2.10.08

Craobh do Chonradh na Gaeilge bunaithe ag Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

Tá craobh do Chonradh na Gaeilge bunaithe ag Fo-choiste na Gaeilge, Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo.

Baill na Craoibhe:
Sharon Uí Dhónaill
Seán Ó Baoill
Proinsias Ó Cnáimhsí
Seán Mac Eachmharcaigh
Máire Sammy Uí Ghallchóir
Daniella Uí Fhéaraigh
Nóirín Uí Mhaoldomnaigh

Conradh na Gaeilge


Aidhm na hEagraíochta
Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta

Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile:
(a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;
(b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;
(c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;
(d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;
(e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;
(f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú;
(g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge
(h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;
(i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht,
comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.