5.2.10

Conradh Fanantóireachta Chléire

www.pobail.ie
Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil cead tugtha aige don chomhlacht Tithe Saoire Chléire Teo éirí as an gconradh a bhí aige leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun seirbhísí farantóireachta fóirdheonaithe a chur ar fáil do Chléire.


Is mar thoradh ar iarratas ón gcomhlacht féin atá an cead seo á thabhairt agus beidh feidhm leis an socrú ó 28 Feabhra 2010. Chuir an tAire in iúl chomh maith go bhfuil socrú nua déanta ag a Roinn leis an gcuibhreannas Naomh Ciarán 2 Oileán Chléire Teo./ Thar Tonn Teo. chun seirbhís paisinéirí agus lastais a sholáthar don oileán don tréimhse naoi mí ó 1 Márta 2010 go 30 Samhain 2010 ar chostas iomlán de €209,322.

Faoin socrú seo, beidh dhá phríomh-bhád a úsáid ar an tseirbhís, an M.V. Dún Aongus agus an M.V. Cailín Óir. Le linn na tréimhse sealadaí seo, reáchtálfaidh an Roinn comórtas oscailte tairiscintí chun conradh farantóireachta fadtréimhseach don oileán a chur i gcrích.

Dúirt an tAire go raibh sé ag súil, idir an tseirbhís shealadach agus an tseirbhís nua lastais trom a cheadaigh sé deontas ina leith i 2009, go mbeadh seirbhísí farantóireachta ag pobal Chléire a bheadh ar chomh-chaighdeán le seirbhísí na n-oileán eile ar fud an chósta.