23.11.10

Féilire Árainn Mhóir 2011 - Árainn Mhór Calendar 2011


Féilire 2011 - 2011 Calendar

Beidh Féilire 2011 ar fáil ón chomharchumann ar an Chéadaoin 1 Nollaig 2010 ar aghaidh.  Táille: €7.00 an ceann. 

2011 Calendar will be available from an comharchumann from Wednesday 1 December 2010.  €7.00 each.



All proceeds will be donated to All-Weather Pitch Project.

22.11.10

Deontas LEADER – LEADER Grant

Tá deontas de €1799.99 faighte ag an Chomharchumann ó Chomhar na nOileán chun cloch eibhir a chur in airde ag cé an bháid agus chun leabhar eolais a chur ar fáil do chuairteoirí.


An Comharchumann is in receipt of a grant payment of €1799.99 from Comhar na nOileán for the purposes of erecting a granite signage boulder at the ferry pier and for providing an information booklet for visitors.

Buíochas – Tráth na gCeist - Thank you - Quiz

Buíochas do gach duine a bhí i láthair agus a ghlac páirt i dTráth na gCeist tigh Phil Bháin ar an Aoine 19 Samhain;

Buíochas mór; do Tomás agus Marina ar son duaiseanna an raifil agus duaiseanna na mbuaiteoir; don comharchumann & Alice Mhic Gabhann ar son duaiseanna an raifil, do Phroinsias Ó Coisdeabhla a d’ullmhaigh na ceisteanna uilig & a rinne obair ar dóigh ar an oíche; agus do Sharon Uí Dhónaill agus Síle Uí Dhónaill a dhíol na ticéid le haghaidh an raifil.

Mar thoradh ar an oíche, tá €155 bailithe do chiste na Páirce Uile Aimsire.

Go raibh maith agaibh uilig!


Thanks to all those who attended and took part in the Quiz that was held in Phil Báns on Friday 19 November.

A big thanks to Thomas and Marina for donating raffle prize and winners prize, to an comharchumann & Alice McGowan for donating raffle prizes, to Frankie Costello for preparing the questions and for all his hard work throughout the night & to Sharon O’Donnell and Sheila O’Donnell who sold the raffle tickets.

As a result of the night €155 was raised in aid of the All-Weather Pitch.

Thank you all!

Páirc Uile-Aimsire – All-Weather Pitch

Tá íocaíocht de €560.44 faighte i gcomhair togra na Páirce Uile-Aimsire mar thoradh ar ‘triathlon’ an tsamhraidh. Buíochas mór do lucht eagraithe na hócaide agus do na daoine go léir a bhí páirteach ann.

A donation of €560.44 has been made towards the All-Weather Pitch as a result of the summer triathlon. Sincere thanks to the organizers of the events and all those who took part.

17.11.10

Eolas do Shaoránaigh – Citizens Information

Beidh oifigeach ón Ionad Eolais do Shaoránaigh, An Clochán Liath i láthair
i gComharchumann Oileán Árainn Mhór Teo
ar an Chéadaoin an 24 Samhain 2010
óna 10:30 – 13:00

Ag plé le fiosruithe Leasa Shóisialaigh, Deontais Tithíochta, Deontais inslithe, Cearta Fostaíochta, Cúrsaí Teaghlaigh, Cearta Tomhaltóirí, Oideachas & rl.


The Dungloe Citizens Information Officer will be in attendance
in Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
on Wednesday 24 November 2010
between 10:30am – 1:00pm

Dealing with Social Welfare Entitlements, Housing Grants, Insulation Grants, Health Entitlements, Employment Rights, Family Matters, Consumer Rights, Education etc.


No Appointment Necessary



FÁS - SAFE PASS COURSE

Tá an comharchumann ag lorg léirithe suime ó dhaoine ar mhian leo an chúrsa Pas Shábháilte tríd FÁS  a chuir i gcrích. Más mian leat suim a léiriú sa chúrsa ba chóir teangbháil a dhéanamh leis an chomharchumann ar 95 20533 le d'ainm agus d’uimhir PSP roimh 26 Samhain 2010. Tá táille €20 ar an chúrsa.


An comharchumann is seeking expressions of interest from anyone wishing to complete the FÁS Safe Pass Course. If you would like to register your interest in the course please contact an comharchumann on 95 20533 with your name and PPS no. before 26 November 2010. The fee for the course is €20.

15.11.10

TRÁTH NA GCEIST - QUIZ



BEIDH TRÁTH NA GCEIST I GCOMHAIR
NA PÁIRCE UILE-AIMSIRE AR SIÚL

TIGH PHIL BHÁIN
AR AN AOINE
19 SAMHAIN @ 9:30 I.N

CUIRFEAR FÁILTE ROIMH CHÁCH


A FUNDRAISING QUIZ FOR THE PROPOSED
ALL-WEATHER PITCH WILL TAKE PLACE

PHIL BÁNS BAR
ON FRIDAY
9 NOVEMBER @ 9:30P.M

ALL WELCOME!

12.11.10

Economic Development of the Islands –Forbairt Eacnamaíoch na nOileán

The Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs, Pat Carey, T.D., has announced the launch of a report on the employment needs and the economic development potential of the islands. The economic consultants, FGS Consulting, were commissioned by the Department of Community, Equality and Gaeltacht Affairs to compile the report under the direction of a steering committee made up of representatives from Comhar na nOileán, Údarás na Gaeltachta and the Department itself. The report's recommendations relate to the following areas:
• Issues related to the cost of living and to improving the islands' infrastructure;

• Cost factors that prevent the establishment and operation of commercial enterprises on the islands;

• The islands' development potential and the employment needs of island communities;

• Recommendations regarding further targeted support measures which would be aimed at the promotion of sustainable development and job creation; and

• The costs and advantages relating to any of the new measures recommended to support investment.



Minister Carey said that the Department would use the report as a basis for the development of further policies in relation to the islands in the coming years and that he hoped that some of the recommendations could be put in place in the short term at very little cost. He said, "We now intend to carry out a further examination of the various recommendations made in the report in consultation with other relevant Departments and state agencies to establish the most practical method of implementation."



A copy of the complete study is available on the Department's website www.pobail.ie.

The following is a list of the islands which were included in the study:

Toraigh Donegal 142

Árainn Mhór Donegal 522

Clare Island Mayo 136

Inishturk Island Mayo 58

Inishbofin Galway 199

Árainn Galway 824

Inis Meáin Galway 154

Inis Oírr Galway 247

Bear Island Cork 187

Sherkin Island Cork 106

Cléire Cork 125

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Equality & Gaeltacht Affairs

Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215 087 7956378

Email / Ríomhphost: eolas@pobail.ie Web/Gréasán: http://www.pobail.ie/


Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha T.D., go bhfuil tuarascáil maidir le riachtanais fostaíochta agus cumas forbartha eacnamaíoch na n-oileán lainseáilte aige. Choimisiúnaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta na comhairleoirí eacnamaíocha, FGS Consulting, chun an tuarascáil a chur le chéile faoi chúram coiste stiúrtha a bhí comhdhéanta d’ionadaithe ó Chomhar na nOileán, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn féin. Cuimsíonn moltaí na tuarascála na réimsí seo a leanas:

• Saincheisteanna a bhaineann le costas maireachtála agus feabhsú bonneagair na n-oileán;

• Fachtóirí costais a chuireann cosc ar bhunú agus ar fheidhmiú fiontair thráchtála ar na hoileáin;

• Cumas forbartha na n-oileán agus riachtanais fostaíochta a bpobal;

• Moltaí faoi bhearta tacaíochta spriocdhírithe breise a mbeadh sé mar aidhm acu forbairt inbhuanaithe agus cruthú post a chur chun cinn; agus

• Na costais agus na buntáistí a bhainfeadh le bearta molta nua ar bith chun tacú le hinfheistíocht.



Dúirt an tAire Ó Ciardha go mbeadh an tuarascáil mar bhunús ag a Roinn chun polasaithe breise a fhorbairt i leith na n-oileán sna blianta amach romhainn agus go raibh súil aige go bhféadfaí roinnt de na moltaí a chur i gcrích sa ghearrthéarma ar bhonn neamhchostasach.“ Chuige sin,” a dúirt sé, “tá sé i gceist anois moltaí éagsúla na tuarascála a scrúdú tuilleadh i gcomhairle leis na Ranna agus na gníomhaireachtaí stáit chuí eile féachaint conas is fearr feidhm phraiticiúil a thabhairt dóibh.”

Tá cóip den staidéar iomlán le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne ag www.pobail.ie.

Eolas Breise:

Is iad na hoileáin a bhí mar ábhar don staidéar ná:

Toraigh Dún na nGall 142

Árainn Mhór Dún na nGall 522

Cliara Maigh Eo 136

Inis Toirc Maigh Eo 58

Inis Bó Finne Gaillimh 199

Árainn Gaillimh 824

Inis Meáin Gaillimh 154

Inis Oírr Gaillimh 247

Béara Corcaigh 187

Inis Earcáin Corcaigh 106

Cléire Corcaigh 125



Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Equality & Gaeltacht Affairs

Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215 087 7956378

Email / Ríomhphost: eolas@pobail.ie Web/Gréasán: www.pobail.ie

11.11.10

Seirbhís Insliú Tí - Household Insulation Service

Seirbhisi Insliú
Insulation Services

Chun tuilleadh eolais maidir le insliú tí a fháil, deán teaghbháil le Daneil O Donnell, An Tearman 085 7543184

For further information regarding household insulation, contact Daniel O Donnell, Termon. 085 7543184

10.11.10

Baile Saoire Playing Fields - Páirceanna Imeartha an Bhaile Saoire

Plans to develop the playing fields area at an Baile Saoire are being developed in order to provide recreational & sporting facilities for the community and visitors alike. It is hoped that the site will in the future, accommodate a wide range of amenities for the community including runing tracks/high jump, shotput, tennis & basketball courts. Draft plans are currenty being drawn up. Further information will be posted as plans develop. Enquiries: contact an Comharchumann.


Tá pleananna a n-ullmhú chun forbairt a dhéanamh ar páirceanna imeartha an Bhaile Saoire.  Tá i gceist áiseanna caitheamh aimsire agus spóirt don phobal agus do chuairteoirí a fhorbairt ar an suíomh sna blianta atá amach romhainn. Tá i gceist sa todhchaí, réimse leathan d'áiseanna phobal a fhorbairt ag an suíomh.  Tá dréacht pleananna á n-úllmhú faoi láthair. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil dé réir mar atá dul chun cinn a dhéanamh ar na  pleananna. Fiosruithe: Deán teagmháil leis an Chomharchumann.

Foscadán Paisinéirí do Cé Ailt a Chorráin – Passenger Shelter for Burtonport Pier

Tá sé fógartha go bhfuil deontas €18,750 ceadaithe chun cuidiú le Comhairle Chontae Dhún na nGall Foscadán Paisinéirí a thógail ag Cé Ailt a Chorrain.


It has been announced that a grant of €18,750 has been approved to assist Donegal County Council to build a shelter for passengers at Burtonport Pier.

5.11.10

Leabhair Gaeilge do Pháistí & Cardaí Beannachta Gaeilge - Irish Books for Children & Irish Greetings Cards

Tá leabhair Gaeilge do pháistí & cardaí beannachta Gaeilge ar fáil sa chomharchumann.

Irish language books for children & Irish language greetings cards are now available from an comharchumann.

Feachtas Bhailiúcháin Airgid – Fundraising Activities - All Weather Pitch

Go dtí seo, tá €6315.00 sa chiste don pháirc uile aimsire. Go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht.

Tá ticéid do raifil na Nollag ar fáil in oifig an phoist agus sa chomharchumann. Beidh an tarraingt ar siúl roimh saoire na Nollag. Táille €2.00 an ceann atá ar na ticéid.

There is now €6315.00 in the all weather pitch fund. Many thanks to you all for supporting fundraising activities.
Christmas Raffle Tickets are available from the Post Office and in an comharchumann. The raffle will be drawn before the Christmas holidays. Tickets cost €2.00 each.

Taispeántas Cócaireachta - Cookery Demonstration


Tá sé beartaithe ag an chomharchumann taispeántas cócaireachta a reáchtáil tar éis na bliana úire. Beidh táillí íseal a ngearradh orthu siúd a bhfuil suim acu freastal ar an taispeántas.
Is féidir suim a léiriú sa tionscnamh ach teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann.

An comharchumann is organizing cookery demonstration sessions which will take place in the new year. Participants will be charged a small fee to attend the demonstrations. Expressions of interest in attending the events can be made by contacting an comharchumann.

Cur Chun Cinn Tionscadal Turasoireachta - Tourism Promotion DVD

Tá DVD coimisiúnaithe ag an chomharchumann chun  margaíocht a dhéanamh ar an Bhaile Saoire agus chun  aiseanna turasóireachta an oileáin a chur chun cinn.  Cuirfear físeáin gairide den DVD  in airde ar suíomhanna ghréasáin an chomharchumainn.


A promotional/marketing DVD of  tourism facilities & An Baile Saoire has been commissioned by an comharchumann. A series of short clips from the DVD will be will be posted on an comharchumann websites.