2.6.10

Staidéar Féidearthachta ar Áiseanna Fís Chomhdhála – Video Conferencing Feasibility Study

Tá comhairleoirí ceapaithe ag Comhar na nOileán Teo chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar áiseanna fís chomhdhála a chur ar fáil d’oileáin na tíre. Beidh na comhairleoirí ag déanamh teagmháil le pobal na n-oileán chun a gcuid tuairimí agus moltaí a bhailiú. Chuige sin, tá sé beartaithe ag na comhairleoirí cuairt a thabhairt ar an oileán; tionólfar cruinniú leo sa Chultúrlann ar an Mháirt 15 Meitheamh 2010 ag 12:00 i.n. Cuirfear fáilte roimh chách.

Comhar na nOileán Teo have appointed consultants to undertake a feasibility study in relation to the provision of Video Conferencing facilities on the islands of Ireland. In order to ascertain the needs of islanders in relation to video conferencing, the consultants intend to visit the islands. A meeting has been arranged to take place in the Cultúrlann on 15 June 2010 @ 12:00pm. All Welcome.