29.6.10

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo - CCB

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo - CCB
An Chultúrlann
4:00 in

18 Iúil 2010
18 July 2010

Clár-Agenda


Moladh Miontuairiscí an CCB deireanach /Adopt Minutes of Previous AGM


Tuairisc Oibre na Bliana / Annual Report

Tuarascáil an iniúchóir ar Thuarascáil Airgeadais an Chomharchumainn / Auditors Report & Financial Statement of Comharchumann

Ceapacháin an Iniúchóir / Appointment of Auditor

Toghcháin & Ceapacháin an Choiste Bainistíochta / Election & Appointment of Management Committee

 AGE - AOB

22.6.10

Gáis Bhuidéalaithe – Bottled Gas

Is féidir gáis bhuidéalaithe a fháil anois sa Chomharchumann le linn uaireanta oscailte an stóir.
9:00 - 12:30 & 1:00 – 4:30 Luain go hAoine.

Bottled Gas is now available from An Comharchumann during store opening times.
9:00 - 12:30 & 1:00 – 4:30 Monday to Friday

19.6.10

Spriocdháta Íocaíochta Táille NPPR 2010 - Deadline for payment of 2010 NPPR Charges


The deadline date for payment of the 2010 NPPR charge is fast approaching.
The charge for 2010 is €200 per property.
Payment should be made  before 30th June 2010 to avoid penalties. Late payment fees of €20 per month, per property will apply from the 1st July 2010.
Further Information
Queries


Beidh spriocdháta d’íocaíocht tháille NPPR 2010 ann gan mhoill.
Tá táille de €200 ar gach réadmhaoin.
Ba chóir táillí a íoc roimh 30ú Meitheamh 2010 chun pionóis a sheachaint. Beidh táillí dhéanacha de €20 sa mhí ar gach réadmhaoin i bhfeidhm ó 1ú Iúil 2010.
Tuilleadh Eolais 
Teagmháil 

9.6.10

Áit páirceála nó áit pháirceála? Tuairimí á lorg ar Úsáid an tSéimhithe

Gaelport.com Níl ach coicís fágtha ag an bpobal tuairimí a nochtadh mar gheall ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar chuid den chéad tréimhse comhairliúcháin a d’fhógair an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cúpla seachtain ó shin.


Glacfar le hiarratais agus le haighneachtaí go dtí an 23 Meitheamh ach thug an tAire Pat Carey, TD, le fios inniu chomh maith go mbeidh an deis ag daoine aighneachtaí a chur isteach ar na moltaí éagsúla a thiocfaidh ón gCoiste Stiúrtha a ceapadh le déanaí chun an obair a chur i gcrích.

Tá an Coiste ag glacadh le haighneachtaí ar na moltaí maidir le húsáid an tséimhithe i gcásanna ar leith i dtosach báire bunaithe ar an gcáipéis, ‘Moltaí an Choiste Téarmaíochta faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith’ atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Déanfaidh an Coiste moltaí faoi leasuithe ar an gCaighdeán a fhógairt le haghaidh tréimhse comhairliúcháin leis an bpobal gach dara mí.
Ar an gCoiste Stiúrtha a ceapadh le déanaí tá os cionn scór duine atá ag feidhmiú i réimsí éagsúla, dlíodóirí, iriseoirí, foclóirithe, aistritheoirí agus scríbhneoirí ina measc.
Seo an chéad uair ó foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil i 1958 go ndéanfar athbhreithniú air agus d’iarr an tAire ar an bpobal páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas: ‘Molaim go láidir do gach duine a bhfuil suim acu san obair seo páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas, agus plé tomhaiste a bheith acu ar na ceisteanna gramadaí ar leith agus ar na mórcheisteanna prionsabail araon’.
Táthar ag súil go mbeidh an leagan leasaithe ar fáil i mí an Mheithimh 2011.
Iarrtar ar an bpobal aighneachtaí agus tuairimí a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist aco@pobail.ie

Is féidir clárú le haghaidh na dtréimhsí comhairliúcháin seo trí do sheoladh ríomhphoist agus sonraí eile teagmhála a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist thuasluaite.

2.6.10

Fógra Comharchumainn - Comharchumann Notice

Beidh oifig agus stór an chomharchumainn druidte ar an 7 Meitheamh 2010.


An Comharchumann office and store will be closed on 7 June 2010.

Glanadh Suas-Clean Up

Buíochas mór daoibh uilig a tháinig amach agus a chaith tráthnóna Dé Máirt ag tógáil bruscair ó thaobhanna na mbealaí agus ó thránna an oileáin. Maith Sibh!
A sincere thank-you and well done to all of you who came out and spent Tuesday evening collecting litter from the island’s roadsides and beaches.

Staidéar Féidearthachta ar Áiseanna Fís Chomhdhála – Video Conferencing Feasibility Study

Tá comhairleoirí ceapaithe ag Comhar na nOileán Teo chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar áiseanna fís chomhdhála a chur ar fáil d’oileáin na tíre. Beidh na comhairleoirí ag déanamh teagmháil le pobal na n-oileán chun a gcuid tuairimí agus moltaí a bhailiú. Chuige sin, tá sé beartaithe ag na comhairleoirí cuairt a thabhairt ar an oileán; tionólfar cruinniú leo sa Chultúrlann ar an Mháirt 15 Meitheamh 2010 ag 12:00 i.n. Cuirfear fáilte roimh chách.

Comhar na nOileán Teo have appointed consultants to undertake a feasibility study in relation to the provision of Video Conferencing facilities on the islands of Ireland. In order to ascertain the needs of islanders in relation to video conferencing, the consultants intend to visit the islands. A meeting has been arranged to take place in the Cultúrlann on 15 June 2010 @ 12:00pm. All Welcome.