July 2014
Question
We are planning a round-the-world
trip later this year. Should we think about getting vaccinations?
Answer
You should consider getting vaccinations if you are
travelling outside of Western Europe, North America, Australia, and New
Zealand. Health risks vary from country to country, so you will need to get
advice about this well before you travel – ask your family doctor, the Health
Service Executive (HSE) or your travel agent.
Travel vaccinations are not covered by the medical card
so you will have to pay the full cost for them.
Start the process of vaccination in good time before you
travel. Some vaccines take time to become effective, so give yourself at least
8 weeks for full protection.
An early start is particularly important if you plan to
travel with children. The BCG vaccination against tuberculosis (TB), for
example, should be given at least 3 months before your child travels.
Some countries require you to have certain vaccinations
and you will need to show an International Certificate of Vaccination in order
to gain access to these countries. Other vaccinations are recommended and you
can decide yourself whether to get them.
If you feel unwell on your return to Ireland, you should
see a doctor as soon as possible. Give full details of the countries you
visited.
Further information is
available from the Citizens Information Centre below.
Know Your Rights has been compiled by Dungloe
Citizens Information Service which provides a free and confidential service to
the public. Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public
Services Centre
Information is also available online at
citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07
4000.
Bíodh
Eolas agat ar do Chearta : Vacsaínithe
agus taisteal thar lear á dhéanamh
Ceist
Tá sé beartaithe againn dul ar thuras ar fud an domhain níos moille i
mbliana. Ar cheart dúinn breithniú a dhéanamh ar vacsaínithe a fháil?
Freagra
Ba cheart daoibh breithniú a
dhéanamh ar vacsaínithe a fháil más rud é go bhfuil sibh ag taisteal lasmuigh
d’Iarthar na hEorpa, de Mheiriceá Thuaidh, den Astráil agus den Nua-Shéalainn. Bíonn éagsúlacht i rioscaí sláinte ó thír go tír. Dá bhrí
sin, beidh oraibh comhairle a fháil faoi sin sula dtaistealóidh sibh - cuirigí
ceist ar bhur ndochtúir teaghlaigh, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
(FSS) nó ar bhur ngníomhaire taistil.
Gheobhaidh sibh faisnéis ábhartha
freisin ar Liosta Tíortha na hEagraíochta Domhanda
Sláinte. Tá faisnéis ag láithreán gréasáin FSS faoi na cineálacha éagsúla vacsaíní, ar nós na vacsaíní le
haghaidh calair nó eitinne - hse.ie.
Ní chlúdaítear vacsaínithe taistil
leis an gcárta leighis. Beidh oraibh, mar sin de, an costas iomlán atá orthu a
íoc.
Cuirigí tús leis an bpróiseas
vacsaínithe tamall maith sula dtaistealóidh sibh.
Tógann sé roinnt ama sula dtagann vacsaíní áirithe chun éifeachta. Bíodh siad
agaibh 8 seachtaine sula dtaistealóidh sibh le go mbeidh cosaint iomlán agaibh.
Baineann tábhacht ar leith le tús
luath sa chás go bhfuil sé beartaithe agaibh taisteal le leanaí. Ba cheart
vacsaín BCG in aghaidh eitinne, mar shampla, a thabhairt 3 mhí ar a laghad sula
dtaistealóidh bhur leanbh.
Éilíonn roinnt tíortha oraibh
vacsaínithe áirithe a bheith agaibh agus beidh oraibh Deimhniú Idirnáisiúnta
Vacsaínithe a thaispeáint d’fhonn cead isteach chuig na tíortha sin a fháil. Moltar vacsaínithe eile agus is féidir libh a chinneadh cé
acu a gheobhaidh sibh iad nó nach bhfaighidh.
Má bhraitheann sibh tinn tar éis
daoibh filleadh ar Éirinn, ba cheart daoibh dul chuig an dochtúir a luaithe is
féidir. Tugaigí sonraí iomlána faoi na tíortha ar
thug sibh cuairt orthu.
Tá tuilleadh eolais le fáil
ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.
Chuir
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in
aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil:
0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal An Clocháin Liath
Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag
citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do
Shaoránaigh, 0761 07 4000.