Feidhmíonn Comharchumann Árainn Mhór mar eagrais forbartha pobal a sholáthraíonn aiseanna pobal, seirbhísí trádála, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta do phobal Árainn Mhór. Tá sé mar aidhm ag an chomharchumann, trínár gcuid gníomhaíochtaí, acmhainní timpeallachta, turasóireachta, chultúrtha agus oidhreachta an oileáin a fheabhsú agus a fhorbairt, ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta pobal an oileáin a fheabhsú. Bainisteoir: Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh.
9.11.11
Deontas Ceadaithe—Grant Approved
Tá deontas de €8750.90 ceadaithe ag Comhar na nOileán don chomharchumann chun lomaire féir faoi thiomaint díosal agus den déanamh KUBOTA a cheannacht. An Comharchumann has received grant approval from Comhar na nOileán for €8750.90 for the purchase a diesel powered KUBOTA mower.