10.11.11

Oíche Eolais faoi Freagrachtaí Stiúrthóirí i gComhlachtaí Pobal Bunaithe.

Am & Dáta: 7:00-9:00in Deardaoin 24 Samhain 2011

Ionad:         Oifig Údarás na Gaeltachta, Dóirí Beaga

Cuirfear tús leis an oíche eolais ar 7:00in agus críochnóidh sé ar 9:00in.
Tá an oíche eolais seo oscailte do gach stiurthóir ar gach chomhlacht pobal bhunaithe i nGaeltacht Thír Chonaill agus dóibh siúd a bhfuil suim acu a bheith mar stiurthóirí sa todhchaí, no iad siúd a bhfuil suim acu san ábhar.

Déanfaidh Cathal Ó Dónaill ón chomhlacht Gilroy Gannon (Sligeach) cur i láthair agus is féidir ceisteanna no smaointe faoin ábhar a phlé leis ag deireadh an cur i láthair.

Sonraí an cur i láthair:
Acht na gCuideachtaí – Oifigí i gComhlacht - Comhlacht faoi theorainn ráthaíochta /Acht Carthanacht 2009 /Achtanna Saothair agus Comhionannais /Acht Sláinte agus Sábháilteachta 2005 /Acht urn Chosaint Sonraí 1988—2003 /Comhlacht faoi theorainn ráthaíochta/Faoi dhlí na hÉireann agus AE.


Eolas agus miniú a thabhairt ar:
CR0 agus ODCE.ie - Bunú comhlacht & dualgaisí / Aire, dúthracht agus scil /Comhlíonadh Spriocdhátaí agus Pionós.

Cuirfear an t-eolas ar fáil i nGaeilge & i mBéarla más gá.
Má tá spéis ag ionadaithe ó bhur gcomhlachtaí freastal a dhéanamh ar an seisiún eolais, déanaigí teagmháil le Údarás na Gaeltacha, Doirí Beaga nó ar ríomhphost ag gos@udaras.ie roimh 18 Samhain, 2011.