16.7.08

Stadas Saor ó Cháin á lorg do na hoileáin

www.udaras.ie
06 Iúil 2008

Tá aighneacht seolta ag Údarás na Gaeltachta chuig an gCoimisiún Chánachais ag moladh dreasachtaí speisialta cánach do na hoileáin amach ó chósta na hÉireann.

Tá na moltaí bunaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur chun cinn ar na hoileáin agus daoine a mhealladh le fanacht air nó le haistriú chuig na hoileáin mar thoradh air seo. Sa scéim phíolótach atá molta ag an Údarás, tá scéim faoina mbeadh díolúine ar cháin ioncaim le fáil ag daoine aonaracha a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin, i.e. daoine a bhfuil a bpríomháit chónaithe phríobháideach ar na hoileáin agus atá (a) ag saothrú ioncaim ó fhostaíocht ar na hoileáin nó ar an mórthír nó (b) atá i mbun gnó ar na hoileáin go príomha. Bheadh tairseach an díolúine cánach atá molta ag baint le huas-ioncam bliantúil de €100,000 agus bheadh an díolúine i bhfeidhm ar feadh tréimhse cánach deich mbliana. Bheadh an díolúine i bhfeidhm do ghnóthaí nua agus reatha araon atá ar na hoileáin.

Tá sé molta ag an Údarás chomh maith go mbeadh 100% de liúntas caipitil/díscríobh dímheasa ar fáil i gcoinne aon ioncam neamhdhíolmhaithe i gcás aon trealamh nó foirgnimh a chuirfí ar fáil d’úsáid ghnó agus liúntas cánach de chineál BES a bheith ar fáil d’infheisteoirí a infheistíonn caipiteal in aon ghnó atá lonnaithe ar na hoileáin. Tá sé molta acu chomh maith go gcuirfí i bhfeidhm scéim aisíocaíochta CBL (Cáin Bhreisluacha) faoina bhféadfadh gníomhaíochtaí pobalbhunaithe, a mbeadh caiteachas caipitil orthu d’fhoirgnimh nó d’athchóiriú, aisíoc a fháil ar aon CBL a ghearrfaí orthu ar chostais den chineál sin.
Ag labhairt dó faoi na moltaí, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur ullmhaigh an tÚdarás an aighneacht seo chun cás a dhéanamh do dhreasachtaí speisialta cánach do na hoileáin amach ón gcósta mar gur léir go dteastaíonn tionscnamh radacach lena bhforbairt a chur chun cinn, a ndaonraí a chaomhnú agus fostaíocht inmharthanach a ghiniúint de bharr iad a bheith níos tarraingtí mar láthair cónaí agus oibre d’oileánaigh.

“Cé go bhfuil uasghrádú suntasach déanta agus á dhéanamh ar infreastruchtúr na n-oileán amach ón gcósta le blianta anuas agus infheistíocht shuntasach stáit curtha ar fáil don chuspóir seo”, a dúirt sé, “agus cé go bhfuil feabhas mór curtha ar an rochtain aeir agus seirbhísí farantóireachta, tá daonra na n-oileán amach ón gcósta ag laghdú go fóill”.

“Chomh fada is a bhaineann sé leis an bhfreagracht atá ar an Údarás fiontar a fhorbairt, is é an tasc is dúshlánaí ar fad ná fostaíocht nua agus deiseanna saothraithe ioncaim a chruthú – deiseanna feabhsúcháin d’áitritheoirí na n-oileán agus d’oileánaigh óga agus d’oileánaigh atá ag iarraidh filleadh chun cur fúthu ar na hoileáin. Measaimid gurb í an fhostaíocht agus deiseanna chun ioncam a shaothrú an eochair d’inmharthanacht phobail na n-oileán”, a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Ó hAoláin chomh maith “Mar atá soiléir le tamall, tá tionscal na hiascaireachta, a bhí go traidisiúnta ina phíomhfhostóir agus ina phríomhfhoinse ioncaim, ag cúlú le roinnt blianta anois, agus cé gur foinse mór fostaíochta agus ioncaim an turasóireacht do go leor daoine, ar na hoileáin mhóra ach go háirithe, tá cur chuige radacach ag teastáil má táthar le pobail na n-oileán a chothú sna blianta amach romhainn agus deis a thabhairt dóibh fás go horgánach”.

“Pointe ar leith nach mór a chur san áireamh ná nach bhfuil ach faoi bhun 900 de dhaonra ar an oileán is mó amach ó chósta na hÉireann agus go bhfuil daonra iomlán na n-oileán amach ón chósta faoi bhun 3,000 duine. Tá an aighneacht seo dírithe ar na hoileáin go léir timpeall an chósta. Ní bheadh an costas iomlán ar an státchiste iontach mór leis an bpacáiste dreasachtaí seo a chur i bhfeidhm ach creidimid go bhféadfadh go mbeadh de thoradh air sin go gcuideofaí go mór chun mórchuspóir atá ag rialtais éagsúla ó bunaíodh an stát a bhaint amach, i.e., forbairt inmharthanach ár n-oileán amach ón gcósta.”