12.11.08

Seolann An Taoiseach Leabhar Nua ar Fhíricí na Gaeilge

Rinne An Taoiseach, Brian Cowen, T.D., an leabhar 'More Facts About Irish' leis an scríbhneoir aitheanta Helen Ó Murchú a sheoladh go hoifigiúil an tseachtain seo caite i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Foilsithe ag Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, gheofar foinse shaibhir chruinneolais sa leabhar seo a bheidh thar a bheith áisiúil don léitheoir le spéis, don iriseoir, don mhac léinn agus do lucht polaitíochta agus polasaí.

Tá ocht gcinn de rannóga le fáil sa leabhar ar na hábhair seo: stair, cainteoirí an lae inniu, soláthar an Stáit don Ghaeilge, cúrsaí oideachais, an saol sóisialta, an saol gnó, an earnáil dheonach agus Tuaisceart Éireann. Is i mBéarla atá an leabhar scríofa le hachoimre dheiridh i nGaeilge. Cuimsíonn an t-ábhar táblaí agus léaráidí; an t-iomlán sin agus breis ar dhiosca ina theannta.