5.5.09

Sceanairt ar eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta

Tá eagraíochtaí Gaeilge is Gaeltachta ag feitheamh le drochscéal sa phost go luath tar éis sceanairt a bheith déanta ar chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

Agus is beag seans go bhfaighidh siad cluas éisteachta ó Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív más fúthu gearán a dhéanamh. Tuigtear do Foinse gur chuir an tAire Ó Cuív in iúl d’eagraíochtaí teanga i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite go bhfuil sé ag súil le tuilleadh comhoibrithe eatarthu agus ag súil go mbainfeadh siad leas níos fearr as na hacmhainní atá acu. Ag labhairt dó ag seimineár a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Déardaoin, thug an tAire le fios go gcreideann sé nach bhfuil gá ach le heagraíocht teanga amháin agus is léir go bhfuil pleananna cónasctha fós ar intinn aige don earnáil Ghaeilge.

Idir an dá linn, maíonn eagrais Ghaeilge áirithe go mbeidh orthu daoine a scaoileadh chun bealaigh mar thoradh ar chiorruithe ar a mbuiséad. Agus anailís á déanamh anois ar dháileadh na gciorruithe a dhéanfar ar chostais san earnáil phoiblí sna Meastacháin Athbhreithnithe, is léir go bhfuil bascadh mór tugtha don teanga. Ciorrú E2.5m, mar shampla, a bheas ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge, nuair a chuirtear ciorruithe ó Rialtas na Breataine san áireamh, figiúr atá i bhfad Éireann níos mó ná an méid a bhí luaite ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le cúpla seachtain anuas. Is iad na heagrais dheonacha Gaeilge is mó a bheas thíos leis sin. Ach tá drochscéal ann don Ghaeltacht freisin mar go gcaithfear E25m níos lú ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana ná anuraidh. Titfidh buiséad Fhoras na Gaeilge ó E24.4m in 2008 go E21.9m in 2009. Is ionann sin agus ciorrú 10% ar a gcaiteachas iomlán. Tá mionchur síos déanta ar shuíomh na Roinne Airgeadais ar an mbealach a gcuirfear an ciorrú  E2.5m i bhForas na Gaeilge i bhfeidhm. Gearrfar ionann is E1m den mhaoiniú a dhéanann Foras na Gaeilge ar na heagraíochtaí Gaeilge - leithéidí Gael Linn, Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael. Titfidh líon na ndeontas a thugann siad do na heagrais dheonacha Gaeilge ó E13.9m in 2008 go E12.9m in 2009.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh 7% níos lú de dheontais le roinnt ar na heagrais Ghaeilge. Anuas ar sin gearrfar breis is E2m ar ghnaithí eile  a ndéanann FnaG maoiniú orthu ar nós- margaíocht, fógraíocht, scéimeanna Gaeilge etc. Titfidh sé seo ó E5.5m in 2008 go E3.5m in 2009 (ciorrú 37%.) Ísleoidh buiséad na heagraíochta Colmcille ó E193,000 in 2008 go E12,941 in 2009. Ach ar an láimh eile tiocfaidh ardú 27% ar an méid a chaitheann Foras na Gaeilge ar phá agus ar phinsean foirne. Tá sé seo ag tarlú mar go bhfuil 16 post nua le cruthú. Faoi láthair tá 42 duine fostaithe go lán-aimseartha ag an bhForas agus méadóidh sé seo go 58 duine i mbliana (ardú 38%.) Ardóidh an méid a chaitear ar thuarastail ó E2.9m in 2008 go E3.7 in 2009. Geallann Foras na Gaeilge gur i nGaoth Dobhair a bheas ar a laghad cúig cinn de na postanna sin agus deirtear gur postanna iad atá ceadaithe le fada, tuairim go dtagann an tAire Ó Cuív léi. Deir Breandán Mac Craith, Oifigeach Caidreamh Poiblí, Foras na Gaeilge, nach bhfuil aon chinnteacht ann fós maidir le mionsonraí na gciorruithe. ‘Tá gearradh siar 10% déanta ar ollbhuiséad an Fhorais de réir mar a leagtar amach na meastacháin. Beidh tionchar aige sin ar na heagrais gan dabht. Cén tionchar? Tá sé sin fós le cíoradh. Ní thig liom teacht roimh an chinnidh a bheas á dhéanamh ag an mBord ar an obair ó thaobh na bhfigiúirí. Tá orainne ciorruithe a chur i bhfeidhm ar ár gcuid gníomhaíochtaí ar fad. Beidh tionchar ag an 10% ar gach rud atá ar bun ag an bhForas. Tá muid ag suí síos leis na figiúirí faoi láthair, níl siad againn féin ach le seachtain anuas nó mar sin. Beidh siad á gcur os comhair an Bhoird faoi cheann coicíse agus bheadh súil againn pictiúr níos soiléire a bheith againn an uair sin.’

Tá fíor-dhrochscéal sna meastacháin do chúrsaí Gaeltachta fré chéile. Go bunúsach caithfidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta E25m níos lú ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana ná anuraidh. Déanfar ciorrú E46m ar bhuiséad na Roinne, rud a fhágfaidh go mbeidh ionann is E442m le caitheamh aici i mbliana. Is Roinn mhór í a chuimsíonn cúrsaí drugaí, forbairt tuaithe, oileáin agus ar ndóigh an Ghaeltacht. Caitear an ceathrú cuid d’airgead na Roinne ar chúrsaí Gaeltachta ach is san earnáil sin is mó atá ualach an gciorruithe á n-iompar. Bainfear E25m ón rannóg seo den Roinn rud a chiallaíonn go bhfuil cúrsaí Gaeltachta ag iompar breis is leath den chiorrú sa Roinn in ainneoin nach gcaitear ach an ceathrú cuid den bhuiséad air. Titfidh an méid a chaithfear ar fhorbairt na Gaeltachta agus na nOileán ó E111.3m in 2008 go E85.9m do 2009. Buailfear infrastruchtúr ar na hoileáin go dona agus an soláthar laghdaithe ó E33m in 2008 go E23.7m do 2009. Tá ciorrú mór ar Údarás na Gaeltachta chomh maith agus gearrfar a gcaiteachas riaracháin ó E13.9 go 11.8m.   www.foinse.ie