1.9.10

NÍL “AON mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais."

PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge
Irish Times 1/9/2010



NÍL “AON mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, leis an cholún seo an tseachtain seo.

Bhí Carey ag tabhairt freagra ar litir oscailte a chuir an brúghrúpa Guth na Gaeltachta as Gaeltacht Dhún na nGall chun an pháipéir seo an tseachtain seo caite.

Léirigh lucht scríofa na litreach – daoine a bhfuil baint acu le cur chun cinn na teanga i mórán réimsí – léirigh siad go raibh imní orthu go mbeadh “deireadh go praiticiúil le Roinn na Gaeltachta” dá nglacfadh an Rialtas le tuarascáil Roinn an Airgeadais ar chaiteachas caipitiúil don tréimhse 2010-2016. Scríobh an grúpa gur thuig siad go raibh “muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda”.

Dúirt Carey go raibh “cuid mhaith ráite faoi na himpleachtaí a bhaineann le hAthbhreithniú Caipitil an Rialtais do thodhcaí na Gaeltachta agus go háirithe don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá argóint déanta ag daoine go bhfuil an dá cháipéis ag teacht salach ar a chéile.

“Tá práinn ag baint le feidhmiú na straitéise agus go háirithe le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht agus thuigfeá ar an mbonn sin go mbeadh imní ar dhaoine ar spéis leo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.

“Is deis stairiúil don teanga atá sa straitéis agus táimse mar Aire agus tá an Rialtas meáite ar an deis sin a thapú. Is fiú a mheabhrú go bhfuil an dréachtstraitéis glanta ag an Rialtas agus gur cáipéis í a bhfuil údarás ag baint léi dá bharr. Beidh údarás níos mó fós, áfach, ag an straitéis féin ach é bheith pléite, aontaithe agus foilsithe ag an Rialtas.”

Dúirt sé gur “i gcomhthéacs” na straitéise a dhéanfaí cinneadh ar bith faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta agus todhchaí Údarás na Gaeltacha fosta.

Dúirt sé go raibh na leasuithe a mhol an Comhchoiste Oireachtais “á scrúdú faoi láthair. Ní foláir, áfach, deireadh a chur uair éigin leis an ndíospóireacht agus tús a chur le feidhmiú na straitéise. Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo”.