12.2.09

Oifigeach Forbartha faoi Oiliúint á lorg ag Forbairt na Dromada Teo.

Tá Oifigeach Forbartha faoi Oiliúint á lorg ag Forbairt na Dromada Teo. chun dul i mbun cúraimí forbartha i gceantar feidhme an chomhlacht.

Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Forbairt na Dromada Teo agus lonnaithe in oifigí an chomhlachta ar an gCillín Liath.

An Post:

Déileáil le heagraíochtaí áitiúil pobail
Tionscnamh áitiúil a spreagadh agus a bhainistiú
Obair taighde agus riaracháin a dhéanamh
Plé le forbairtí ata ar súil sa cheantar
Bainistiú a dhéanamh ar thograí an chomhlachta



Cáilíochtaí:

Duine le taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó nó le taithí i gcúrsaí forbartha pobail ata ag teastáil.
Bheadh cáilíocht tríú leibhéal ina bhuntáiste.
Ní foláir go mbeadh ar chumas an té a cheapfar dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge.
Seoltar iarratais mar aon le CV chuig:

An Bainisteoir Forbartha Pobail
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe

Beidh an duine seo ag feidhmiú faoi scéim Oifigigh Forbartha faoi Oiliúint Údarás na Gaeltachta.

Tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar: Teil 091 503100 / Facs: 091 503101 nó seol ríomhphost chuig: eolas@udaras.ie

Is é an dáta deireanach a nglacfar le hiarratais ná Dé Sathairn, 28 Feabhra 2009.