9.4.09

Deontas Tithíochta/Gaeltacht Housing Grants

D’fhógair an Aire Éamon Ó Cuív T.D., nach bhfuil an Roinn ag glacadh le tuilleadh iarratais faoin scéim don chuid eile den bhliain seo. Déanfar próiseáil ar na hiarratais atá idir lámha agus ceadófar deontais bunaithe ar na hiarratais seo ar an ngnáth-chaoi. Íocfar na deontais ar an ngnáth-bhealach leis na daoine ar fad ar ceadaíodh deontas dóibh roimhe seo, nó a raibh iarratas istigh acu roimh 7 Aibreán 2009, faoi réir an tsoláthair airgeadais a bheidh ar fáil don Roinne i mbliana agus i 2010. Déanfar athbhreithniú ar na scéimeanna seo i gcomhthéacs an Phlean 20 Bliain don Teanga agus an t-airgead a chuirfear ar fáil i 2010 sna meastacháin ag deireadh na bliana.

Éamon O Cuív TD has announced that no further housing grant applications will be accepted for the remainder of this year. Application already in the system will be processed in the customary manner. Payment of grants already approved/in the system before 7 April 2009, will be considered within the context of finances available to the department in 2009/2010. These schemes will be re-examined in the context of the 20 year Irish language plan and the finances available in 2010 in the end of year estimates.