8.10.08

Spás Fiontraíochta, Oileán Árainn Mhóir

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó pháirtithe a mbeadh suim acu an tIonad Fiontraíochta, 418 méadar cearnach ar Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall, a ghlacadh ar léas. Bheadh muid ag súil go nglacfaí an foirgneamh ar léas do chuspóirí forbartha gnó nó tráchtála nó cibé úsáid eile a bheadh ag teacht le feidhmeanna an Údaráis.
Ba chóir eolas a thabhairt faoi chúlra an tionscnóra, faoin fhorbairt agus faoin fhostaíocht atá beartaithe.

Is féidir an Ionad Fiontraíochta a fheiceáil agus a scrúdú, nó tuilleadh eolais a fháil ina leith, ach teagmháil a dhéanamh le:

Micheal Mac Giolla Easbuig
Údarás na Gaeltachta
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Teil: 074 95 60100
Ríomhphost: mmge@udaras.ie