23.2.09

Cúrsa Access 21, Gaoth Dobhair

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn i ndiaidh a gcuid saineolais agus a gcuid acmhainní a chur le chéile le Cúrsa Access 21 a reáchtáil i nGaoth Dobhair le freastal ar riachtanais oideachais Cheantar Gaeltachta Dhún na nGall. Tá an Cúrsa Access 21 fóirsteanach do dhá chineál mac léinn:
• Daoine atá 23 bliain d’aois nó faoina bhun agus a rinne an Ardteistiméireacht in 2005, 2006, 2007 nó 2008 agus nár bhain amach na pointí atá de dhíth le dul chuig an Ollscoil ag an am nó nár éirigh leo dul ar chúrsa tríú leibhéal ar chúiseanna éagsúla.
• Mic léinn fhásta atá ag iarraidh dul a staidéar ag an Tríú Leibhéal ach nach raibh ábalta sin a dhéanamh de thairbhe a gcúlra oideachais nó cúraimí teaghlaigh agus eile a bheith orthu.
Is ar champas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair a bheas an cúrsa lánaimseartha seo á reáchtáil. Tosóidh an cúrsa ag deireadh mhí Feabhra 2009 agus mairfidh sé go Meitheamh 2009.
Is é aidhm an chúrsa na scileanna atá de dhíth a thabhairt do na mic léinn le dul ar chúrsa céime i gceann den dá institiúid atá páirteach sa scéim agus cabhrú leo dul chun cinn a dhéanamh ar na cúrsaí sin.
Beidh rogha leathan ábhar le staidéar ar an chúrsa. Ina measc beidh: Ríomhaireacht, Matamaitic, Aistriúchán, Staidéar Gnó agus Dlí. Chomh maith leis sin, tabharfar cúnamh do na mic léinn a gcuid scileanna staidéir agus scríbhneoireachta a fhorbairt.
Ar chríochnú sásúil an chúrsa beidh deis ag na rannpháirtithe dul ar aghaidh agus cúrsa céime a dhéanamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn nó in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Reáchtálfar seisiún eolais faoi Access 21 in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair, Dé Céadaoin, 25 Feabhra 2009, ag 6.00pm.
Tá fáilte roimh dhaoine a bhfuil spéis acu dul ar an chúrsa agus/nó atá ag lorg eolais faoin chúrsa seo agus faoi chúrsaí eile de chuid an Acadaimh, ag an seisiún eolais seo.
Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ó:
Séamus Ó Briain
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Na Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall.
Teil: 074 9531919
Ríomhphost: gaothdobhair@oegaillimh.ie