30.9.10

Buíochas-Thank you. Siúlóid Urraithe, Sponsored Walk

Buíochas ó chroí do gach duine a bhí páirteach/ a thug urraíocht don siúlóid urraithe.  Bailíodh €1070 le haghaidh an tógra.  Go raibh maith agaibh as bhur flaithiúlachta. Sincere thanks to all those who participated in/supported the sponsored walk. The walk raised €1070. Thank you for your generosity.

Cúrsa Forbairt Fiontair – Enterprise Course

Tá an comharchumann i gcomair le MFG ag reáchtáil cúrsa forbairt fiontair ar an oileán. Beidh soláthar an chúrsa ag bráth ar éileamh ón phobal. Chun suim a léiriú sa chúrsa, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann roimh 14 Deireadh Fómhair 2010. 9520533

An comharchumann in association with MFG, is organising an enterprise development course on the island. Delivery of the course will be dependent on the numbers of participants interested in the course. Anyone interested in the enterprise course should contact an comharchumann before 14 October 2010. 9520533

Cúrsa Gaeilge – Irish Course

Bhí suim léirithe ag roinnt daoine i gcúrsa Gaeilge ach níl go leor ainmneacha faighte chun rang a reáchtáil. Má tá spéis ag daoine freastal a dhéanamh ar chúrsa Gaeilge, bá chóir teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann roimh 14 Deireadh Fómhair 2010.



Expressions of interest in Irish courses were received from a number of individuals but unfortunately, there were not enough participants to organise a class. Anyone who may be interested in attending an Irish language course should contact an comharchumann before 14 October 2010.

28.9.10

Club Breosla - Fuel Club

Tá córas i bhfeidhm sa chomharchumann ina dtig  iocaíochtaí rialta a dhéanmah le linn na bliana do bhreosla tí. Tugann an córas deis do dhaoine iocaiochtaí arda a sheachaint nuair atá breosla tí de dhíth orthu. Tuilleadh eolais ar fáíl ón chomharchumann ar 074 9520533.

An comharchumann has a facility available for anyone who would like to pay up for their fuel at regular intervals to avoid having to pay a lump sum payment on delivery.  For more information please contact an comharchumann on 074 9520533.

Participants in the National Lobster V Notching Scheme 2010

An comharchumann has received the second payment on behalf of the participants in the BIM Lobster V Notching Scheme 2010. Payments have been processed and await collection by participants

23.9.10

Learscáil Árainn Mhór - Map of Árainn Mhór

Tá léarscáil d’Árainn Mhór do thurasóirí coimisiúnaithe ag an chomharchumann.  Tá siúlóidí agus aiseanna an oileáin luaite air agus tá an léarscáil ar fáil go háitiúil agus cuirfear é ar fáil saor in aisce.  

Árainn Mhór
An comharchumann has commissioned a map for visitors to Árainn Mhór which features the walking routes and the island facilities.  The map is available locally and  is free of charge.

21.9.10

RAIFIL NA NOLLAG - CHRISTMAS RAFFLE:

RAIFIL NA NOLLAG I GCOMHAIR NA PÁIRCE UILE-AIMSEARTHA

Duaiseanna:

1. Ceamara Digiteach Canon 10.0 Megapixel le Clúdach Cosanta
     Urraithe ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

2. IPod Shuffle 4GB (1000 Amhráin)
    Urraithe ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

3. Seinnteoir DVDanna
     Urraithe ag Séamus Ó Baoill & Louise Bn Uí Bhaoill, Seirbhísí Farantóireachta & Bád Gasta Árainn Mhór

4. Ciseán Nollag
     Urraithe ag Naíonra Árainn Mhór
Ticéid : €2.00 an ceann. 
Leabhar iomlán: €10 (6 ticéid)
Le bheith tarraingthe le linn saoire na Nollag


CHRISTMAS RAFFLE
IN AID OF ALL-WEATHER PITCH
Prizes:

1. 10.0 Megapixel Canon Digital Camera & Protective Case
    Sponsored by Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

2. IPod Shuffle 4GB (1000 Songs)
    Sponsored by Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

3 DVD Player
   Sponsored by Seamus & Louise Boyle, Arranmore Fast Ferries Group

4 Christmas Hamper
    Sponsored by Naíonra Árainn Mhór

Tickets: €2.00 each.
Book of Tickets: €10 (6 tickets)
Draw will take place Christmas Week 2010

20.9.10

Sponsored Walk - Siúlóid Urraithe ALL WEATHER PITCH

ALL-WEATHER PITCH - PÁIRC UILE-AIMSEARTHA


Siúloid Urraithe - Cuirfear tús leis an siulóid urraithe ag 1:00 i.n. ó ché na Leidhbe Gairbhe, ar an Mháirt, 21 Meán Fómhair.   

The Sponsored Walked  will  take place Tuesday 21 September at 1:00pm from Leadhb Garbh Pier.

Clárú an Bhaile Saoire – Baile Saoire Registration

Clárú an Bhaile Saoire – Baile Saoire Registration

Beidh próiseas clárúcháin na dTithe Saoire ag an Bhaile Saoire curtha i gcríoch gan mhoill. Beidh an Baile Saoire cláraithe le TAMS (Tourist Accommodation Management Services Ltd) agus foghraithe le Fáilte Ireland go luath ina dhiaidh sin.

Baile Saoire Registration
The registration of the Baile Saoire will be complete in the near future. The Baile Saoire will be registered with TAMS (Tourist Accommodation Management Services Ltd.) and advertised with Fáilte Ireland shortly thereafter.

17.9.10

Folúntas Páirtaimseartha - Part-time Vacancy

Tá folúntas páirtaimseartha sa Bhaile Saoire do dhuine a bheas freagrach as cúram na dTithe Saoire.
Ba chóir d' iarrathóirí iarratais a sheoladh chuig Comharchumann Oileáin Árainn Mhór
roimh 1 Deireadh Fómhair 2010.

Part-time housekeeper required who will be responsible for accommodation at the Baile Saoire.
Applications to Comharchumann Oileán Árainn Mhór by 1 October 2010.

16.9.10

Folúntas - Vacancy Comhar na nOileán

Tá Comhar na nOileán Teoranta ag lorg duine atá

spreagach agus cumasach le post a ghlacadh

mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin den Ghrúpa Forbartha Áitiúil Comhtháite do na

hoileáin amach ón gcósta.

Tá an post lonnaithe ar oileán Inis Oírr, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe.


Fiosrúcháin trí ríomhphost amháin. Ba chóir

d'iarrthóirí tuiscint iomlán a bheith acu ar phobal

na n-oileán chomh maith le taithí ag obair ar an

gClár Forbartha Tuaithe (LEADER) agus le

tionscnaimh Cuimsithe Sóisialta.

Chun paca eolais a fháil déan teagmháil le do

thoil le fios@oileain.ie roimh 27 Meán Fómhair 2010



Comhar Na nOileán Teoranta, is looking for a
dynamic and capable person to take up a position

as Chief Executive Officer of the Integrated Local

Development Group for the offshore islands.

The position is based on the island of Inis Oírr,

Oileáin Árann, Co. Galway.








Ranganna Oíche - Night Classes

Cuirfear tús leis na ranganna ríomhaireachta i mí Dheireadh Fómhair. Ní bheidh na ranganna eile a bhí foghraithe a reáchtáil mar nach raibh éileamh orthu.

The computer classes will commence in October. Other classes which were advertised will not take place as there was insufficient demand for them.

15.9.10

Torthaí Árainn Mhór: Scéim Labhairt na Gaeilge 08/09, 09/10.

Lá Domhanda Croí 2010 - World Heart Day

Tá Lá Domhanda Croí ina lá náisiúnta agus idirnáisiúnta agus beidh sé ar siúl i mbliana ar an Domhnach an 26 Meán Fómhair. Tá an lá a reáchtáil chun aird a dhiriú ar ghalar croí agus ar strócanna, agus chun aird a dhiriú ar modhanna chun tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí fhisiciúila mhacasamhail an siúl. Tá súil ag Foras Croí na hEireann go mbeidh suas le 700 siúlóidí a eagruú sna pobail ar fud na tíre.

Cuirfear tús leis an siúlóid ar Árainn Mhór ag 1:30i.n ag cé na Leidhbe Gairbe. Is féidir tuilleadh eolais & foirmeacha urraíochta a fháil ach teagmháil a dhéanmah leis an Chomharchumann. 074 9520533

World Heart Day 2010

World Heart Day which is both a national and international day takes place on Sunday 26th September 2010. It is run to raise an awareness of heart disease and strokes and also to highlight how walking as a physical activity can have healthy heart benefits. The Irish Heart Foundation who are coordinating World Heart Day in Ireland are hoping to organise 700 walks in communities throughout the country.

The walk on Árainn Mhóir will commence at 1.30pm at the ferry pier.  Further information & sponsorship cards can be obtained by contacting an Comharchumann on 074 9520533.



14.9.10

Fogra Comharchumainn - Comharchumann Notice SPONSORED WALK

Siúloid Urraithe - Tá an siuloid a bhí le bheith ar siúl ar an 15 Meán Fómhair  curtha ar ceal go dtí an tseachtain seo chugainn mar gheall ar an droch aimsir.  


Sponsored Walked - Which was to take place on 15 September has been postponed until next week due to adverse weather conditions.

Eolas do Shaoránaigh - Citizens Information

Beidh oifigeach ón Ionad Eolais do Shaoránaigh, An Clochán Liath i láthair i
gComharchumann Oileán Árainn Mhór Teo
Ar an Déardaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2010
óna 10:30-13:00
Ag plé le fiosruithe Leasa Shóisialaigh, Deontais Tithíochta, Deontais inslithe, Cearta Fostaíochta, Cúrsaí Teaghlaigh, Cearta Tomhaltóirí, Oideachas & rl


The Dungloe Citizens Information Officer will be in attendance
In Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
On Thursday 14 October 2010
Between 10.30am – 1.00pm
Dealing with Social Welfare Entitlements, Housing Grants, Insulation Grants, Health Entitlements; Employment Rights, Family Matters, Consumer Rights, Education etc.


No Appointment Necessary

Donegal County Council - Harbour Byelaws

From 1 September 2010, new bye-laws have been introducted which cover Leadhb Gharbh & Athphort Piers on Árainn Mhór.  To access information regarding the bye-laws, click on following link:

Donegal Co Co New Harbour Bye-laws 1 Sep 2010

Seisiún Eolais - Information Session, Home Energy Saving Scheme 22/09/10

Tá an comharchumann i gcomhair le Jim Duffy,  NES Dhún na nGall ag reáchtáil seisiún eolais ina mbeidh cur i láthair a dhéanamh faoin Scéim Um Choigilt Fuinnimh Tí. Cuirfear tús leis an seisiún eolais ag 7:00i.n ar an Chéadaoin, 22 Meán Fómhair 2010 sa Chultúrlann, Fál an Ghabhann. An aidhm atá leis an seisiún ná daoine a chur ar an eolas faoi scéim, an dóigh le iarratas a dhéanamh ar líne agus na treoirlínte cuí a leagadh amach chun faomhadh bainc a fháil.
Ba chóir do dhaoine:

1.        Sonrasc BSL

2.        A gcuid sonraí bainc (íocfar deontas isteach i gcuntas an iarratasóir) a thabhairt leo chuig an seisiún.

I measc na deontas ata ar fáil tá: (uasmhéid)

€300 insliú áiléir
€600 insliú cuasáin
€750 rilatheoirí teasa
€3700 tirimlíneáil
€6000 insliú seachtracha
€100 teastas BER.
Cuirfear fáilte roimh chách.

An Comharchumann in association with Jim Duffy, NES Donegal, is organising an information session to present information regarding the Home Energy Saving Scheme. The session will take place at 7:00 pm on Wednesday , 22 September in an Chultúrlann, Fál an Ghabhann. The aim of the presentation is to provide information about the scheme, how to make an online application and obtaining bank approval.

Individuals interested in attending/making an application should bring the following with them to the session:

1. An ESB bill
2. Bank details (SEAI payments ar made directly into bank)

Grants available (up to):
€300 for roof insulation
€600 for cavity insulation
€750 for heating controls
€3700 for dry-ling
€6000 for external insulation
€100 for BER certificate
All Welcome

Monthly Newsletter – Nuachtlitir Míosúil

Tá nuachtlitir pobail an chomharchumainn ar fáil achán mhí ón Chomharchumann, ó Oifig an Phoist,  ón tIonad Lae & i dTeach an Phobail.

An Comharchumann community newsletter is available every month from an Comharchumann, the Post Office, the Day Centre & St Crone’s Church.

12.9.10

ALL WEATHER PITCH Siúlóid Urraithe-Sponsored Walk - 15 Meán Fómhair


Siúlóid Urraithe 5 Mhíle i gcomhair na Páirce Uile Aimseartha atá beartaithe ag Gairmscoil Mhic Diarmada

Beidh siúlóid urraithe a reachtáil ar an Chéadaoin, 15 Meán Fómhair 2010. Deán teagmháil leis an chomharchumann más mian foirmeacha urraíochta á lorg. 074 9520533


Sponsored 5 Mile Walk in aid of the proposed All-Weather Pitch at Gairmscoil Mhic Diarmada.
A sponsored walk will take place on Wednesday, 15 September 2010. To obtain sponsorship forms, contact an comharchumann. 074 9520533

10.9.10

Scéim Comharthaíochta – Signage Scheme

Tá an comharchumann i mbun iarratais ar scéim comharthaíochta chun comharthaí cloch eibhir breise a chur in airde ar an oileán. Cuirfidh na comharthaí go mór leis an togra comharthaíochta sna mbailte fearainn a cuireadh tús leis sa bhliain 2008, chomh maith le feabhsú na timpeallachta.

An comharchumann is preparing an application for additional granite boulder signage on the island. The additional boulders will develop the granite signage townland project initiated in 2008 and will enhance the appearance of the island.

8.9.10

Ag siúl i dTír Chonaill – Painéil Eolais - Walking in Donegal - Information Panels

Tá an comharchumann i mbun togra a chur an Comhairle Chontae tús leis roinnt blianta ó shin ach nár cuireadh chun críoch é. Togra siúlóide dar teidil “ Ag siúl i dTír Chonaill” atá i gceist ina bhfuil 6 seastáin le pictiúir & eolas faoin oileán orthu curtha in airde timpeall siúlóidí an oileáin. Cuireadh na seastán in airde tamall siar ó shin agus faoi láthair, tá lucht dearaidh i mbun deartha ar na painéil eolais.


An Comharchumann in the process of completing a project which was initiated by Donegal County Council a number of years ago but was never completed. The project entitled ‘ Walking in Donegal’ consists of 6  information stands illustrating pictures, facts and history about the island which will be placed at various places of interest along the island's walking routes.
The stands have been in place for some time and the panels are in the process of being designed by the designers.

Fís diosca digiteach Turasóireachta – Tourism Promotion DVD

Tionscnamh Forbartha Turasóireachta – Tourism Development Initiative

Tá i gceist ag an chomharchumann fís diosca digiteach a choimisiúnú chun tionscal na turasóireachta ar an oileán a chur chun cinn. Tá sé i gceist léiriú a dhéanamh ar aiseanna turasóireachta an oileáin agus beidh deis ag soláthairtí seirbhísí turasóireachta ata cláraithe a gcuid táirgí a chur chun cinn ar an fís diosca. Tá iarratas an chomharchumainn á mheas faoi láthair agus cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoin tionscal nuair atá sé ar fáil.


An comharchumann intends to commission a promotional DVD in order to promote the tourism potential of the island. The DVD will illustrate tourism facilities and registered tourism service providers will have an opportunity to promote their services on the DVD. An comharchumann’s application is currently being assessed. Further information will follow as it becomes available.

Cartlann Clos-Amharc – Audio Visual Archive

Tá an comharchumann páirteach, i gcomhair leis an Chomhairle Chontae, i dtionscadal turasóireachta do oileáin Dhún na nGall.(Comharchumann Thoraí & Comharchumann na nOileán Beag) Tá sé i gceist gan mhoill, ábhar cartlainne faoi Árainn Mhór a bhailiú. Beidh ábhar na cartlainne curtha ar fáil ina dhiaidh sin ar ‘touchscreen kiosks’ a bheidh lonnaithe in ionad eolais na cultúrlainne. Má tá smaointe ag daoine i dtaca le cartlann faoi leith ar chóir a bheith curtha sa bhailiúchán, déan teagmháil leis an chomharchumann le bhur dtoil chun an chomharchumann a chur ar an eolas faoi.
074 9520533

An Comharchumann in association with Donegal County Council, is participating in a tourism project involving the islands of Donegal. (Comharchumann Thoraí & Comharchumann na nOileán Beag) Plans are underway to collect media archives relating to Árainn Mhór. The archives will then be available on touch -screen kiosks which will be located in an chultúrlann information centre. If anyone has any suggestions as to archive material for inclusion in the archive, please contact an comharchumann and let us know about it. 074 9520533

7.9.10

Lá Náisiúnta na gCosán - National Trails Day 2010- 3 October 2010

National Trails Day Event , Árainn Mhór, Sunday, 3rd October 2010

This October will see the third ever event of its kind taking place across the country with everyone being encouraged to be a part of it - get out and hit the trail!  National Trails Day will see events being organised around the country to suit all ages, abilities and interests.

Walking Event: Oileán Árainn Mhóir

Event Name: Siúlóid timpeall lochanna an oileáin- Looped walk around island lakes

Location: Oileán Árainn Mhóir – Arranmore Island

Theme: Siúlóid dúlra le radhairc áite– Nature walk with scenic views

Description of event: Siulóid timpeall lochanna an oileáin.

(Aiseanna Picnic – Picnic Facilities)

Host organisation: Comharchumann Oileán Árainn Mhóir - Arranmore Island Development Co-op

Contact name: Niamh Ní Dhónaill, Oifigeach Forbartha.

Phone number: 074 9520533

Email address: comharchumann@oileanarainnmhoir.com

Website address: http://www.oileanarainnmhoir.com/

Nearest towns: Ailt an Chorráin & An Clochán Liath (Burtonport & Dungloe)

How to get there: Seirbhísí báid ó hAilt an Chorráin - Access to Oileán Árainn Mhóir is by ferry from Burtonport

Meeting point: Cé na Leidhbe Gairbhe – Leabgarrow Pier

Time of event: 1:30-3:30pm

Duration: 2 uair an chloig – 2 hours

Suitable for: Gach aois grúpa – All ages

General instructions: Caith éadaí agus bróga fearthainne. - Wear waterproof clothing and footwear.

Further Information: www.nationaltrailsday.ie

& Comharchumann Oileán Árainn Mhór 074 9520533

Deontas Faighte €1200.00 – Receipt of Grant €1200.00

Tá deontas de €1200.00 faighte ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór ó Chomhar na nOileán chun aiseanna na Cultúrlainne a fheabhsú agus chun taispeántais staire a chur in airde san fhoirgnimh.

Íocadh an deontas faoin Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013.

Comharchumann Árainn Mhór Teo is in receipt of a grant of €1200.00 from Comhar na nOileán Teo improve the facilities of an Chultúrlann and to provide displays of historical interest in an Chultúrlann.

The grant was paid under the Rural Development Plan 2007-2013.

Deontas Faighte €6773.70 – Receipt of Grant €6773.70

Tá deontas de €6773.70 faighte ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór ó Chomhar na nOileán chun forbairt a dhéanamh ar aiseanna an ionad eolais agus chultúrtha. Tá trealamh ranga agus oifige ceannaithe don fhoirgnimh; trealamh a rachaidh go mór chun sochair an phobail agus a chuirfidh go mór leis na haiseanna atá curtha ar fáil san Ionad. Íocadh an deontas faoin Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013.


Árainn Mhór Teo is in receipt of a grant of €6773.70 from Comhar na nOileán Teo to develop the facilities of an Chultúrlann. Class room and office equipment has been purchased for the building; equipment which will benefit the community and will improve the facilities available in an Chultúrlann. The grant was paid under the Rural Development Plan 2007-2013.


Tionscadal Oiliúna Tras-náisiúnta

I mí Eanáir 2010, bhí léirithe suime á lorg ó oileáin a mbeadh suim acu 'bheith páirteach i dtionscadal oiliúna a bhí beartaithe ag Comhar na nOileán a ullmhú i gcomhair le grúpaí ó oileáin na Danmhairge. Bhí léirithe suime ag teastáil ó trí oileán agus léirigh Comharchumann Oileán Árainn Mhór suim thar cheann Árainn Mhór.

An aidhm atá taobh thiar den tionscadal ná tacaíocht a chur ar fáil do na hoileán chun plean fuinnimh a chur i gceann a chéile. Rinne Comhar na nOileán iarratas ar mhaoiniú agus i mí Lúnasa 2010, ceadaíodh an togra.

Reáchtálfar an chéad cheardlann  i nGaillimh ar an 28 Meán Fómhair le cur síos a dhéanamh ar an tionscadal. Beidh ionadaí amháin ón ghrúpa i láthair chun cur i láthair gairid a dhéanamh faoin oileán. (seirbhísí, aiseanna, fuinneamh in-athnuaite, bainistiú dramhaíola)

Tar éis na ceardlainne sin, cuirfear aiseolas ar fáil do bhaill an ghrúpa agus eagrófar ceardlanna ina dhiaidh sin ar a mbeidh deis ag iomlán na mball 'bheith páirteach iontu.

Tá 18 ainmnithe ar ghrúpa Árainn Mhór go dtí seo. Má tá spéis ag daoine bheith páirteach sa tionscadal, déanaigí teagbhail leis an chomharchumann. 074 9520533


Trans-National Energy Training Project

In January 2010, expressions of interest were sought from islands wishing to participate in a trans-national energy development project which Comhar na nOileán (LEADER Group) was proposing to embark upon with groups from the Danish Islands. Participation of three Irish island was sought and an Comharchumann submitted an expression of interest on behalf of Árainn Mhór.

The objective of the project was to assist the islands in drawing up an energy plan. Comhar na nOileán submitted an application for funding. In August 2010, funding for the project was approved.

The first workshop will take place on Tuesday 28 September 2010 in Galway when the objectives of the project will be outlined. One representative from each group will attend the first workshop and will present a short introductory presentation of the island. (Services, facilities, renewable energy, waste management). Information form the workshop will be relayed to members of the group.

Workshops will then be arranged which will be open to all members of the groups. There are 18 members in the Árainn Mhór group. Anyone wishing to participate in the project can contact an comharchumann. 074 9520533





1.9.10

Fógra Scairshealbhóirí Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo– Notice to Shareholders of Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. Rialacha Leasaithe – Amended Rules

Tá rialacha leasaithe Comharchumann Oileán Árainn Mhór cláraithe le ICOS ó bhí 23 Lúnasa 2010 ann.
The amended rules of Comharchumann Árainn Mhór Teo are registered with ICOS since 23 August 2010.

NÍL “AON mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais."

PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge
Irish Times 1/9/2010



NÍL “AON mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, leis an cholún seo an tseachtain seo.

Bhí Carey ag tabhairt freagra ar litir oscailte a chuir an brúghrúpa Guth na Gaeltachta as Gaeltacht Dhún na nGall chun an pháipéir seo an tseachtain seo caite.

Léirigh lucht scríofa na litreach – daoine a bhfuil baint acu le cur chun cinn na teanga i mórán réimsí – léirigh siad go raibh imní orthu go mbeadh “deireadh go praiticiúil le Roinn na Gaeltachta” dá nglacfadh an Rialtas le tuarascáil Roinn an Airgeadais ar chaiteachas caipitiúil don tréimhse 2010-2016. Scríobh an grúpa gur thuig siad go raibh “muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda”.

Dúirt Carey go raibh “cuid mhaith ráite faoi na himpleachtaí a bhaineann le hAthbhreithniú Caipitil an Rialtais do thodhcaí na Gaeltachta agus go háirithe don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá argóint déanta ag daoine go bhfuil an dá cháipéis ag teacht salach ar a chéile.

“Tá práinn ag baint le feidhmiú na straitéise agus go háirithe le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht agus thuigfeá ar an mbonn sin go mbeadh imní ar dhaoine ar spéis leo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.

“Is deis stairiúil don teanga atá sa straitéis agus táimse mar Aire agus tá an Rialtas meáite ar an deis sin a thapú. Is fiú a mheabhrú go bhfuil an dréachtstraitéis glanta ag an Rialtas agus gur cáipéis í a bhfuil údarás ag baint léi dá bharr. Beidh údarás níos mó fós, áfach, ag an straitéis féin ach é bheith pléite, aontaithe agus foilsithe ag an Rialtas.”

Dúirt sé gur “i gcomhthéacs” na straitéise a dhéanfaí cinneadh ar bith faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta agus todhchaí Údarás na Gaeltacha fosta.

Dúirt sé go raibh na leasuithe a mhol an Comhchoiste Oireachtais “á scrúdú faoi láthair. Ní foláir, áfach, deireadh a chur uair éigin leis an ndíospóireacht agus tús a chur le feidhmiú na straitéise. Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo”.

Teastas Eorpach na Gaeilge

Beidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge ar siúl ar na dátaí seo i 2011: Teastas Eorpach na Gaeilge exams take place on the following dates in 2011:

B2 2.04.2011
B1 16.04.2011
A2 7.05.2011
A1 21.05.2011
sna hionaid seo a leanas in Éirinn / in the following centres in Ireland:

Má Nuad / Maynooth
Gaoth Dobhair
Leitir Ceanainn / Letterkenny
Caisleán an Bharraigh / Castlebar
An Spidéal
Luimneach / Limerick
Corcaigh / Cork
Cill Chainnigh / Kilkenny
Béal Feirste (NUA) / Belfast (NEW)