11.9.09

Máistir ranganna do scríbhneoirí óga na Gaeilge

Deireadh seachtaine
Máistir ranganna do scríbhneoirí óga na Gaeilge

An bhfuil suim agat sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach?


Tá Ealaín na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht leis An gComhairle Ealaín, ag eagrú deireadh seachtaine ceardlanna do scríbhneoirí óga a bhfuil féith na scríbhneoireachta léirithe acu.

Is í an aidhm atá leis na ceardlanna, grúpa scríbhneoirí Gaeilge idir 18 agus 25 bliana d’aois a thabhairt le chéile faoi stiúir scríbhneoirí aitheanta, agus an deis a thabhairt dóibh díriú ar shaothar a fhorbairt i measc a gcomhpháirtithe, i dtimpeallacht chuidiúil, spreagúil.

Beidh na ceardlanna faoi stiúir na scríbhneoirí aitheanta, Louis de Paor agus Éilís Ní Dhuibhne agus reáchtálfar iad i dtearmann cruthaitheachta Cnoc Suain, sa Spidéal thar na deireadh seachtaine 23 – 25 Deireadh Fómhair 2009.

Seol isteach C.V gearr maidir le do thaithí scríbhneoireachta agus trí shampla de do shaothar (prós nó filíocht).

Is deis iontach í seo agus ní bheidh áit ar fáil sna ceardlanna ach do líon beag agus beidh na h-iarratais á meas roimh 30 Meán Fómhair.

Tuilleadh eolais le fáil ó:
Mhuireann Ní Dhroighneáin
Áisitheoir Ealaín
Ealaín na Gaeltachta
Údarás na Gaeltachta na Forbacha
Co na Gaillimhe
091/503100
m.nidhroighneain@udaras.ie
www.ealain.ie