7.3.09

Teastas Eorpach Na Gaeilge -Painéal Scrúdaitheoirí 2009

An bhfuil suim agat feidhmiú mar scrúdaitheoir cainte do scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge 2009?

Ta Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad ag iarraidh cur leis an bpainéal scrúdaitheoirí atá acu do scrúduithe TEG a bheidh ar siúl i mBaile Bhuirne, sa Spidéal, i nGaoth Dóbhair agus i Má Nuad i mí an Aibreáin agus mí na Bealtaine seo chugainn.

Má tá suim agat a bheith ar an bpainéal seo, cuir glaoch ar Claire ag 01 7083737 chun tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil.