20.2.09

Ionaid Foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht - Irish Language Learning Centres in the Gaeltacht

Tá 30 Ionad Foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht atá faoi choimirce Údarás na Gaeltachta.
Cuireann na hionaid ábhair foghlama agus an teicneolaíocht is nua‑aimseartha ar fáil do dhaoine fásta a dteastaíonn uathu Gaeilge a fhoghlaim, blas na Gaeilge a fháil, nó a gcumas sa teanga a fheabhsú.
Is é Teastas Eorpach na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, an caighdeán nua atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Beidh na cúrsaí a chuirfear ar siúl sna hionaid Ghaeltachta creidiúnaithe leis an Teastas seo.
Is iad na cúrsaí seo na cúrsaí creidiúnaithe amháin sa tír atá ar fáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, agus tá na cúrsaí céimnithe chun freastal ar dhaoine le cumais éagsúla teanga.
Tugtar liosta ag an nasc thíos d’Ionaid Foghlama Teanga atá lonnaithe ar fud na Gaeltachta mar aon lena sonraí teagmhála:
Ionaid Foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht
There are 30 Irish language learning centres in the Gaeltacht, which are under the auspices of Údarás na Gaeltachta.  The centres provide learning materials and have the most up to date technology for adults wishing to learn or the language, obtain the ‘blas’, or improve their Irish.
The new internationally recognised standard, European Certificate in Irish, from the National University of Ireland, Maynooth, will be accredited to courses held in the Centres which are located throughout the Gaeltacht areas.
These are the only accredited certificate courses available to people learning Irish and are graded to suit all abilities.
Access contact details of the Language Learning Centres located throughout the Gaeltacht