30ú Meán Fómhair 2008
www.nuacht.com
Tuairisceoir Lá Nua
Amhras caite ar thuairimíocht go gcaithfear eagrais Ghaeilge i gcártaí san cháinaisnéis
Tá Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge muiníneach nach leagfar tua ar eagraíochtaí teanga timpeall na tíre de bharr an chiorraithe caiteachais atá beartaithe ag an rialtas.
Dúirt an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tús na míosa gur shíl sé go raibh an-iomarca eagraíochtaí Gaeilge ann, agus tá tuairimíocht sna meáin faoi láthair go gcaithfear eagraíochtaí Gaeilge i gcártaí ar mhaithe le hairgead a shábháil i ndiaidh na cáinaisnéise ar 14 Deireadh Fómhair.
Dúirt urlabhraí an Fhorais go raibh athbhreithniú ar bun acu i láthair na huaire ar an maoiniú a chuireann siad ar fáil do 19 eagras Gaeilge ar leith, ach nach raibh sé seo ar bun de bharr na ndeacrachtaí reatha atá ag an státchiste.
'Níor chóir go mbeadh na heagrais buartha faoin athbhreithni; tá muid ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil luach ár gcuid airgid á fháil againn agus cinntiú go bhfuil an earnáil ag feidhmiú chomh maith agus is féidir léi,' arsa Breandán Mac Craith.
Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh an t-athbhreithniú críochnaithe roimh dheireadh 2009 agus nach raibh an Foras ag súil go ndéanfaí athruithe ar líon na n-eagraíochtaí sula raibh an próiseas críochnaithe.
Dúirt sé freisin go raibh buiséad de E21 milliún ag an bhForas i mbliana ach go raibh arduithe maoinithe faoi bhun an ráta boilscithe faighte acu ón Rialtas le blianta beaga anuas.
Chaith Ardrunaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, amhras ar an tuairimíocht go ndúnfar eagraíochtaí Gaeilge i ndiaidh na cáinaisnéise crua atá le teacht ón Aire Airgeadais Brian Lenihan i gceann coicíse.
'Tá an t-athbhreithniú seo ar bun faoi láthair agus ní dhéanfadh sé aon chiall gearradh siar a dhéanamh ar líon na n-eagraíochtaí agus é fós ar siúl agus gan an straitéis teanga 20 bliain réidh go fóill.
'Bheadh sé deacair buiséad na Gaeilge a laghdú sa cháinaisnéis de bharr nár ardaíodh é le blianta beaga anuas, go háirithe i gcomhthéacs an ardaithe a fuair an Chomhairle Ealaíon, mar shampla.'
Dúirt Leas-Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, go raibh sé 'fíorshimplí a rá go bhfuil an-iomarca eagraíochtaí ann ach tá na cinn ar fad atá ann faoi láthair i mbun oibre.
'Má tá ciorrú le déanamh beidh gach réimse san áireamh, ach ag an am céanna bheifeá ag súil go mbeadh ciall ag an rialtas agus nach mbainfidís an bonn ó aon earnáil ar leith leis an gciorrú,' ar seisean.
Mhaígh an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nach raibh sí 'in ann aon rud a rá ag an bpointe seo faoi céard a bheidh, nó a d'fhéadfadh a bheith, nó nach mbeidh sa cháinaisnéis,' i dtaobh an Fhorais.