2.6.09

Buiséid na n-eagraíochtaí Gaeilge slán

Dheimhnigh An Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha de chuid Fhoras na Gaeilge, Éamon Ó hArgáin, nach mbeidh aon ghearradh siar eile á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar bhuiséad na n-eagraíochtaí Gaeilge sa bhreis ar an ngearradh siar a rinneadh cheana don bhliain 2009.

Mhínigh an tUasal Ó hArgáin in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo go mb’éigean d’Fhoras na Gaeilge fanacht go dtí mí Bealtaine na bliana seo chun fáil amach go díreach cá mhéad airgid a chuirfí ar fáil do bhuiséad an Fhorais i mbliana.

Deimhníodh le déanaí gur cuireadh in iúl dóibh gur gearradh siar de 10% ó bhuiséad na bliana 2008 a bheidh i gceist. Chuir urlabhraí de chuid an Fhorais in iúl do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil gearradh siar déanta ar ghníomhaíochtaí intí, agus is mar gheall ar na coigiltí seo gur féidir feidhmiú taobh istigh de bhuiséad laghdaithe, gan airgead na n-eagraíochtaí Gaeilge a ghearradh a thuilleadh.

Mar fhreagra ar fhiosruithe Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi fheidhmíocht an Fhorais laistigh de Bhuiséid laghdaithe agus na himpleachtaí a bhaineann leis sin don phobal mhínigh urlabhraí an Fhorais gur bhain na coigiltí le hísliú de 8% a d’éirigh leo a aontú lena soláthraithe agus le ciorrú ar scéimeanna comharthaí dátheangacha, scéimeanna Gnó le Gaeilge, agus scéimeanna campaí samhraidh chomh maith le gearradh siar in ábhair bholscaireachta.

Gearrfar siar freisin ar an méid urraíochta a chuirfidh an Foras ar fáil, agus an méid fógraíochta a dhéanfar. Luaigh urlabhraí an Fhorais freisin go raibh 69 post ceadaithe don Fhoras nuair a bunaíodh ar dtús é, agus go bhfuil siad ag feidhmiú le foireann de 51 duine.

Is ar an gclár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta a chuala na heagraíochtaí Gaeilge an dea-scéal den chéad uair agus tuigtear do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil an t-eolas á chur in iúl do na heagraíochtaí go hoifigiúil de réir a chéile.

Is cinnte go bhfáilteofar roimh an deimhniú seo le gur féidir leis na heagraíochtaí leanúint ar aghaidh lena gclár oibre don bhliain ag soláthar seirbhísí den scoth don phobal agus ag cinntiú luach ar airgid ar gach caiteachas.

www.gaelport.com