9.6.10

Áit páirceála nó áit pháirceála? Tuairimí á lorg ar Úsáid an tSéimhithe

Gaelport.com Níl ach coicís fágtha ag an bpobal tuairimí a nochtadh mar gheall ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar chuid den chéad tréimhse comhairliúcháin a d’fhógair an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cúpla seachtain ó shin.


Glacfar le hiarratais agus le haighneachtaí go dtí an 23 Meitheamh ach thug an tAire Pat Carey, TD, le fios inniu chomh maith go mbeidh an deis ag daoine aighneachtaí a chur isteach ar na moltaí éagsúla a thiocfaidh ón gCoiste Stiúrtha a ceapadh le déanaí chun an obair a chur i gcrích.

Tá an Coiste ag glacadh le haighneachtaí ar na moltaí maidir le húsáid an tséimhithe i gcásanna ar leith i dtosach báire bunaithe ar an gcáipéis, ‘Moltaí an Choiste Téarmaíochta faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith’ atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Déanfaidh an Coiste moltaí faoi leasuithe ar an gCaighdeán a fhógairt le haghaidh tréimhse comhairliúcháin leis an bpobal gach dara mí.
Ar an gCoiste Stiúrtha a ceapadh le déanaí tá os cionn scór duine atá ag feidhmiú i réimsí éagsúla, dlíodóirí, iriseoirí, foclóirithe, aistritheoirí agus scríbhneoirí ina measc.
Seo an chéad uair ó foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil i 1958 go ndéanfar athbhreithniú air agus d’iarr an tAire ar an bpobal páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas: ‘Molaim go láidir do gach duine a bhfuil suim acu san obair seo páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas, agus plé tomhaiste a bheith acu ar na ceisteanna gramadaí ar leith agus ar na mórcheisteanna prionsabail araon’.
Táthar ag súil go mbeidh an leagan leasaithe ar fáil i mí an Mheithimh 2011.
Iarrtar ar an bpobal aighneachtaí agus tuairimí a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist aco@pobail.ie

Is féidir clárú le haghaidh na dtréimhsí comhairliúcháin seo trí do sheoladh ríomhphoist agus sonraí eile teagmhála a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist thuasluaite.