23.11.09

Mórtas Ceantair 2009-Pride of Place 2009

Chéad Áit i Rannóg na nOileán Bronnta ar Chomharchumann Oileán Árainn Mhóir

First Place in Island section awarded to Comharchumann Oileán Árainn Mhóir

Pride of Place is an all-Ireland competition which is directed towards recognising improvements by local communities to create civic pride in their area.

Arranmore’s efforts in promoting and creating civic pride on the island was recognized and awarded at the Pride of Place Award ceremony held in the Slieve Donard Hotel, Newcastle, Co Down on Saturday 21 November 2009.

An Comharchumann’s application in the Donegal Pride of Place competition was short listed and subsequently selected by Donegal County Council to represent Donegal County Council in the 2009 All Ireland Pride of Place Competition, island’s section. Judging took take place on the island in early July.

An comharchumann staff & committee would like to extend sincere congratulations and appreciation to each and everyone who participated and assisted in ensuring the success of the visits of the judges in July 2009.

COMHGHAIRDEAS AGUS BUÍOCHAS Ó CHROÍ DAOIBH GO LÉIR.

18.11.09

Citizens Information - Faisnéis do Shaoránaigh

A Free Advice & Confidential Service
The Dungloe Citizens Information Officer will be in attendance

In Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

On Friday 20 November 2009
Between 10.30am – 1.00pm

Dealing with Social Welfare Entitlements, Housing Grants, Insulation Grants, Health Entitlements; Employment Rights, Family Matters, Consumer Rights, Education etc.

No Appointment Necessary

10.11.09

Ciorcal Comhrá Gaeilge- Irish Language Conversation Circle

Dáta tosaithe: 18 Samhain 2009
Beginning: 18 November 2009
Ionad/Venue: Seomra Cruinnithe an Chomharchumainn – Comharchumann Meeting Room

Gach Chéadaoin óna 11:00in-12:30rn
Beidh ciorcal comhrá a reáchtáil i seomra cruinnithe an chomharchumainn. Cuirfear fáilte roimh gach duine ar mhian leo casadh ar dhaoine eile chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh nó snas a chur ar an Ghaeilge atá acu. Cuirfear sólaistí ar fáil

Each Wednesday from 11:00am-12:30pm
Irish Conversation Circle will be hosted in an comharchumann meeting room. All welcome to attend and meet with others who wish to practice or improve their spoken Irish. Refreshments will be served.

4.11.09

Guth na Gaeltachta seolta go hoifigiúil ag Oireachtas na Gaeilge

Bhí tuairim is ceithre céad duine i láthair in Óstán an Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair, nuair a seoladh ‘Guth na Gaeltachta’ go hoifigiúil i rith Oireachtas na Gaeilge.

Bunaíodh an grúpa i nGaoth Dobhair i ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil An Bord Snip Nua agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tá Guth na Gaeltachta dubh in éadan na moltaí tromchúiseach atá déanta ag An Bord Snip Nua i dtaca leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Eagras neamhpholaitiúil, pobail atá ann agus tá tacaíocht faighte aige ó na páirtithe polaitíochta uilig.

Sular cuireadh tús leis an seoladh, bhí an lucht éisteachta ábalta sult a bhaint as ceol den scoth a bhí á sheinm ag An Crann Óg, grúpa ceoltóirí óga as Gaoth Dobhair.

Ba é Dónall Ó Cnáimhsí, ball de Ghrúpa Oibre Ghuth na Gaeltachta, an chéad duine a labhair. Chuir sé fáilte roimh achan duine chuig an ócáid stairiúil agus mhínigh sé cúlra an fheachtais. Chuir sé comhghleacaí dá chuid, Éamonn Mac Niallais, in aithne don lucht éisteachta agus labhair seisean go paiseanta faoi impleachtaí mholtaí An Bord Snip Nua do thodhchaí na Gaeilge agus na gceantar Gaeltachta.

Mhínigh Mac Niallais gurb é an t-ábhar gearáin is mó atá ag Guth na Gaeltachta ná cé chomh héagothrom agus atá moltaí Mhic Carthaigh:

“Glacann an grúpa leis go bhfuil ciorruithe ag teastáil ach ní ghlacann muid le 58% don Ghaeltacht i gcomparáid le 9.4% don chaiteachas Stáit ar an iomlán!”

Tugadh bualadh bos mór dó nuair a mhaígh Mac Niallais:

“Tá sé sin go huile is go hiomlán éagórach agus tá muid fá choinne troid ina éadan!”

Lean sé ar aghaidh agus mhínigh sé go gcreideann Guth na Gaeltachta nach féidir géilleadh i dtaca leis na cúig phrionsabal seo a leanas má tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht le maireachtáil:

1. Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil.
2. Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil.
3. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint.
4. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá.
5. Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht.

Chuir Mac Niallais deireadh lena chuid cainte trí chuireadh a thabhairt d’achan duine a bhí i láthair achainí an ghrúpa a shíniú agus d’iarr sé orthu stocaireacht a dhéanamh ar a gcuid ionadaithe poiblí roimh an bhuiséad i Mí na Nollag.

Ina dhiaidh sin, d’iarr Ó Cnáimhsí ar dhaoine sa lucht éisteachta a gcuid tuairimí a roinnt ar fheachtas Ghuth na Gaeltachta. Bhí Maidhc Dainín Ó Sé ó Ghaeltacht Chiarraí agus Donncha Ó hEallaithe ó Chonamara i measc na ndaoine a dúirt go mbeadh siad breá sásta tacú leis an ghrúpa agus ghuigh siad gach rath ar an fheachtas.
Ina dhiaidh sin, bhí ceol iontach le cloisteáil. Chan an grúpa mór le rá, Cór Thaobh a’ Leithid, an t-amhrán ‘Teanga na nGael’; rogha iontach fóirsteanach a bhí ann sa mhéid is gur léirigh sé an oidhreacht shaibhir chultúrtha atá le fáil sa Ghaeltacht.

Ceol spleodrach An Chrainn Óig a chuir deireadh leis an ócáid. Sular sheinn siad an píosa deiridh, labhair ball den ghrúpa leis an lucht éisteachta. Labhair Simon Mac Giolla Easbuic, ball de Chomhairle na nÓg Dhún na nGall, go paiseanta faoi thacaíocht aos óg na Gaeltachta don Ghaeilge agus don chultúr agus tugadh bualadh bos mór do.

Tá Guth na Gaeltachta ag impí ar achan duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge nó sa chultúr Ghaelach tacú leis an fheachtas. Tá níos mó eolais le fáil ar an láithreán Gréasáin www.guthnag.com
CRÍOCH


Nótaí d’eagarthóirí:
Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Reáchtáil siad roinnt cruinnithe poiblí ó shin. Tá an brúghrúpa i mbun feachtais leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe atá molta ag an Bord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Seoladh: f/ch An Chrannóg,
Srath na Corcra,
Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.
Guthán: (074) 9532208 / 0876387468
Idirlíon: www.guthnag.com
Ríomhphost: eolas@guthnag.com

3.11.09

NA CNOCAIRí. Dé Domhnaigh, 8ú Samhain 2009

Siúlóid fhad le Port, Gleann Cholm Cille.
An Domhnach, 8ú lá de Shamhain.

Ag imeacht ar a 10:00 ar maidin ón charrchlós in aice le hOideas Gael , Gleann Cholm Cille.
Tá rún againn a bheith ar ais roimh a 4:00 tráthnóna.

Bíodh lón agus éadaí báistí le hachan duine.
Fáilte roimh chách