27.9.08

Seirbhís Farantóireachta Árainn (Inis Mór)

www.gaelport.com
26ú M. Fómh. 2008
Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil sé aontaithe leis an gcomhlacht farantóireachta, Island Ferries Teo, go dtiocfaidh athruithe i bhfeidhm ar an gclár-ama do na seirbhísí foirdheonaithe ó 1 Samhain 2008. Tógann na hathruithe seo iarratais éagsúla atá déanta ag pobal an oileáin san áireamh.

Is iad príomhghnéithe an amchláir ná:
- Bád ag fágáil Árann gach Luan ar 7.00 r.n. agus ag 8.30 r.n. gach lá eile, Máirt go Domhnach.
- Bád ag fágáil Ros an Mhíl gach lá den tseachtain ar 10.30 r.n. agus ag fágáil Árann gach lá ag 5.00 i.n.
- Bád ag fágáil Ros an Mhíl ag 7.00 i.n. gach tráthnóna Aoine (go dtí Meitheamh 2009) agus ag 6.30 i.n. gach tráthnóna eile den tseachtain.

Beidh seirbhís iompair go Gaillimh curtha ar fáil i gcomhar gach seribhíse.
Déanfar athbhreithniú ar sheirbhís an Luain (7.00 r.n.) tar éis dhá mhí.

Cuirfidh an Roinn fáilte roimh thuairimí phobal an oileáin maidir leis an amchlár seo i scribhínn nó ar ríomhphost chuig soflatharta@pobail.ie
roimh 17 Deireadh Fómhair 2008.