12.7.10

Taispeántas Cuimhneacháin Tubaiste Árainn Mhór - Arranmore Disaster Commemorative Exhibition

Tá taispeántas cuimhneacháin 75 bliain ó tharla Tubaiste Árainn Mhór coimisinithe ag an chomharchumann. Beidh an taispeántas ar thaispeáint sa Chultúrlann ón 19 Iúil 2010. Tuilleadh eolais: 074 9520533
An exhibition to commomorate the 75th Anniversary of the Arranmore Disaster has been commissioned by an comharchumann. The exhibition will be displayed in the Cultúrlann from 19 July 2010. Further Information: 074 9520533

8.7.10

Information Booklet - Leabhar Eolais

Leabhar Eolais Eagrán Nua- Information Booklet New Edition, with map of Island Walks now available. Pick up a FREE copy from Comharchumann  Árainn Mhór, An Chultúrlann, Fast Ferries Group & Rural Transport Service Bus.


7.7.10

“Mo Theach, Do Theach”

An gceapann tú gur glas iad na cnoic i bhfad uainn? Ar mhaith leat triail a bhaint as saol in áit éigin eile in Éirinn? An mbeadh suim agat i malairt tithe? An bhfuil tú i do chónaí ar an bhfeirm agus ag iarraidh bheith i lár na cathrach? Nó an duine cathrach thú ag iarraidh triail a bhaint as saol na tuaithe?
Tá Waddell Media ag lorg iarratais ó Ghaeilgeoirí fá choinne Mo Theach, Do Theach, sraith de sé pháirt atá maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge do TG4. Leanann an tsraith daoine de gach short ó achan áit agus iad ag glacadh páirte sa mhalairt tí.

Thar tamaill ghairid, gheobhaidh said taithí de gach ghné de ghnáth saol laethúil in áit úr éagsúla. Le cabhair ón litir fáilte agus lámhleabhar an-dhifriúil, caithfidh rannpháirtithe a gcuid nósanna a athrú chun déileáil leis seo! Beidh an taifead ar siúl le linn mí Iúil agus Lúnasa.

Más cúpla, teaghlach, nó cairde ag lorg laethanta saoire Samhraidh eachtrúil éagsúil atá ionat – b’fhéidir go bhfuil Mo Theach, Do Theach feiliúnach duit!

Má tá suim agat, bí i dteagmháil le muireann@waddellmedia.com nó sara@waddellmedia.com fá choinne foirm iarratais.