10.10.08

An-tacaíocht léirithe ag Cowen don Ghaeilge

10ú Deireadh Fómhair 2008

Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge leis an Taoiseach, Brian Cowen, agus leis an Aire Éamon Ó Cuív i dTeach Laighean Dé Céadaoin, chun dul chun cinn na Gaeilge a phlé, go háirithe i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Phléigh Conradh na Gaeilge cúrsaí oideachais, dlí agus eile leis an Taoiseach agus leis an Aire. D'éiligh siad go gcuirfeadh an Roinn Oideachais deireadh leis an bhfeachtas díobhálach in aghaidh an luath-thumoideachais iomláin agus d’iarr go mbeadh billí Oireachtais i nGaeilge os comhair na Dála,.
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 'Cruinniú an-dearfach a bhí ann agus is cúis mhór dóchais dúinn gur léirigh an Taoiseach an oiread sin spéise i moladh an Chonartha go gcaithfeadh ábhar oidí tréimhse sa Ghaeltacht ag tús a gcúrsa oiliúna, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas.
'Creideann an Conradh go bhfuil cúrsaí oideachais ag croílár chur chun cinn na teanga agus gur gá tacaíocht a bheith ag an luath-thumoideachas iomlán sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nó go scriosfar a bhfuil fágtha den Ghaeltacht, ó tá dearcadh reatha na Roinne Oideachais ina bhac díobhálach ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin.'
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: 'Mar a pléadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí, tá sé den tábhacht go ndéanfaí an Straitéis 20 Bliain a chomhordú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach tras-rannach tríd an roinn is fearr chun é sin a chur i gcrích, is é sin Roinn an Taoisigh.
'Ní fiú faic an Straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í, ach is ábhar misnigh don Chonradh go bhfuil an Taoiseach reatha chomh tiomanta don teanga, agus tá dóchas á chur againn ann go ndéanfaidh sé beart de réir bhriathar na Straitéise i gcomhar leis an Aire Gaeltachta, amach anseo.'
Ba iad Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta, agus Donnchadha Ó hAodha, Dáil na Mumhan a bhí sa toscaireacht a bhuail leis an Taoiseach Brian Cowen agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

www.nuacht.com