Feidhmíonn Comharchumann Árainn Mhór mar eagrais forbartha pobal a sholáthraíonn aiseanna pobal, seirbhísí trádála, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta do phobal Árainn Mhór. Tá sé mar aidhm ag an chomharchumann, trínár gcuid gníomhaíochtaí, acmhainní timpeallachta, turasóireachta, chultúrtha agus oidhreachta an oileáin a fheabhsú agus a fhorbairt, ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta pobal an oileáin a fheabhsú. Bainisteoir: Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh.
7.3.09
Scéim Labhairt na Gaeilge
Tá athbhreithniú á dhéanamh ar Scéim Labhairt na Gaeilge. Tá socraithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuiv T.D. go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach ar Scéim Labhairt na Gaeilge chun í a chur in oiriúint don lá inniú. www.pobail.ie