3.9.08

Ceadaíonn Ó Cuív Eur 13,619 do Chumann Peile Árainn Mhór Aontaithe

Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de Eur13,619 ina iomláine ceadaithe aige chun cur ar chumas Cumann Peile Árainn Mhór Aontaithe obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar an seastán, na leithris agus díon nua a chur ar an áit stórála ar pháirc pheile Aontaithe Árainn Mhór.

Tá deontas de Eur11,349 á cheadú faoin Scéim Feabhsúcháin agus deontas Eur 2,270 faoin Scéim CLÁR.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire go raibh áthas an domhain air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil don chumann agus don oileán seo, mar go gcuirfidh sé go mór leis na háiseanna caitheamh aimsire do mhuintir an oileáin agus don aos óg ach go háirithe.