14.5.11

Buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn fógartha!


Scoláirí Ghairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, Seán Ó Gallchóir, Jack Ó Baoill, Cara Nic Aoidh agus Darragh McGee ag ceiliúradh a mbua leis an gcraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2011. Fógraíodh na torthaí i Stiuideó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Na Doirí Beaga  le linn an chláir ‘Rónán Beo’ Dé hAoine seo caite, 6 Bealtaine.
‘Árainn Mhór, Oileán m’Óige’ an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Máire Nic Cathmhaoil agus bronnadh duais €650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Clár fáisnéise a bhí ann, agus muintir na háite ag cur síos ar saol an oileáin sna blianta siar i gcomparáid le saol an lae inniu ann.

Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall a tháinig sa dara háit le clár faoin bhéaloideas, litríocht agus amhranaíocht atá faoi bhláth le 250 bl, anuas i Rann na Feirste.  Ba iad Coláiste na nUrsulach, Sligeach a tháinig sa tríú háit lena gclár stairiúil – Baile an Mhóta agus Deisceart Shligigh. Bronnadh duaiseanna €450 agus €350 orthu faoi seach.

Is comórtas náisiúnta é seo atá dírithe ar mhic léinn san idirbhliain go príomha, ach tá cead ag dalta meánscoile ar bith páirt a ghlacadh ann. Clár raidió atá idir 15 agus 20 nóiméad ar fad atá i gceist. Moltar do scoileanna téama amháin a roghnú agus is féidir rogha cur chuige a úsáid – agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile.

Is é Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár RTÉ Raidió na Gaeltachta a roghnaigh na duaiseoirí náisiúnta, agus chuir caighdeán na n-iarrachtaí lúchair air. Bhí ós cionn 50 scoil páirteach i gcomórtas na bliana seo – an líon is mó iarratas ariamh.

Tá na cláir bhuacacha le cloisteáil ag www.gael-linn.ie.
 fóilsithe ag www.gaelport.com