.

Baill na Craoibhe:
Sharon Uí Dhónaill
Seán Ó Baoill
Proinsias Ó Cnáimhsí
Seán Mac Eachmharcaigh
Máire Sammy Uí Ghallchóir
Daniella Uí Fhéaraigh
Nóirín Uí Mhaoldomnaigh

Conradh na Gaeilge


Aidhm na hEagraíochta
Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta

Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile:
(a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;
(b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;
(c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;
(d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;
(e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;
(f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú;
(g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge
(h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;
(i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht,
comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.

Household Hazardous Waste Collection

Cleaning agents, including bleaches, waste medicines, batteries, antifreeze, herbicides, weed killers, pesticides, adhesives, old paints, paint stripper, aerosols, inks, waste oils.

Please bring items to: Dungloe, Shore Car Park. From 9.:00am to 12:00 noon on Saturday October 11th 2008.
Further information, contact the environment section, Donegal County Council, 074 9172257

Community Composting Workshop

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir intends to host a community composting workshop in conjunction with Suzanne Tinney, Donegal County Council Waste Awareness Officer. Further information and date of workshop will be posted in due course.

Tax Relief on Bin Charges

You can claim tax relief on the bin charges you pay each year. Tax can be reclaimed on annual charges and pre-paid tags, receipts are not necessary. To make your claim, call into your local Revenue Office or Lo call 1890 777 425 and quote your PPS Number.

Scéim Fostaíochta Pobail - Community Employment Scheme

Tá Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo ag lorg léirithe suime ó dhaoine ar mhian leo bheith páirteach sa Scéim Fostaíochta Pobail. Is féidir suim a léiriú/tuilleadh eolais a fháil i dtaca le coinníollacha na scéime ach teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann. Cuirfear tús leis an scéim i mí Mhárta 2009. 074 9520533

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir is seeking expressions of interest from interested parties in the Community Employment Scheme. To register your interest or to obtain further information regarding eligibility please contact an comharchumann. Commencement date of scheme: March 2009. 074 9520533

Scéim Shóisialta na Tuaithe/Rural Social Scheme

Tá Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo ag lorg léirithe suime sa Scéim Shóisialta Tuaithe.
Le bheith rannpháirteach sa SST ní mór duit na critéir atá leagtha amach thíos a shásamh:
Bheith ag fáil cúnamh feirme
Bheith i d’fheirmeoir féinfhostaithe le tréaduimhir reatha
Bheith i d’iascaire féinfhostaithe le ceadúnas iascaireachta
Ní mór d’iarrthóirí a bheith i dteidil íocaíocht de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh.
Más mian leat suim a léiriú sa scéim nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an chomharchumann ag 074 950533.

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir is seeking expressions of interest in the Rural Social Scheme.
To be eligible to participate in the RSS, applicants must meet the following criteria:
Be in receipt of Farm Assist
Be a self-employed farmer with a herd or flock number
Be a self employed fisherman with a fishing licence
In addition to the above, participants must be in receipt of one of the qualifying payment(s) from the Department of Social & Family Affairs. To obtain further information or to register your interest in this scheme contact An Comharchumann on
074 9520533.

1.10.08

Arranmore Island Refuse Collection

The following communication from Donegal County Council is distributed by Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo on behalf of Donegal County Council.

Increase in Waste Collection Charges

As you are aware, Donegal County Council has arranged with Sharkey Waste Disposal to provide a waste collection service for Arranmore Island. This service has been running successfully since June 2007.

We wish to inform you that the charges for this service will increase, with effect from 1st October 2008. The new charges will be as follows:

• Bags – The special refuse bags will increase to €4.50.

• Bin Labels – The special labels will increase to €7.50.

You should note that these charges will remain in place until the end of 2009, at which time they will be reviewed.


Bags and labels can be purchased from the following outlets:

• Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo;
• Phil Bán’s Shop.
• Neil Gallagher’s Shop

Note: Only waste that is presented in the red Sharkey Waste Disposal bags or in 240-litre wheelie bins with the proper label attached will be collected.

Any queries regarding the service should be referred to –

• Sharkey Waste Disposal, Tel: 074 9548229 or 087 2364960, or

• Environment Office, Donegal County Council, Tel: 074 9172255.

Time and Frequency of Collection

The collection will continue to take place on Friday mornings.

The service will be provided fortnightly, except for the months of July and August, when the collection will be weekly.


Other Waste


You are reminded that the each householder and business is responsible for waste arising in their homes or on their premises.

Those with large volumes of waste that cannot be accommodated in the normal collection service, such as construction and demolition waste, must have it removed by a permitted waste collector. The Council can provide a list of permitted collectors/skip hire companies on request.

You should also note that Sharkey Waste Disposal is considering the introduction of a service for bulky wastes, such as items of furniture. Details of this service will be available shortly.


Illegal Waste Disposal

Anyone found responsible for the illegal disposal of waste will be prosecuted.

30.9.08

Eagrais Ghaeilge slán ón tua de réir an Fhorais

30ú Meán Fómhair 2008
www.nuacht.com
Tuairisceoir Lá Nua


Amhras caite ar thuairimíocht go gcaithfear eagrais Ghaeilge i gcártaí san cháinaisnéis

Tá Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge muiníneach nach leagfar tua ar eagraíochtaí teanga timpeall na tíre de bharr an chiorraithe caiteachais atá beartaithe ag an rialtas.
Dúirt an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tús na míosa gur shíl sé go raibh an-iomarca eagraíochtaí Gaeilge ann, agus tá tuairimíocht sna meáin faoi láthair go gcaithfear eagraíochtaí Gaeilge i gcártaí ar mhaithe le hairgead a shábháil i ndiaidh na cáinaisnéise ar 14 Deireadh Fómhair.
Dúirt urlabhraí an Fhorais go raibh athbhreithniú ar bun acu i láthair na huaire ar an maoiniú a chuireann siad ar fáil do 19 eagras Gaeilge ar leith, ach nach raibh sé seo ar bun de bharr na ndeacrachtaí reatha atá ag an státchiste.
'Níor chóir go mbeadh na heagrais buartha faoin athbhreithni; tá muid ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil luach ár gcuid airgid á fháil againn agus cinntiú go bhfuil an earnáil ag feidhmiú chomh maith agus is féidir léi,' arsa Breandán Mac Craith.
Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh an t-athbhreithniú críochnaithe roimh dheireadh 2009 agus nach raibh an Foras ag súil go ndéanfaí athruithe ar líon na n-eagraíochtaí sula raibh an próiseas críochnaithe.
Dúirt sé freisin go raibh buiséad de E21 milliún ag an bhForas i mbliana ach go raibh arduithe maoinithe faoi bhun an ráta boilscithe faighte acu ón Rialtas le blianta beaga anuas.
Chaith Ardrunaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, amhras ar an tuairimíocht go ndúnfar eagraíochtaí Gaeilge i ndiaidh na cáinaisnéise crua atá le teacht ón Aire Airgeadais Brian Lenihan i gceann coicíse.
'Tá an t-athbhreithniú seo ar bun faoi láthair agus ní dhéanfadh sé aon chiall gearradh siar a dhéanamh ar líon na n-eagraíochtaí agus é fós ar siúl agus gan an straitéis teanga 20 bliain réidh go fóill.
'Bheadh sé deacair buiséad na Gaeilge a laghdú sa cháinaisnéis de bharr nár ardaíodh é le blianta beaga anuas, go háirithe i gcomhthéacs an ardaithe a fuair an Chomhairle Ealaíon, mar shampla.'
Dúirt Leas-Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, go raibh sé 'fíorshimplí a rá go bhfuil an-iomarca eagraíochtaí ann ach tá na cinn ar fad atá ann faoi láthair i mbun oibre.
'Má tá ciorrú le déanamh beidh gach réimse san áireamh, ach ag an am céanna bheifeá ag súil go mbeadh ciall ag an rialtas agus nach mbainfidís an bonn ó aon earnáil ar leith leis an gciorrú,' ar seisean.
Mhaígh an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nach raibh sí 'in ann aon rud a rá ag an bpointe seo faoi céard a bheidh, nó a d'fhéadfadh a bheith, nó nach mbeidh sa cháinaisnéis,' i dtaobh an Fhorais.

27.9.08

Seirbhís Farantóireachta Árainn (Inis Mór)

www.gaelport.com
26ú M. Fómh. 2008
Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil sé aontaithe leis an gcomhlacht farantóireachta, Island Ferries Teo, go dtiocfaidh athruithe i bhfeidhm ar an gclár-ama do na seirbhísí foirdheonaithe ó 1 Samhain 2008. Tógann na hathruithe seo iarratais éagsúla atá déanta ag pobal an oileáin san áireamh.

Is iad príomhghnéithe an amchláir ná:
- Bád ag fágáil Árann gach Luan ar 7.00 r.n. agus ag 8.30 r.n. gach lá eile, Máirt go Domhnach.
- Bád ag fágáil Ros an Mhíl gach lá den tseachtain ar 10.30 r.n. agus ag fágáil Árann gach lá ag 5.00 i.n.
- Bád ag fágáil Ros an Mhíl ag 7.00 i.n. gach tráthnóna Aoine (go dtí Meitheamh 2009) agus ag 6.30 i.n. gach tráthnóna eile den tseachtain.

Beidh seirbhís iompair go Gaillimh curtha ar fáil i gcomhar gach seribhíse.
Déanfar athbhreithniú ar sheirbhís an Luain (7.00 r.n.) tar éis dhá mhí.

Cuirfidh an Roinn fáilte roimh thuairimí phobal an oileáin maidir leis an amchlár seo i scribhínn nó ar ríomhphost chuig soflatharta@pobail.ie
roimh 17 Deireadh Fómhair 2008.

Dara háit bronnta ar Chlub Óige Árainn Mhóir - Second Place Awarded to Club Óige Árainn Mhóir

Comhghairdeas do Chlub Óige Árainn Mhóir a fuair an dara háit sa Better Ireland Programme. Bronnadh duais airgid de €463.00 ar an Chlub Óige i mí Iúil 2008. Buíochas do gach duine a thacaigh leis an Chlub le linn an chomórtas.

Congratulations to Club Óige Árainn Mhóir which came second place in the Better Ireland Programme. The Club Óige was awarded prize money totalling €463.00 in July 2008. Thank you to all who supported the Club during the competition!

25.9.08

Earraí Bána Ré-caite - End-of-life White Goods

Tá an comharchumann ag eagrú bhailiúcháin d’earraí bána ré-caite. Má theastaítear éileamh a dhéanamh ar an tseirbhís seo, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann agus cuirfear tú ar an eolas maidir leis an dáta, na tailli bailithe agus na hamanna gur féidir earraí a fhágáil ag chlós an chomharchumainn.
074 9520533

An comharchumann is organising a collection of end-of-life white goods. Anyone wishing to avail of this service should contact an comharchumann for details of dates, collection fees and times when goods can be brought to an comharchumann yard.
074 9520533

Refuse Collection Charges - Táillí Bailithe Dramhaíola

Tá sé tugtha le fios don chomharchumann go mbeidh táillí na seirbhíse bailithe dramhaíola ag ardú ag tús mí Dheireadh Fómhair. Tá sé i gceist ag an Chomhairle Chontae táillí malaí a ardú go €4.50 agus táillí na dticéid a ardú go €7.50. Beidh comhfhreagras ón Chomhairle Chontae á dháileadh ar an phobal le linn na seachtaine seo chugainn.

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir has been informed by the County Council that the garbage collection fees will be increased from the beginning of October. The fees for refuse bags will increase to €4.50. Refuse ticket fees will increase to €7.50. Correspondence from Donegal County Council will be issued to householders next week.

24.9.08

Donegal News on Friday - Coverage from the islands

From: Sean Feeny [mailto:s.feeny@donegalnews.com]
Sent: 24 September 2008 15:58
To: arranmoreco.op@indigo.ie
Subject: new island note email address

I was hoping that you could spread the word that I have set up a new email address, solely dedicated to news from the islands for our upcoming comprehensive coverage of news for all our island in Donegal in our new compact format of the Donegal News on Friday. This email will be of interest for people who would like to get information into this section specifically on islands news and I would appreciate it so much if you could pass on this information and I'll look forward to getting lots of emails on news and events from the islands.

The address is simply:

islandnotes@donegalnews.com


Best Wishes

Seán Feeny

20.9.08

Slí Árainn Mhóir/Arranmore Waymarked Way

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo, in conjunction with Donegal County Council carry out upgrading and maintainenance works on the Waymarked Walking Routes on Oileán Árainn Mhóir.

The existing marked walk around Oileán Árainn Mhóir is sign posted as Slí Árainn Mhóir (part of Bealach na Gaeltachta which is a National Waymarked Way) and begins and ends at the Ferry port. The views in all directions along the walk are stunning and
the western half of the route is particularly remote.

Guide map of Slí Árainn Mhóir:
www.oileanarainnmhoir.com/classified/arranmorewalkingroutes.pdf

Distance: Approximately 14 kms
Time: 4 - 5 hours
Terrain: Quiet roads, rough track,
Grading: Moderate

Please note: Although the route is graded only moderate, it can be isolated in places, appropriate clothing and footwear should be worn, and consideration given to weather conditions likely to be
encountered.

For further information:
Further information regarding walking on Oileán Árainn Mhóir, can be obtained by contacting the Arranmore Island Development Co-op
on 074 9520533/9520995.

For general information on walking in County Donegal, contact Fáilte Ireland North West on 074 9121160 or visit www.walkingdonegal.ie or
www.donegal.ie

Bealach na Gaeltachta/The Gaeltacht Way /Slí na Rosann

Tá forbairt déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta ar chiansiúlóidí i nGaeltacht Dhún na nGall agus na hoileáin de réir caighdeán náisiúnta an ‘National Waymarked Ways Advisory Committee’. Tá gach siúlóid 40-50 km ar fhad agus tá ceangal idir triúr de na siúlóidí. Leanann Slí na Rosann cosáin agus bealaí cois na farraige agus amuigh faoin tuath. Tá píosaí de Shlí na Finne agus Slí Cholmchille nach bhfuil ar bhealach ar bith ach ag trasnú cnoic ar thalamh portaigh. Tá radharcanna áilne den chontae le feiceáil ó na siúlóidí seo uilig.

Bealach na Gaeltachta, Dún na nGall is a set of long distance walking routes which have been developed as a national Waymarked Way by Donegal County Council and Údarás na Gaeltachta in association with Bord Fáilte. These routes have been developed in the Donegal Gaeltacht and islands. A total of 290 kms provides the walker with many opportunities to sample the unique landscape, culture and heritage of the region.

There are four primary circular routes. Three of the routes are linked by a walk. Slí an Earagail and Slí na Rossan have links to nearby islands where waymarked walks have also been developed.

Most sections of Slí an Earagail and Slí na Rosann follow tracks or minor roads. Parts of Slí na Finne and Slí Cholmcille cross upland or bogland areas with no path but provide excellent landscape and seascape views.

National Trails Day, Oileán Árainn Mhóir








National Trails Day Event , Arranmore, 28 September 2008
Lá Náisiúnta na gCosán

This September will see the first ever event of its kind taking place across the country with everyone being encouraged to be a part of it - get out and hit the trail!

This is the first National Trails Day to be organised in Ireland and everyone is being encouraged to get out and enjoy the huge range of trails available across the country.
From walking, mountain biking, a casual stroll or a vigorous hike, National Trails Day will see events being organised around the country, to create an awareness of the trail network that is provided by many organisations free for all to enjoy.

Further Information:www.nationaltrailsday.ie/donegal.html
& Comharchumann Oileán Árainn Mhóir 074 9520533

Arranmore Island Development Plan

RTE NEWS COVERAGE OF LAUNCH
www.rte.ie/news/2008/0912/arranmore.html
Arranmore Development Plan Launched

Eileen Magnier
The people of Arranmore Island off the coast of Donegal have launched a new development plan for the island. Residents of Ireland's second most populated island have warned that unless co-ordinated action is taken at all levels then Arranmore's future looks very much like its past.

The plan highlights the positive assets of the island including its natural beauty and the progress made in areas like waste management. However, it also highlights a number of serious problems including its declining population, high unemployment and a decline in the Irish language. There has been a steady fall in the population which now stands at 522 with most young people leaving as soon as they can for further education and better job opportunities. A quarter of islanders are unemployed and there is 56% male unemployment. Traditional fishing and agriculture have declined significantly. The age profile of islanders is increasing and there is a high dependency on social welfare and other state supports.

The level of fluency in the Irish language has dropped to 55% but the island's Co-op says there is great interest in the community in making Irish the main language of the island once again and they hope to employ an Irish officer to progress that.

The plan launched today, is described as a road-map for the future of the island which islanders themselves want to be part of implementing but they say they also need State support to make the plan a reality. They have identified nine areas to be addressed including the development of tourism and renewable energy projects and support for fishing and agriculture. Islanders say support is needed from State agencies to achieve their plan and Údaras na Gaeltachta Chairman Liam O'Cuinneagáin said he is optimistic the government will give its support. He said it is particularly important at times like this that we focus on creating employment and encouraging entrepreneurship.

19.9.08

Tidy Towns 2008

Endeavour Award for Oileán Árainn Mhóir in Tidy Towns 2008

The efforts of Oileán Árainn Mhóir to improve on 2007 scores in the Tidy Towns Competition have been recognised in the 2008 Tidy Towns results. Oileán Árainn Mhóir has been awarded an Endeavour Award of €1000.00 for this years efforts in the competition. Árainn Mhór was awarded 218 points, an improvement of 6.86% on the points awarded for the 2007 entry. The competition was entered by Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo and judging took place at the end of July 2008.

Well done to all concerned for their continued efforts!

Ranganna Gaeilge - Irish Classes

Irish Classes - Ranganna Gaeilge

Venue/Ionad:An Chultúrlann, Fál a’ Ghabhann

Date of commencement/Dáta tosaithe: Meán Fómhair 2008/September 2008

Duration of course/Tréimhse an chúrsa 10 seachtainí/weeks
Levels/Leibhéil:Glantosaitheoirí & daoine le roinnt Gaeilge/Beginners & Intermediate Levels
Fee/Táille:€40.00

Cáilíocht/Qualification: Beidh deis agat cáilíocht atá aitheanta ar fud na hEorpa a bhaint amach duit féin.  You will have the opportunity to obtain a European qualification.

Registration/Further information contact/Clárú/tuilleadh eolais déan teagmháil le: Oifig an Chomharchumainn 074 9520533/9520995

Further Information/Tuilleadh Eolais: 
Gaeilge 2010.  www.udaras.ie
Teastas na hEorpa. www.teg.ie

5 Year Development Plan Launched


COMHARCHUMANN OILEÁN ÁRAINN MHÓIR TEO LAUNCHES 5 YEAR STRATEGIC DEVELOPMENT PLAN FOR ARRANMORE ISLAND

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo presented its five-year strategic development plan for Arranmore Island on Friday 12th September 2008. The plan was launched by Liam Ó Cuinneagáin, Chairman, Údarás na Gaeltachta in the Arranmore Enterprise Centre at 1:15pm.

The island development plan, which was compiled by planning and development consultants Canavan Associates Ltd., aims to tackle some of the issues highlighted in the earlier socio-economic survey of the island community in 2006. This new plan updates the 1994 – 1999 island development plan, also prepared by Canavan Associates, from which many worthwhile community initiatives on the island got their start. The plan was generously supported by Údarás na Gaeltachta.

The 2008 plan looks at changes on the island since the last development plan, what has been achieved, the challenges facing the island, and opportunities for future development. Delivering the Plan effectively will require a partnership approach among members of the island community, An Comharchumann and supporting agencies. It is essential that all these partners share the plan's vision and communicate with one another to achieve the actions set out.

For further information contact:
Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh/Seán Mac Eachmharcaigh
Foireann Bainistíochta an Phlean
Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
074 9520533

Download English copy of Arranmore Development Plan:
http://www.arranmoreco-op.com/Documents.htm

Ioslódáil Leagan Gaeilge do Phlean Forbartha Oileán Arainn Mhóir: http://www.oileanarainnmhoir.com/Documents.htm

17.9.08

EU announces review of fisheries policy

"50 Footers" Leabgarrow Moorings, Arranmore Island in the 1980s.

© 2008 irishtimes.com
17 September 2008

The European Commission has announced a full-scale review of EU fisheries policy, saying current rules were doing little to curb overfishing, quota busting and other illegal fishing practices.

EU fisheries policy was last reformed in 2002 and is due for review by 2012 at the latest. While much had improved since 2002 - much stricter controls on illegal fishing, for example - there were many shortcomings, the European Commission said.

Short-term decision-making coupled with irresponsible behaviour by certain parts of the fishing industry in the European Union had penalised those fishermen acting for the common good, it said.

The result was a vicious circle that undermined both the ecological balance of the oceans and the economic profitability of the fisheries sector, it said in a statement.

Many species - cod and hake, for example - are depleted in certain EU waters due to years of chronic overfishing, exacerbated by poor controls and fines that, until recently, were not set high enough to deter lawbreakers.

"In its current form, the CFP (Common Fisheries Policy) does not encourage responsible behaviour by either fishermen or politicians," EU Fisheries Commissioner Joe Borg said.

"The management tools we use reward narrow-minded, short-term decision-making, which has now undermined the sustainability of our fisheries," he said in the statement.

In May, the Commission signalled all was not well in the fisheries sector when it issued a policy statement changing the basis for calculating its proposed fish catch volumes for 2009 and said 88 percent of EU fish stocks were overexploited.

That huge number compared with 80 percent at the same stage last year and a global average of just 25 percent, it said. The stocks situation was "alarming" and bold action was needed.

Europe's share of fish products from domestic resources had also fallen from 75 per cent in the early 1970s to 40 per cent now as it depended more and more on imports, it said.

Scientists say that unless fishing is curbed, or in some cases stopped altogether, many species in EU waters risk extinction. Cod is a prime example, especially in the North Sea and off the west coast of Scotland.

But the Commission usually shies from proposing outright fishing bans or a "zero catch", fearful of the economic impact it would have on small coastal communities that depend on fishing for their livelihood.

In any case, if the Commission does suggest quota cuts, they usually get diluted down by EU ministers who have to agree the final numbers before the next year's quotas enter into force.

3.9.08

Ceadaíonn Ó Cuív Eur 13,619 do Chumann Peile Árainn Mhór Aontaithe

Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de Eur13,619 ina iomláine ceadaithe aige chun cur ar chumas Cumann Peile Árainn Mhór Aontaithe obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar an seastán, na leithris agus díon nua a chur ar an áit stórála ar pháirc pheile Aontaithe Árainn Mhór.

Tá deontas de Eur11,349 á cheadú faoin Scéim Feabhsúcháin agus deontas Eur 2,270 faoin Scéim CLÁR.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire go raibh áthas an domhain air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil don chumann agus don oileán seo, mar go gcuirfidh sé go mór leis na háiseanna caitheamh aimsire do mhuintir an oileáin agus don aos óg ach go háirithe.

1.9.08

Cuireadh: Seoladh Plean Forbartha. Invitation: Launch of Development Plan

Cuireadh: Seoladh Oifigiúil Plean Forbartha Oileán Árainn Mhóir

Invitation: Launch of Arranmore Island Development Plan


Tugann Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo cuireadh do phobal Árainn Mhóir bheith i láthair nuair a sheolfaidh Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Plean Forbartha Oileán Árainn Mhóir 2008-2013 in Ionad Fiontraíochta Árainn Mhóir ar an Aoine, 12 Meán Fómhair 2008, ag 1:15i.n.

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo invites all members of the community to attend the launch of the Arranmore Island Development Plan 2008-2013. The plan will be officially launched by Liam Ó Cuinneagáin, Chairman, Údarás na Gaeltachta, in the Arranmore Enterprise Centre on Friday, 12 September 2008 at 1:15p.m.

10.8.08

Cuireadh- Invitation to Official Opening of Playground

Cuireadh
Tugann Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo cuireadh do phobal an oileáin freastal ar Oscailt Oifigiúil agus Beannú an Ionad Súgartha Árainn Mhóir in Ionad Cultúrtha Árainn Mhóir leis
An Cllr Seosamh Ó Ceallaigh, Cathaoirleach Coiste Toghcheantar na nGleanntaí, Comhairle Chontae Dhún na nGall.

Dáta: Dé hAoine, 5ú Meán Fómhair 2008 ag 2.00 i.n.

Invitaion

Donegal County Council and Comharchumann Oileán Árainn Mhóir invite the community of Arranmore to the Blessing followed by the Official Opening of the Arranmore Playground, by Cllr Joe Kelly, Chairman, Glenties Electorate Area, Donegal County Council.

Date: Friday 5th September 2008 at 2.00pm.

16.7.08

Stadas Saor ó Cháin á lorg do na hoileáin

www.udaras.ie
06 Iúil 2008

Tá aighneacht seolta ag Údarás na Gaeltachta chuig an gCoimisiún Chánachais ag moladh dreasachtaí speisialta cánach do na hoileáin amach ó chósta na hÉireann.

Tá na moltaí bunaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur chun cinn ar na hoileáin agus daoine a mhealladh le fanacht air nó le haistriú chuig na hoileáin mar thoradh air seo. Sa scéim phíolótach atá molta ag an Údarás, tá scéim faoina mbeadh díolúine ar cháin ioncaim le fáil ag daoine aonaracha a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin, i.e. daoine a bhfuil a bpríomháit chónaithe phríobháideach ar na hoileáin agus atá (a) ag saothrú ioncaim ó fhostaíocht ar na hoileáin nó ar an mórthír nó (b) atá i mbun gnó ar na hoileáin go príomha. Bheadh tairseach an díolúine cánach atá molta ag baint le huas-ioncam bliantúil de €100,000 agus bheadh an díolúine i bhfeidhm ar feadh tréimhse cánach deich mbliana. Bheadh an díolúine i bhfeidhm do ghnóthaí nua agus reatha araon atá ar na hoileáin.

Tá sé molta ag an Údarás chomh maith go mbeadh 100% de liúntas caipitil/díscríobh dímheasa ar fáil i gcoinne aon ioncam neamhdhíolmhaithe i gcás aon trealamh nó foirgnimh a chuirfí ar fáil d’úsáid ghnó agus liúntas cánach de chineál BES a bheith ar fáil d’infheisteoirí a infheistíonn caipiteal in aon ghnó atá lonnaithe ar na hoileáin. Tá sé molta acu chomh maith go gcuirfí i bhfeidhm scéim aisíocaíochta CBL (Cáin Bhreisluacha) faoina bhféadfadh gníomhaíochtaí pobalbhunaithe, a mbeadh caiteachas caipitil orthu d’fhoirgnimh nó d’athchóiriú, aisíoc a fháil ar aon CBL a ghearrfaí orthu ar chostais den chineál sin.
Ag labhairt dó faoi na moltaí, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur ullmhaigh an tÚdarás an aighneacht seo chun cás a dhéanamh do dhreasachtaí speisialta cánach do na hoileáin amach ón gcósta mar gur léir go dteastaíonn tionscnamh radacach lena bhforbairt a chur chun cinn, a ndaonraí a chaomhnú agus fostaíocht inmharthanach a ghiniúint de bharr iad a bheith níos tarraingtí mar láthair cónaí agus oibre d’oileánaigh.

“Cé go bhfuil uasghrádú suntasach déanta agus á dhéanamh ar infreastruchtúr na n-oileán amach ón gcósta le blianta anuas agus infheistíocht shuntasach stáit curtha ar fáil don chuspóir seo”, a dúirt sé, “agus cé go bhfuil feabhas mór curtha ar an rochtain aeir agus seirbhísí farantóireachta, tá daonra na n-oileán amach ón gcósta ag laghdú go fóill”.

“Chomh fada is a bhaineann sé leis an bhfreagracht atá ar an Údarás fiontar a fhorbairt, is é an tasc is dúshlánaí ar fad ná fostaíocht nua agus deiseanna saothraithe ioncaim a chruthú – deiseanna feabhsúcháin d’áitritheoirí na n-oileán agus d’oileánaigh óga agus d’oileánaigh atá ag iarraidh filleadh chun cur fúthu ar na hoileáin. Measaimid gurb í an fhostaíocht agus deiseanna chun ioncam a shaothrú an eochair d’inmharthanacht phobail na n-oileán”, a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Ó hAoláin chomh maith “Mar atá soiléir le tamall, tá tionscal na hiascaireachta, a bhí go traidisiúnta ina phíomhfhostóir agus ina phríomhfhoinse ioncaim, ag cúlú le roinnt blianta anois, agus cé gur foinse mór fostaíochta agus ioncaim an turasóireacht do go leor daoine, ar na hoileáin mhóra ach go háirithe, tá cur chuige radacach ag teastáil má táthar le pobail na n-oileán a chothú sna blianta amach romhainn agus deis a thabhairt dóibh fás go horgánach”.

“Pointe ar leith nach mór a chur san áireamh ná nach bhfuil ach faoi bhun 900 de dhaonra ar an oileán is mó amach ó chósta na hÉireann agus go bhfuil daonra iomlán na n-oileán amach ón chósta faoi bhun 3,000 duine. Tá an aighneacht seo dírithe ar na hoileáin go léir timpeall an chósta. Ní bheadh an costas iomlán ar an státchiste iontach mór leis an bpacáiste dreasachtaí seo a chur i bhfeidhm ach creidimid go bhféadfadh go mbeadh de thoradh air sin go gcuideofaí go mór chun mórchuspóir atá ag rialtais éagsúla ó bunaíodh an stát a bhaint amach, i.e., forbairt inmharthanach ár n-oileán amach ón gcósta.”

27.5.08

Club Óige Árainn Mhóir - Shortlisted in Better Ireland Programme

Club Óige Árainn Mhóir is one of three regional groups shortlisted to receive €10,000

Local communities will have the final say in choosing children's projects to receive funding from the AIB Better Ireland Programme. AIB's 185 main branches each has EUR10,000 to award to local projects and text votes from the general public will decide which of the most deserving children's projects should receive this funding.

VOTING HAS BEGUN!
To vote for Club Óige Árainn Mhóir, text GWEEDORE followed by A, to 53099

Phase 3 of the Better Ireland Programme takes place from 6th May to 6th of June 2008.
At this stage the short listed groups put forward by each of the 185 participating branches go 'head to head' in a public text vote.
Members of the public will be able to text a vote for the group they believe deserves the funding of €10,000.
Text votes will cost 60c (including VAT) plus standard operator charges, all monies remaining after operator fees (+VAT) are applied will be donated to the relevant group. Each branch will actively encourage the local community to get involved in the text vote.

1.5.08

Seachtain Siúil Dhún na nGall - Donegal Walking Week

Seachtain Siúil Dhún na nGall
26/31 Bealtaine 2008

Donegal Walking Week
26/31 May 2008

The walk on Oileán Árainn Mhóir will commence at 5:30pm on Wednesday 28 May, at the ferry pier.
Further information/brochure can be obtained by contacting An Comharchumann. 074 9520533.

11.4.08

Óige na Gaeltachta , Árainn Mhór, Glanadh Suas

Tá moladh agus buíochas toillte ag coiste stiúrtha Óige na Gaeltachta, ag rannpháirtithe an chlub óige agus ag na tuismitheoirí go léir a d'eagraigh agus a bhí páirteach sa ghlanadh suas ar fud an oileáin ar an 11ú Aibreán 2008. Maith sibh!

Tá an 'Glanadh Suas' urraithe ag Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo.

4.1.08

Waste Management Survey - Prize Draw

Sincere thanks to all householders who have completed and returned the recently distributed Waste Management Questionnaires. Sincere thanks also to Fr John Joe for his assistance. The response has been very encouraging, (59% to date). An Comharchumann & RPS Consultants will continue to accept completed questionnaire until early in the New Year.

RPS Consultants conducted the prize draw on 20 December, 2007.

Congratulations to the winners!

1st Prize (Voucher) Noreen O’Donnell, Aphort

2nd Prize (Composter) Chrissie Byrne