14.10.08

'Na seirbhísí laethúla líne tosaigh a chosaint an phríomhthosaíocht don bhliain 2009'

Ráiteas ón Aire Ó Cuív agus ón Aire Stáit Curran ar fhoráil mhaoinithe na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don bhliain 2009

14ú D. Fómh. 2008
www.gelport.com


Is é an rud is mó is cás linn go ndéanfar gach iarracht chun a chinntiú go gcosnófar na seirbhísí laethúla líne tosaigh a sholáthraítear trí bhíthin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus go háirithe na seirbhísí sin a dhírítear ar riachtanais na bpobal is díothaí ó thaobh cúrsaí sóisialta de.

Déanfar laghduithe áirithe ar fhorchostais ionas go gcoinneofar an raon leathan seirbhísí a sholáthraímid, i gcomhpháirtíocht, sna pobail uirbeacha, Ghaeltachta agus oileán.

Déanfar laghdú 6% san iomlán ar mhaoiniú na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; laghdú 5% ar mhaoiniú reatha agus 8.5% ar mhaoiniú caipitil. Áirítear na réimsí seo a leanas ar na príomhréimsí:

Drugaí
Folaítear leis an Eur 8.1m de leithdháileadh caipitil don bhliain 2009 maoiniú i gcomhair Thionscnamh na nÁitreabh, ina bhforáiltear do riachtanais chóiríochta na dtionscadal ar dhrugaí bunaithe sa phobal. Áireofar An Tionscnamh Réigiúnach don Óige a fógraíodh níos túisce i mbliana faoi leithdháileadh na bliana 2009 chomh maith. Cuirfidh an tionscnamh seo maoiniú caipitil ar fáil chun áiseanna tiomnaithe don óige a fhorbairt i gceantair na dTascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí nach gclúdaítear faoin gCiste Áiseanna agus Seirbhísí don Óige. Tá beagnach Eur 2.3m de thacaíocht á thabhairt do shé thionscadal déag faoin Tionscnamh seo agus cuirfear a bhformhór i bhfeidhm go céimneach i gcaitheamh na bliana seo chugainn. Maidir le maoiniú reatha is ar thionscadail agus ar thionscnaimh líne tosaigh atá bunaithe sa phobal agus a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha sna ceantair is mó a gcuireann fadhb na ndrugaí isteach orthu, a chosaint a bheidh ár n-aire dírithe.

An Clár Seirbhísí Pobail; An Scéim Shóisialta Tuaithe
Rinneadh foráil chun an líon daoine a bheidh ar an Scéim Shóisialta Tuaithe a choinneáil mar atá sa bhliain 2008.

Tacóidh an Eur50.85m i maoiniú faoin gClár Seirbhísí Pobail le 440 tionscadal measta sa bhliain 2009 agus beidh poist ar fáil do thart ar 2,100 duine faoi sin. Tá 355 tionscadal á maoiniú againn faoin gClár sin faoi láthair.

Tionscnaimh a Théann i nGleic le Míbhuntáiste Eacnamaíoch agus Sóisialta
Beifear ábalta leanúint le feidhmiú céimneach na dtionscadal i gceantair RAPID, i measc nithe eile, trí Eur 8m (+160%) a chur leis an bhforáil as Ciste na gCuntas Díomhaoin sa bhliain 2009 ar mhaithe leis na Tionscnaimh a Théann i nGleic le Míbhuntáiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Tacaí don Earnáil Phobail agus Dheonach
Tiocfaidh laghdú 14% ó Eur 26.047m sa bhliain 2008 go Eur22.3 milliún don bhliain 2009 air seo. Beidh athbhreithniú á dhéanamh i gcónaí againn mar sin féin ar na tionscnaimh go léir agus mar a deirim beidh muid dírithe ar sheirbhísí líne tosaigh a chosaint agus a laghad forchostas is is féidir é a bheith ann.


Forbairt tuaithe agus Coimisiún Forbartha an Iarthair
Bhí orainne sa Rialtas raon de chinntí deacra a ghlacadh ach ba é an cur chuige a bhí againn ná tabhairt faoi sin ar an mbealach ba mhó ba chothroime. Tá cinntí deacra i ndán dúinn go léir, go háirithe sa ghearrthéarma, ó tharla cúrsaí eacnamaíocha a bheith mar atá faoi láthair ach ní mór go gcoinneofaí ag tabhairt aire do na hearnálacha sa gheilleagar ina gcruthaítear poist. Ach beidh dea-scéala againn sa bhliain 2009 agus ó thaobh ceantair thuaithe de is é an dea-scéala go gcuirfear an Clár Náisiúnta Forbartha Tuaithe i bhfeidhm go céimneach. Is é an clár seo an clár is mó den sórt a ceapadh chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú agus chun an caighdeán saoil i gceantair thuaithe a fheabhsú. Cuireadh Eur 27m ar fáil don chlár seo don chéad bhliain eile.

Infreastruchtúr
Tuigimid gur gá leanúint le forbairt an infreastruchtúir. D’ainneoin go mbeidh laghdú beag ar mhaoiniú na bliana 2009 le hais mhaoiniú na bliana 2008, an maoiniú ba mhó fós, leanfaidh an Roinn uirthi ag forbairt infreastruchtúr CLÁR, RAPID, na n-oileán agus na Gaeltachta. Soláthrófar Eur 24.5m d’infreastruchtúr CLÁR agus RAPID agus Eur35m d’infreastruchtúr na Gaeltachta agus na n-oileán lena n-áirítear leanúint leis an tionscadal is mó riamh ar aon oileán an tionscadal in Árainn.

Údarás na Gaeltachta, An Ghaeltacht agus An Ghaeilge
D’ainneoin gur beag an laghdú a thiocfaidh ar mhaoiniú Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2009 - 7.5% - déanfar an laghdú sin a fhritháireamh leis an maoiniú breise atá á chur ar fáil dóibh faoi láthair sa bhliain 2008. Cuirfidh an leithdháileadh iomlán de Eur 37m don bhliain 2009 ar a gcumas leanúint lena gclár cuimsitheach forbartha.
Baineann gné shubstaintiúil maidir le comhoibriú Thuaidh-Theas le hobair na Roinne agus tá maoiniú an Fhorais Teanga agus Uiscebhealaí Éireann á choinneáil mar atá sa bhliain 2008 de bharr go bhfuil feidhm fhíorthábhachtach ag na forais seo i ndáil le caidreamh Thuaidh-Theas.

Dúirt an tAire Ó Cuív: 'Táim dóchasach leis an vóta iomlán de thart ar Eur 520m go mbeifear ábalta leanúint leis an obair an-chuimsitheach atá á déanamh ag an Roinn ach acmhainní a spriocdhíriú. Déanfar gach iarracht chun a chinntiú nach gcuirfidh an laghdú riachtanach sa mhaoiniú an chéad bhliain eile isteach ar sheirbhísí líne tosaigh.'

Seo mar a labhair an tAire Curran: 'Tá sé i gceist agam, ó tharla an laghdú atá tagtha ar na cistí a bheidh ar fáil ag an Roinn, díriú ar sholáthar seirbhísí líne tosaigh. Má chosnaítear na seirbhísí seo trí úsáid a bhaint as bearta éifeachtachta agus iad á bhforfheidhmiú ní bheidh ar phobail a bheith thíos le tionchar iomlán an laghdaithe sa mhaoiniú.'