13.10.11

Scrudaithe TEG 2012

Nuacht TEG 2011/12

Scrúdú C1 agus scrúduithe eile TEG 2012
Beidh scrúdú C1 ar siúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar an 27 & 28 Eanáir 2012. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 9 Eanáir 2012. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm
Beidh scrúduithe eile TEG ar siúl ar na dátaí thíos sna hionaid seo (ag brath ar éileamh):

B2 21.04.2012 Má Nuad
B1 28.04.2012 Cill Chainnigh
A2 12.05.2012 Corcaigh
A1 26.05.2012 Cill Airne *NUA i 2012*
Luimneach
An Spidéal
Caisleán an Bharraigh
Leitir Ceanainn
Gaoth Dobhair
Béal Feirste *NUA i 2012*
Páras
Prág
Nua Eabhrac
Aitheantas oifigiúil do TEG B2
Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go sásaíonn Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais. Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta. Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

Beidh scrúdú TEG B2 ar siúl ar an 21 Aibreán 2012 . Tá cúrsaí ullmhúcháin do scrúduithe TEG ar siúl in ionaid oideachais éagsúla ar fud na tíre. Cuireann Ionad na dTeangacha ábhar teagaisc agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus do fhoghlaimeoirí saor in aisce ag www.teg.ie.

Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir rphost chuig aisling.nibheachain@nuim.ie nó cuir glaoch ar 01 7086417/01 7083737.