6.12.12

Know Your Rights : Shopping in the sales Bíodh Eolas agat ar do Chearta : Siopadóireacht le linn na ndíolachán


Nollaig 2012
Ceist
Táim ag tnúth le siopadóireacht a dhéanamh sna díolacháin a bheidh ar siúl i ndiaidh na Nollag. Céard iad mo chuid cearta tomhaltóirí nuair a bhím ag siopadóireacht le linn díolacháin?
Freagra
Tá na cearta díreacha céanna agat nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht sna díolacháin a bhíonn agat ag aon tráth eile den bhliain. Ciallaíonn seo nach mór go mbeidh aon rud a dhíoltar i ndíolachán ar cháilíocht indíoltachta, go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm agus gurb ionann an t-earra agus an t-earra ar a ndearnadh cur síos. Má tá earra lochtach, ní athraítear do chearta díreach mar gheall go raibh an t-earra i ndíolachán. Tharlódh nach mbeadh forais ann le haghaidh sásaimh, áfach, má cuireadh ar an eolas thú faoin locht sular cheannaigh tú an t-earra (mar shampla má bhí marcáil ar na hearraí a thug le fios go ndearnadh díobháil dóibh sa siopa).

Má tá earra lochtach, tá tú i dteideal deisiú, earra ionaid nó aisíocaíocht a fháil. Ní shonraítear sa reachtaíocht cibé acu arb é an miondíoltóir/an soláthróir nó an custaiméir a dhéanann an cinneadh cén fhoirm shásaimh a chuirfear ar fáil. Luann go leor miondíoltóirí cén rogha a thabharfaidh siad duit ar pointe an díola. Má bhíonn fadhb agat le hearraí a cheannaigh tú ar lánphraghas atá anois ar díol ar praghas laghdaithe, tá tú i dteideal aisíocaíocht an lánphraghais a fháil (má tá an siopa toilteanach chun aisíocaíocht a thabhairt seachas malartú nó deisiú).
Níl tú i dteideal malartú (nó aisíocaíocht nó nóta creidmheasa) a fháil díreach mar gheall gur tháinig athrú intinne ort faoi earra éigin a cheannaigh tú i siopa, cibé acu má bhíonn seo le linn na ndíolacháin nó ag tráth ar bith eile den bhliain. Ceadaíonn go leor siopaí duit earraí a mhalartú ar bhfuil tú ar athsmaoineamh, ach is faoin siopa féin atá seo. Smaoineamh maith atá ann chun beartas aisíocaíochta an tsiopa a sheiceáil sula gceannaíonn tú rud ar bith.
Má cheannaíonn tú earraí ar lánphraghais ach má thagann athrú intinne ort fúthu, agus má tá siad ar díol anois ar praghas níos ísle, tharlódh nach dtabharfaí ar ais duit ach an tsuim laghdaithe (má tá an siopa toilteanach chun d’airgead a thabhairt ar ais duit). Ba cheart duit d’fháltais a choimeád i gcónaí mar chruthúnas den cheannach agus den phraghas a d'íoc tú.

Chun teacht ar a thuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta do Thomhaltóirí ag nca.ie. Tá a thuilleadh faisnéise ar fáil, chomh maith, ón Ionad Faisnéis do Shaoránaigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clochain Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobail, An Clocháin Liath

Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.

December 2012

Question

I’m looking forward to shopping in the post-Christmas sales. What are my consumer rights when shopping during a sale?

Answer

You have exactly the same rights when shopping in the sales as you do at any other time of the year.

This means that anything sold in a sale must be of merchantable quality, fit for its intended purpose and as described to you. If an item is faulty, your rights do not change just because it was on sale. However, you may not have grounds for redress if you were told about the defect before you bought the item (for example, if the goods were marked 'shopsoiled').
If an item is faulty, you are entitled to a repair, replacement or refund. The legislation does not specify whether it is the retailer/supplier or the customer who decides which form of redress is offered. Many retailers state which option they offer you at the point of sale.
If you have a problem with goods you bought at full price which are now on sale at a reduced price, you are entitled to a refund of the full price (if the shop is willing to offer a refund rather than an exchange or repair).
However you are not entitled to an exchange (or a refund or a credit note) simply because you change your mind about something you’ve bought in a shop, whether this is during the sales or at any other time of the year. Many shops do allow you to exchange goods that you’ve had second thoughts about, but this is at their discretion. It’s a good idea to check the shop’s refund policy before buying anything.

If you buy goods at full price but change your mind about them, and they are now on sale at a lower price, you may only be offered the reduced amount (if the shop is willing to offer your money back). You should always keep your receipts as proof of purchase and the price paid.
For more information visit the National Consumer Agency’s website at nca.ie. Further information is also available from the Citizens Information Centre below.
Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service, which provides a free and confidential service to the public.
Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.