23.5.13

Pension Rights - Cearta Pinsin


Bíodh Eolas agat ar do Chearta : Cearta pinsin


May  2013

Ceist
Saoránach Éireannach mé a d’oibrigh i Sasana ar feadh roinnt blianta agus a d’íoc ranníocaíochtaí árachais shóisialta thall ansin.  Thart ar 20 bliain ó shin, d’fhill mé ar Éirinn chun oibriú agus tá aois an phinsin ag druidim liom anois. Cén teidlíocht atá agam maidir le mo chuid ranníocaíochtaí pinsin le linn na mblianta a bhí mé fostaithe i Sasana?
Freagra
Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar do Phinsin Stáit (Ranníocach), tá mír ann ar an bhfoirm (SPC 1) a iarrfaidh ort do shonraí a thabhairt i dtaca le fostaíocht i dtír eile atá cuimsithe ag Rialacháin CE nó ag comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí.

 Iarrtar ar na sonraí seo mar gheall go bhféadfá bheith i dteideal breis agus íocaíocht amháin a fháil; féadfaidh tú a fháil íocaíocht Éireannach agus íocaíocht ó thír eile inar oibrigh tú.
Má tá dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta Éireannacha agat chun íocaíocht Éireannach a fháil, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí í. Mar gheall gur oibrigh tú i Sasana, rachaidh siad i dteagmháil leis na húdaráis chuí sa RA chun tús a chur ar éileamh ar phinsean na RA. B’fhéidir go bhfuil tú i dteideal pinsean páirteach na RA a fháil sa mhullach ar do phinsean Éireannach, má tá dóthain ranníocaíochtaí na RA agat.
Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta in Éirinn agat, iarrfaidh an Roinn ar do thaifead árachais shóisialta ón RA chun cabhrú leat cáiliú d’íocaíocht árachais shóisialta Éireannach agus cuirfidh siad tús, ar do shon, le héileamh sa RA.
Má mian leat cóip a fháil de do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Taifid ÁSPC, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Bóthair Mhic Artúir,  Bun Cranncha, Contae Dhún na nGall, (Guthán: (01) 471 5898 nó Íosghlao: 1890 690 690).

Baineann an socrú seo do phinsin ranníocacha agus d’íocaíochtaí eile le gach tír den AE. Baineann sé le tíortha LEE chomh maith (an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin), leis an Eilvéis agus le tíortha áirithe eile ag a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí le hÉirinn, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cheanada, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne.

 á tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.  Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhísí Pobal An Clocháin Liath
Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.


Know Your Rights : Pension rights


May 2013

Question


I am an Irish citizen who worked in England for several years and paid social insurance contributions there.  About 20 years ago I returned to Ireland to work and am now approaching pension age. What is my entitlement with regards to my pension contributions during my years of employment in England?
Answer
When you are applying for your State Pension (Contributory) there is a section on the application form (SPC 1) that will ask you for details of employment in any other country covered by EC Regulations or a Bilateral Social Security agreement.

 This is because you may be entitled to more than one payment; you can get an Irish payment and a payment from another country where you worked.

If you have enough Irish social insurance contributions to get an Irish payment, the Department of Social Protection will pay it. Because you worked in England, they will also contact the relevant authorities in the UK to start a claim for a UK pension. You may be due a partial UK pension in addition to your Irish pension, if you have enough UK contributions.

If you do not have enough social insurance contributions in Ireland, the Department will request your social insurance record from the UK to help you qualify for an Irish social insurance payment and will also initiate, on your behalf, a claim in the UK.

If you want a copy of your Irish insurance contributions you can contact PRSI Records, Department of Social Protection, McCarter's Road, Ardaravan, Buncrana, Co Donegal (Tel: (01) 471 5898 or Lo-call: 1890 690 690).

This arrangement for contributory pensions and certain other payments applies to all EU countries. It also applies to EEA countries (Norway, Iceland and Liechtenstein), Switzerland and certain other countries with which Ireland has a Bilateral Social Security Agreement, such as the United States, Canada, Australia and New Zealand.

Further information is available from the Citizens Information Centre below.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre

Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.