28.5.09

Díospóireacht phoiblí faoi stádas na Gaeltachta á lorg ag Údarás

Ag labhairt dó ag seimineár do stiúrthóirí na nIonad Seirbhísí Teanga sa Ghaeltachta i mBaile Chláir na Gaillimhe inné dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh sé an-tábhachtach go n-eagrófar díospóireacht phoiblí i ngach pobal Gaeltachta faoi thodhchaí a stádas Gaeltachta nuair a fhoilseoidh an Rialtas an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge amach anseo.

Dúirt sé nach leor do phobail a éileamh go dteastaíonn uathu a stádas Gaeltachta a choinneáil ach gur gá plean gníomhaíochta a chur i dtoll a chéile a thabharfaidh aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le treisiú na Gaeilge mar theanga phobail agus mar theanga teaghlaigh.

Thagair sé chomh maith don tuairimíocht atá ann faoi athruithe ar struchtúr agus ar fheidhmeanna an Údaráis roimh dheireadh 2010 agus mhol sé do riarthóirí na nIonad Seirbhísí Teanga agus gníomhairí eile pobail ar fud na Gaeltachta díospóireacht agus plé a chothú maidir leis an struchtúr stáit is fearr a d’oirfeadh do riachtanais na Gaeltachta sa ré dúshlánach chinniúnach atá romhainn amach. Reáchtáil Údarás na Gaeltachta an seimineár do stiúrthóirí na nIonad Seirbhísí Teanga in Óstán Bhaile Chlár na Gaillimhe inné.

Tá 32 Ionad Seirbhísí Teanga anois bunaithe ag an Údarás ar fud na Gaeltachta agus tugadh stiúrthóirí na nIonaid le chéile le plé a dhéanamh ar fhorbairt na nIonad agus ar a ngníomhaíochtaí margaíochta.