3.10.08

Timirí ag teastáil a deir an Conradh

3 Deireadh Fómhair 2008

www.nuacht.com

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh acmhainní le timirí teanga a fhostú i ngach contae sa tír chun pleanáil don Ghaeilge 'ar bhonn eagraithe agus cuimsitheach a chomhordú go náisiúnta.'

Ag Ard-Fheis an Chonartha, an deireadh seachtaine seo caite, mhol Craobh na hInse go gcuirfeadh Foras na Gaeilge deontas airgid EUR 80,000 ar fáil do gach contae chun timire lánaimseartha a fhostú, agus d'éiligh Craobh Mhaigh Cuilinn go gcuirfeadh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dlús leis an scéim faoina raibh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil chun Feidhmeannaigh Teanga a fhostú sna pobail Ghaeltachta.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge 2005-2008, nach raibh 'dóthain timirí ag an gConradh a thacódh le craobhacha ar fud na tíre a dhéanfadh comhdhlúthú ar ár gcuidne iarrachtaí mar eagraíocht náisiúnta chun pleanáil i gceart do chur chun cinn na teanga.'

'Éiríonn leis an gConradh míorúiltí a bhaint amach ach ceal acmhainní, ní bhíonn leanúnachas ann agus braitheann ár gcuid oibre i bhfad an iomarca ar iarrachtaí agus ar íobairtí aonair, rud nach dtéann chun leasa an Chonartha ná chun leasa ghluaiseacht na Gaeilge.'

Dúirt Uachtaráin nuathofa an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa, go mbeadh sé ag dul ar cuairt ar chraobhacha an Chonartha fud fad na tíre sa bhliain amach romhainn 'chun obair i gcomhair leis an bpobal áitiúil chun an eagraíocht agus an Ghaeilge a chothú ón talamh aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá an Conradh ag brath ar thacaíocht an phobail le seasamh a ghlacadh in aghaidh naimhde na teanga sa státchóras.'