4.2.09

Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine

Irish Times
4 Feabhra 2009
Eamon Ó Cuív, an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta


NUAIR A fhéachaimid ar dhul chun cinn pholasaí na Gaeilge le blianta beaga anuas, seasann nithe áirithe amach. Mar shampla, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge san AE agus Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006.

Ba tháscairí soiléire iad seo maidir le hobair atá déanta, spriocanna atá bainte amach agus ardmhianta beartais amach anseo. Níl sé chomh héasca céanna an obair shocair, chiúin, riachtanach atá déanta thar na blianta a aithint, obair nach maíonn reachtaíocht mhór nó feachtais iomráiteacha. B’amhlaidh mar a bhí do 2008.

Leanadh leis an obair atá ar bun don Ghaeilge le cúpla bliain anuas sa bhliain 2008. I rith na bliana, síníodh na rialacháin a bhaineann le comharthaíocht, stáiseanóireacht srl agus tiocfaidh siad sin i bhfeidhm de réir a chéile ag tosú i mí an Mhárta seo chugainn. Cinnteoidh na rialacháin seo go mbeidh comhchéim ar a laghad ag an nGaeilge leis an mBéarla ar leithéid stáiseanóireacht, comharthaí srl, sa státchóras. Is fada faillí á dhéanamh ar na nithe seo. Is féidir a rá freisin go raibh an dul i gcomhairle is cuimsithí dá raibh ann riamh maidir le rialacháin i gceist leis na rialacháin seo agus creidim go gcuireann sé seo go mór lena seasamh. Chomh maith leis sin, i rith na bliana, leanadh leis an obair atá ar bun ar réiteach don Ráiteas Straitéiseach Fiche Bliain don Ghaeilge agus comhthreomhar leis sin, ag réiteach cáipéise maidir le cur i bhfeidhm na moltaí sa Staidéar Teangeolaíochta ar an nGaeltacht. Ar ndóigh, creidim go bhfuil an dá rud sin ceangailte go hiomlán lena chéile.

Bhí i gceist againn an Plean Straitéiseach Fiche Bliain (Plean 2028) chomh maith le torthaí an Choiste Rialtais ar an Staidéar Teangeolaíochta a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana 2008 agus ar ndóigh, tá díomá orm nár éirigh linn na spriocanna sin a bhaint amach. Mar is eol do chách, ba bhliain an-chorrach í an bhliain 2008, bliain ar tharla go leor rudaí gan choinne leo.

Tá Taoiseach nua againn atá ag cur an-spéis sa Ghaeilge agus atá anois mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhaireachta. De bharr brú ama, níor éirigh linn an oiread cruinnithe agus ar mhaith linn bheith againn ach tá an obair ag dul ar aghaidh an t-am ar fad. Tá i gceist mórchuid oibre a dhéanamh ag tús na bliana seo leis na moltaí faoin dá straitéis a thabhairt chun foirfe. Cheana féin tá dréacht straitéise faighte agam agus tá mé ag plé na moltaí ann le hoifigigh na Roinne agus tá comhráití ag dul ar aghaidh freisin le Ranna Stáit eile.

Tá an obair seo tábhachtach, agus i mo thuairimse, tá sé níos tábhachtaí é a dhéanamh i gceart ná é a chríochnú laistigh de spriocam áirithe. Is cuimhin liom nuair a bhí an tAcht Teanga á phlé go raibh ailt i bpáipéir ag rá nach bhfoilseofaí an tAcht Teanga go deo agus nuair a foilsíodh é nach gcuirfí i bhfeidhm é.

Ar ndóigh, tharla an dá rud sin agus tá i gceist coinneáil linn chomh tapa agus is féidir agus Plean Straitéiseach don Ghaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. É sin ráite, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an plean foirfe mar beidh todhchaí na Gaeilge ag brath go mór air. Mar atá ráite agam go minic cheana, creidimse go mbeadh an taoille casta dá mbeadh 250,000 duine sa tír ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Sin an sprioc atá agam agus ag an Rialtas. Is é an dúshlán atá ann ná cén chaoi a mbainfimid é seo amach.

DAR nDÓIGH, tá obair ar siúl go leanúnach chun stádas agus caighdeán na Gaeilge a fheabhsú. Is dóigh liom, de réir a chéile go bhfuil ag éirí leis an Rialtas agus leis an Aontas Eorpach dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge bheith mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach.

Tá ciste faoi leith ann le cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus ag Óstaí an Rí. Níl aon cheist ach go gcuireann an stádas Eorpach go mór le stádas na Gaeilge sa mbaile agus san Eoraip. Maidir leis an gcaighdeán, tá cinneadh déanta ag an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil agus tá i gceist tabhairt faoin obair seo sa bhliain 2009.

Creidim, má tá rath fadtéarmach i ndán don Ghaeilge, go mbeidh ról an-tábhachtach ag na Gaeltachtaí ach go dtiocfaidh an borradh agus an fás a athróidh rudaí go buan ó na bailte agus na cathracha.

Caithfidh an Ghaeilge athrú ó theanga pobal tuaithe go teanga atá inghlactha sa saol cathrach agus mar sin creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfear go mór leis an ngréasán pobail atá á thógáil timpeall thart ar naíonraí, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí sna cathracha. Creidim go gcaithfeadh straitéis a bhaineann leis na pobail seo bheith lárnach don Straitéis Fiche Bliain agus go gcuideodh láidriú na Gaeilge sna cathracha agus sna bailte móra freisin le caomhnú agus láidriú na Gaeltachta. Ní dóigh liomsa gur féidir le ceann maireachtáil gan an ceann eile.

Creidim go mór gur cheart na hacmhainní atá ag na heagrais Ghaeilge a úsáid le lárionaid Ghaeilge a thógáil sna cathracha. Ceann de na fadhbanna a bhíonn ag pobal na Gaeilge ná nach mbíonn áit fheiliúnach le casadh ar a chéile i gcomhthéacs Gaeilge ag go leor daoine atá báúil don teanga.

Tá go leor foirgnimh ag eagrais Ghaeilge ach creidim nach bhfuil lánúsáid á mbaint astu agus gur gá athchóiriú a dhéanamh orthu agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil siad feiliúnach do shaol an lae inniu.

Beidh mé ag scrúdú na ceiste seo tuilleadh i mbliana le féachaint cén bealach is fearr an fhís seo a chur chun cinn. Níl aon amhras ach go bhfuil an-obair déanta ag pobal Bhéal Feirste leis an gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál agus is rud mar sin atá i gceist agam, áit a bhféadfadh daoine bualadh isteach agus casadh le daoine agus réimse seirbhísí leathan pobal Gaeilge a fháil.

Ag deireadh thiar thall, cé go bhfuil an Rialtas lántiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a thacú, a láidriú agus a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine.

Tá a fhios againn go ginearálta go bhfuil tromlach na ndaoine, idir dhaoine a labhrann agus nach labhrann Gaeilge, dearfach i leith na teanga. Go deimhin, léirigh suirbhé iarrtha ag an Roinn seo i 2005 gur mheas 89 faoin gcéad de na daoine a ghlac páirt sa tsuirbhé go raibh an Ghaeilge tábhachtach dóibh go pearsanta nó don tír féin. Ní foláir dúinn cur leis seo.

Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu, gan eagla orthu go gceartófaí iad nó go mbeidís míshuaimhneach. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu, í a chur ar aghaidh chuig a bpáistí agus tacú lena húsáid laistigh den phobal.

Táim féin muiníneach go leanfaidh an Ghaeilge ag déanamh go maith le hiarrachtaí dearfacha i measc phobal na tíre.

Tá Éamon Ó Cuív TD ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta