3.11.08

I dtreo neodracht ó thaobh carbóin de ar Oileáin Árann: Maoiníonn Ó Cuív agus Ryan fóras coincheapa do ghréasán fhuinneamh gaoithe/farraige

Ar Inis Meáin inniu, d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD agus an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamon Ryan TD, go bhfuil siad ag maoiniú an fhórais choincheapa do ghréasán cliste faoi thiomáint na gaoithe agus na farraige do sholáthar fuinnimh do leictreachas, teas agus iompar do phobail oileán. Díreoidh an staidéar seo, atá comh-choimisiúnaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann (FIÉ), ar Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe - Inis Mór (Árainn), Inis Meáin agus Inis Oírr - agus imscrúdóidh sé fosta feidhmiú féideartha na dteicneolaíochtaí agus na gcóras d’oileáin eile amach ón gcósta.
Faoi láthair, d’ainneoin go bhfuil feirm ghaoithe acu a bhfuil cumas aschurtha de 750kw, bíonn na hoileáin amach ón gcósta ag brath go mór ar an mórthír dá gcuid soláthair fuinnimh; soláthraítear leictreachas trí mheán cáblaí faoin bhfarraige agus caithfidh breoslaí le haghaidh iompair agus teasa a sheachadadh leis an mbád farantóireachta. D’fhéadfadh forbairt córas fuinnimh comhtháite faoi thiomáint na gaoithe agus na farraige, na hoileáin a dhéanamh féinchothaitheach maidir le soláthar fuinnimh, chruthódh sé poist, threiseodh sé an turasóireacht agus chuirfeadh sé eiseamláirí ar fáil fiú d’úsáid fheabhsaithe acmhainní nádúrtha d’oileán na hÉireann ar fad.
Cuimseoidh an staidéar:
Athbhreithniú ar úsáid reatha fuinnimh ar Oileáin Árann;
Meastachán ar acmhainní inrochtana gaoithe, tonn agus taoide;
Eiseamláirí féideartha a fhorbairt do chóras fuinnimh ag féachaint ar theaglamaí éagsúla fhuinnimh gaoithe agus farraige i gcomhthéacs thrí phríomhchuspóir: allmhairí fuinnimh íoslaghdaithe, astúcháin CO2 íoslaghdaithe agus costas íoslaghdaithe;
Tásc ar na deiseanna fostaíochta féideartha atá le gach sampla a mholtar;
Meastachán ar an gcumas macasamhlaithe don choincheap ar gach pobal oileáin ábhartha in Éirinn.
Meastar go gcríochnófar an staidéar laistigh de 9 go 12 mí ó dháta bhronnta an chonartha.
“Is céim spreagúil, réamhghníomhach chun tosaigh do na hoileáin é seo,” a dúirt an tAire Ó Cuív. “Creidim go mbeidh an staidéar nuálach seo an-suimiúil, do phobail oileáin agus mórthíre araon, a bhfuil a bhfís don todhchaí bunaithe ar choincheap fhuinneamh in-athnuaite saor ó iontaise. Tá ceann de na hacmhainní fuinnimh gaoithe agus farraige is láidre san Eoraip ag Éirinn agus ní mór dúinn na bealaí uile is féidir a scrúdú an úsáid is fearr a dhéanamh as acmhainní inbhuanaithe. Bheadh tairbhe mhór i gcóras fuinnimh féin-inbhuanaithe don gheilleagar ar Oileáin Árann agus d’fhéadfadh sé, leoga, eiseamláir a chur ar fáil d’úsáid ar fud na tíre agus i gcéin.”
Dúirt an tAire Ryan: “Os rud é go bhfuil Éire ag braith go láidir ar bhreosla iontaise iompórtáilte, ciallaíonn sé sin go bhfuil na billiúin Euro á gcur amach as an tír gan chúis. Dá bharr, táimid níos leochailí nuair a thagann sé chuig cúrsaí domhainde agus praghasanna neamhsheasta. Cé fáth go gcuirfimís airgead agus tionscal thar leár nuair is féidir linn é a chruthú anseo? Tá an tír seo agus na hOileáin Árann saibhir maidir le na hacmhainní nádúrtha in-athnuaite ghaoth agus fharraige. Tá deis ag na hoileáin anois a bheith chun tosaigh trína gcuid fuinneamh a thairgeadh go háitiúl agus postanna a chinntiú don todhchaí. Creidim go mbeidh an tionscnamh seo in ann fuinneamh glan a shóláthar do na hoileáin agus taispeánfaidh sé dúinn conas mar a chinnteoidh neamhspleachas fuinnimhe ár dtodhchaí.”
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcáipéis um chuireadh tairisceana, féach leat www.etenders.gov.ie