23.2.10

Dátaí Dialainne 2010:2010 Diary Dates

Beidh oifig agus stór an chomharchumainn druidte ar na dátaí a leanas:
An Comharchumann office and store will be closed on the following dates:

17 Marta/March 2010

2 Aibreán/April 2010

5 Aibreán/April 2010

6 Aibreán/April 2010

3 Bealtaine/May 2010

7 Meitheamh/June 2010

2 Lúnasa /August 2010

25 Deireadh Fómhair/October 2010

24, 27, 28, 31 Nollaig/December 2010

18.2.10

Comhairle Contae Dhún na nGall -SCÉIM SCOLÁIREACHTA / SCHOLARSHIP SCHEME 2010

Tá Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar leis na Coláistí Gaeilge, ag tairiscint scoláireachtaí Gaeltachta le freastal ar Choláistí Gaeilge Samhraidh i 2010. Tá na scoláireachtaí ar fáil do dhaltaí scoile idir deich mbliana agus ocht mbliana déag d’aois, atá ina gcónaí i gContae Dhún na nGall taobh amuigh den Ghaeltacht, nó atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ach nach bhfuair aon deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge.

Is féidir tuilleadh eolais/foirm iarratais a fháil ag an nasc a leanas:
http://www.donegalcoco.ie/NR/rdonlyres/2F30BF99-EF7E-4E0D-B33B-E1193AD43862/0/EolasagusFoirmIarratais.pdf


Donegal County Council, through its Coiste na Gaeilge and in association with the Irish Summer Colleges, are offering Scholarships to attend Irish Colleges in the summer of 2010. The Scholarships are being offered to students between the ages of 10 and 18 years of age living in non-Gaeltacht areas within County Donegal, or who reside in the Gaeltacht but are not in receipt of any grant under Scéim Labhairt na Gaeilge. 

Further Information/Application form can be obtained at following link:
http://www.donegalcoco.ie/NR/rdonlyres/2F30BF99-EF7E-4E0D-B33B-E1193AD43862/0/EolasagusFoirmIarratais.pdf





15.2.10

Scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge 2010 - 

Teastas Eorpach na Gaeilge Examinations 2010

 




Spriocdháta d’Iarratais / Closing date for applications

 19 Márta/19 March
Foirmeacha iarratais / Application forms
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ag: http://www.teg.ie/pdf/iarratas.pdf

Application forms are available at: http://www.teg.ie/pdf/appform.pdf

Ionaid Scrúdaithe 2010 / Examination centres 2010


Beidh scrúduithe ar siúl sna hionaid seo i mbliana / Exams will take place in 
these centres: 



Ionaid Scrúdaithe 2010

 


Má Nuad
Gaoth Dobhair
Leitir Ceanainn(LYIT)
An Spidéal
Luimneach
Corcaigh (UCC)
Cill Chainnigh (Pobalscoil Osraí)
Caisleán an Bharraigh (GMIT) 

 


Further information: www.teg.ie

5.2.10

Conradh Fanantóireachta Chléire

www.pobail.ie
Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil cead tugtha aige don chomhlacht Tithe Saoire Chléire Teo éirí as an gconradh a bhí aige leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun seirbhísí farantóireachta fóirdheonaithe a chur ar fáil do Chléire.


Is mar thoradh ar iarratas ón gcomhlacht féin atá an cead seo á thabhairt agus beidh feidhm leis an socrú ó 28 Feabhra 2010. Chuir an tAire in iúl chomh maith go bhfuil socrú nua déanta ag a Roinn leis an gcuibhreannas Naomh Ciarán 2 Oileán Chléire Teo./ Thar Tonn Teo. chun seirbhís paisinéirí agus lastais a sholáthar don oileán don tréimhse naoi mí ó 1 Márta 2010 go 30 Samhain 2010 ar chostas iomlán de €209,322.

Faoin socrú seo, beidh dhá phríomh-bhád a úsáid ar an tseirbhís, an M.V. Dún Aongus agus an M.V. Cailín Óir. Le linn na tréimhse sealadaí seo, reáchtálfaidh an Roinn comórtas oscailte tairiscintí chun conradh farantóireachta fadtréimhseach don oileán a chur i gcrích.

Dúirt an tAire go raibh sé ag súil, idir an tseirbhís shealadach agus an tseirbhís nua lastais trom a cheadaigh sé deontas ina leith i 2009, go mbeadh seirbhísí farantóireachta ag pobal Chléire a bheadh ar chomh-chaighdeán le seirbhísí na n-oileán eile ar fud an chósta.