7.12.08

Scéal iontach Pheadair Uí Dhomhnaill

4ú Nollaig 2008

(TG4 ar an 10ú Nollag, ag 21.30)

Peadairín na Stoirme an teideal atá ar chlár úr faisnéise fá shaol agus fá shaothair Peadar O'Donnell, fear a bhí ina scríbhneoir, gníomhaí radacach, agus ceannródaí sóisialach in Éirinn sa chéad seo caite.

Tá an scannán stiúrtha ag Paddy Hayes, an fear a rinne Ceolchuairt, agus léiríonn sé streachailt O'Donnell cearta sibhialta agus dearcadh sóisialach a chur chun cinn in Éirinn.

Tá idir dhráma agus phíosaí scannáin ón chartlann ar an fhear ar thug an Derry Journal 'The Stormy Petrel' air mar go gcaithfeadh sé é féin go fonnmhar isteach in achan choimhlint pholaitiúil dá raibh ag dul.

Ba bheag meas a bhí ag O'Donnell ar na húdaráis - an Eaglais, An Stát, De Valera, na Sasanaigh agus na hÉireannaigh nar aontaigh sé leo - agus d’ionsaí sé iad go fonnmhar.

Beidh scéal iontach an fhir seo as Rosa Thír Chonaill agus a chuid scríbhneoireachta ar TG4 ar an 10ú Nollag, ag 21.30.


www.irishnews.com



Robert McMillen