30.4.09

Suirbhé nua ar an Ghaeilge

Is mian le 93% de na daoine a ghlac páirt i suirbhé náisiúnta go n-athbheofaí nó go gcaomhnófaí an Ghaeilge, de réir tuarascála The Irish Language and the Irish People leis an Athair Mícheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan.


Toradh suntasach den tuarascáil agus cúis díomá ab ea gur chuir 47% de fhreagróirí a rugadh in Éirinn in iúl go raibh siad réasúnta inniúil agus níor chuir ach 23% acu in iúl gur úsáid siad an Ghaeilge go rialta.

Aithnítear sa tuarascáil na dúshláin atá os comhair na Gaeilge, bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé, agus déantar moltaí ann maidir leis an Ghaeilge a fhorbairt agus a threisiú i réimsí éagsúla den saol laethúil. Ag labhairt agus é ag seoladh na tuarascála dúirt an tAire Ó Cuív, ‘Ní chuirfidh roinnt de na torthaí sa tuarascáil seo ionadh ar aon duine a phléann leis an nGaeilge mar chuid dá saol gach lá. Is é an rud is suntasaí a bhaineann leis seo go dtugann an taighde fianaise fíorasach ar fáil dúinn chun tacú leis na roghanna a dhéanaimid sa bheartas teanga.

Cabhraíonn taighde cosúil leis seo linn chun tionscnaimh agus bearta beartais a spriocdhíriú ar bhealach níos éifeachtaí, agus imscrúdú á dhéanamh againn ar thorthaí a bhaineann le haoisghrúpaí éagsúla, mar shampla.