13.12.12

Ag dul ar scor i 2013 - Retiring in 2013

Bíodh Eolas agat ar do Chearta : Ag dul ar scor i 2013

Nollaig 2012
Ceist
Beidh mé 65 bliain d’aois i 2013 agus tá sé beartaithe agam dul ar scor ón obair. Céard is gá bheith ar eolas agam faoi phinsin agus sochair eile agus mé imithe ar scor?

Freagra
Tá 3 phinsean Stáit ar fáil. Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat agus má théann tú ar scor ag 65 bliain, beidh tú i dteideal an Pinsean Stáit (Idirthréimhse) a fháil a íoctar ar feadh bliain amháin. Ní íocfar an pinsean seo a thuilleadh le héilitheoirí nua ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh. Má cháilítear thú don Phinsean (Stáit Idirthréimhse) i 2013, beidh tú fós i dteideal é a fháil d’fhad d’éilimh.
Ag 66 bliain, beidh tú i dteideal Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil má chomhlíonann tú na riachtanais maidir le ranníocaíocht ÁSPC. Mura ndearna tú dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Neamhranníocach), ar a ndéantar tástáil mhaoine. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar gach pinsean Stáit ar a laghad 3 mhí roimh ré agus 6 mhí roimh ré má chónaigh tú riamh thar lear agus má d'íoc tú ranníocaíochtaí thar lear.
Má aistríonn tú ó fhostaíocht go dtí scor le linn na bliana, ba cheart duit Ráiteas Comhardaithe ÍMAT (P21) a fháil ó d’oifig chánach ag deireadh na bliana. Déanfaidh seo aon ró-íocaíocht cánach a rinne tú a aisíoc. Tá d’ioncam go léir inchánaithe (do phinsean Stáit agus aon phinsean gairme). Íocann daoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine níos lú cánach mar gheall go bhfuil roinnt creidmheasanna breise cánach acu agus teorainneacha speisialta díolúine cánach acu (nach bhfuil aon cháin le híoc faoina mbun).
Tá gach duine atá níos sine ná 66 bliain d’aois díolmhaithe ó ÁSPC a íoc agus íocann daoine atá níos sine ná 70 bliain d’aois íosráta den Mhuirear Sóisialta Uilíoch. Ag aois 66 bliain, tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a fháil, chomh maith, agus d’fhéadfá bheith i dteideal an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil, a áiríonn ceadúnas teilifíse saor in aisce, liúntas leictreachais/gáis agus liúntas gutháin. Tá teorainneacha ioncaim le haghaidh cártaí leighis i bhfad níos airde do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois.

Foilsíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh leabhar dar teideal Entitlements for over sixties (Teidlíochtaí do dhaoine os cionn seasca bliain d’aois) a chuimsíonn do chearta, do theidlíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil de réir mar a dhruideann tú i dtreo aois an scoir. Féadfaidh tú cóip a iarraidh ón Ionad áitiúil um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
Tá tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.
Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobail An Clocháin Liath
Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.
Know Your Rights : Retiring in 2013
December 2012

Question
I will be 65 in 2013 and plan to retire from work. What do I need to know about
pensions and other benefits in retirement?

Answer
There are 3 State pensions available. If you have enough PRSI contributions and you retire at 65 you are entitled to the State Pension (Transition) which is paid for 1 year. This pension will no longer be paid to new claimants from 1 January 2014. However, if you qualify for the State Pension Transition in 2013 you remain entitled to it for the duration of your claim.
At 66, you are entitled to the State Pension (Contributory) if you meet the PRSI contribution requirements. If you have not made enough PRSI contributions, you can apply for a State Pension (Non-Contributory), which is means-tested. You should apply for all State pensions at least 3 months in advance and 6 months if you have ever lived and paid contributions abroad.
If you move from employment to retirement during the year, you should get a PAYE Balancing Statement (P21) from your tax office at the end of the year. This will trigger a refund of any overpayment of tax you might have made. All your income is taxable (your State pension plus any occupational pension). However people aged 65 or over pay less tax since they have some extra tax credits and special tax exemption limits (below which no tax is payable).
Everyone over 66 is exempt from paying PRSI and people over 70 pay a lower rate of Universal Social Charge. At 66 you are also eligible for a Free Travel Pass and may be eligible for the Household Benefits Package, which includes the free TV licence, electricity/gas allowance and telephone allowance. Income limits for medical cards are much higher for people over 70.
The Citizens Information Board publishes a book Entitlements for over sixties which covers your rights, entitlements and the services available as you approach retirement age. You can request a copy from your local Citizens Information Centre.
Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service, which provides a free and confidential service to the public.

Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre.
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.