17.6.09

Oifig Eolais do Chuairteoirí sa Chultúrlann – Visitor Information Office in the Cultúrlann

Beidh Oifig Eolais do chuairteoirí a reáchtáil ag an chomharchumann sa Chultúrlann, Fál an Ghabhann le linn an tsamhraidh. Tá na haiseanna/seirbhísí a leanas ar fáil sa Chultúrlann:

Ionad Seirbhísí Teanga
Cúrsaí Gaeilge Grádaithe - Teastas na hEorpa (dhá uair sa bhliain )
Áiseanna Cruinnithe & Ranga:
 Uasteilgeoir
 Scáileán
 Flíp chairt
 Áiseanna Sólaistí
Is féidir seomraí cruinnithe/ranga na cultúrlainne a chur in áirithe ach teagmháil a dhéanamh leis an chomharchumann: 074 9520533

A visitor information centre will be in open in the Cultúrlann, Fál an Ghabhann during the summer months. The following facilities/services are available in the Cultúrlann:

Ionad Seirbhísí Teanga
Graded Irish Language Courses – European Certificate Irish Language Classes twice yearly

Meeting and Classroom Facilities:
 Overhead Projector
 Screen
 Flipchart
 Tea & Coffee Making Facilities

To book Cultúrlann facilities, please contact an comharchumann. 074 9520533

16.6.09

CCB & Cuntais Iniúchta - AGM & Audited Accounts

Bhí CCB an chomharchumainn ar siúl sa Chultúrlann ar an 14ú Meitheamh 2009. Is féidir le scairshealbhóirí nach raibh i láthair ag an chruinniú, cóipeanna do na cuntais iniúchta a fháil ach teangbháil a dhéanamh leis an chomharchumann.

The AGM of Comharchumann Oileán Árainn Mhóir was held in the Culture Centre on 14 June 2009.  Shareholders who could not be in attendance at the AGM can obtain copies of the audited accounts  from the offices of an comharchumannn.

Citizens Information - Faisnéis do Shaoránaigh

Citizens Information
(Faisnéis do Shaoránaigh)

A Free Advice & Confidential Service


The Dungloe Citizens Information Officer will be in attendance

In Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

On Friday 19th June 2009
Between 10.30am – 1.00pm

Dealing with Social Welfare Entitlements, Housing Grants, Insulation Grants, Health Entitlements; Employment Rights, Family Matters, Consumer Rights, Education etc.

Forms & Information on Back to School Clothing & Footwear Allowance.

No Appointment Necessary

9.6.09

Cruinniú Speisialta – Special Meeting


Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

Cruinniú Speisialta – Special Meeting

14 Meitheamh/June 2009
An Chultúrlann 5:15 i.n.

Clár – Agenda

Moladh rialacha leasaithe na gComharchumann Gaeltachta
Adoption of amended rules for Gaeltacht Co-operatives

Cuirfear sólaistí ar fáil
Beidh an cruinniú speisialta ar siúl tar éis an chruinnithe chinn bliana
The Special Meeting will take place following the AGM



Fógra Scairshealbhóra - Notice to Shareholders

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
Cruinniú Cinn Bliana/Annual General Meeting
14 Meitheamh/June 2009

An Chultúrlann, Fál a’ Ghabhann
4:00 i.n.

5.6.09

Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo - Folúntas Sealadach

Tá folúntas sealadach sa Chomharchumann. (20 uair sa tseachtain)
Beidh an té a cheapfar ina c(h)ainteoir líofa Gaeilge.
A temporary part-time vacancy has arisen in an comharchumann. (20 hours per week) The appointee will be a fluent Irish speaker.

Dualgais: Responsibilities
Comhoibriú le foireann an chomharchumainn agus ag tacú le spriocanna agus aidhmeanna an chomharchumainn. Support staff, aims & objectives of an comharchumann.
Cúramaí riarachán. Administrative duties.

Cáilíochtaí: Qualifications
Gaeilge Líofa / Fluent Irish speaker
Scileanna maithe cumarsáide / Good communication skills
Scileanna maithe ríomhaireachta / Good computer skills

Iarratas i scríbhinn chuig an seoladh thíos roimh 12 Meitheamh 2009.
Applications in writing to the address below by 12 June 2009.

Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh
Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
Árainn Mhór
Co Dhún na nGall

2.6.09

Buiséid na n-eagraíochtaí Gaeilge slán

Dheimhnigh An Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha de chuid Fhoras na Gaeilge, Éamon Ó hArgáin, nach mbeidh aon ghearradh siar eile á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar bhuiséad na n-eagraíochtaí Gaeilge sa bhreis ar an ngearradh siar a rinneadh cheana don bhliain 2009.

Mhínigh an tUasal Ó hArgáin in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo go mb’éigean d’Fhoras na Gaeilge fanacht go dtí mí Bealtaine na bliana seo chun fáil amach go díreach cá mhéad airgid a chuirfí ar fáil do bhuiséad an Fhorais i mbliana.

Deimhníodh le déanaí gur cuireadh in iúl dóibh gur gearradh siar de 10% ó bhuiséad na bliana 2008 a bheidh i gceist. Chuir urlabhraí de chuid an Fhorais in iúl do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil gearradh siar déanta ar ghníomhaíochtaí intí, agus is mar gheall ar na coigiltí seo gur féidir feidhmiú taobh istigh de bhuiséad laghdaithe, gan airgead na n-eagraíochtaí Gaeilge a ghearradh a thuilleadh.

Mar fhreagra ar fhiosruithe Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi fheidhmíocht an Fhorais laistigh de Bhuiséid laghdaithe agus na himpleachtaí a bhaineann leis sin don phobal mhínigh urlabhraí an Fhorais gur bhain na coigiltí le hísliú de 8% a d’éirigh leo a aontú lena soláthraithe agus le ciorrú ar scéimeanna comharthaí dátheangacha, scéimeanna Gnó le Gaeilge, agus scéimeanna campaí samhraidh chomh maith le gearradh siar in ábhair bholscaireachta.

Gearrfar siar freisin ar an méid urraíochta a chuirfidh an Foras ar fáil, agus an méid fógraíochta a dhéanfar. Luaigh urlabhraí an Fhorais freisin go raibh 69 post ceadaithe don Fhoras nuair a bunaíodh ar dtús é, agus go bhfuil siad ag feidhmiú le foireann de 51 duine.

Is ar an gclár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta a chuala na heagraíochtaí Gaeilge an dea-scéal den chéad uair agus tuigtear do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil an t-eolas á chur in iúl do na heagraíochtaí go hoifigiúil de réir a chéile.

Is cinnte go bhfáilteofar roimh an deimhniú seo le gur féidir leis na heagraíochtaí leanúint ar aghaidh lena gclár oibre don bhliain ag soláthar seirbhísí den scoth don phobal agus ag cinntiú luach ar airgid ar gach caiteachas.

www.gaelport.com