2.6.11

Rúnaí/Riarthóir RSS ag Teastáil


Tá post lán-aimseartha, sealadach (12 mí-clúdach sos gairme) mar Rúnaí/Riarthóir ar an Scéim Sóisialta Tuaithe á thairiscint ag Comhar na nOileán. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Chomhar na nOileán in Inis Oírr agus is 9.00am go 5.00pm na huaireanta oibre.


Beidh Gaeilge labhartha agus scríofa den ard chaighdeán riachtanach don phost, chomh maith le taithí agus scileanna maithe i riaracháin agus i gcumarsáid. Beidh tuiscint ar chúrsaí oileánda agus saol na n-oileán riachtanach freisin.

Is é 5pm Dé hAoine 17 Meitheamh 2011 an sprioc dáta d’iarratais agus cuirfear agallamh orthu siúd a bheidh ar an ngearrliosta ar an Aoine 24 Meitheamh 2011 in Inis Oírr. Caithfear foirm iarratais a líonadh isteach agus is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ach glaoch a chur ar an oifig ag 099 75096 nó rphost a chur chuig linda@oileain.ie.

Is fostóir comhionannais é Comhar na nOileán Teo,.
Secretary/RSS Administrator Needed

Comhar na nOileán have a vacancy for a full-time, temporary position (12 months – career break cover) for a Secretary/Rural Social Scheme Administrator. The person appointed will be based in Comhar na nOileán’s office in Inis Oírr and the working hours are 9.00am to 5.00pm.

Candidates must have a high standard of fluency in spoken and written Irish, as well as good experience and skills in administration and communications. An understanding of island issues and island life is also essential.


The closing date for applications is 5pm on Friday 17 June 2011 and shortlisted candidates will be interviewed in Inis Oírr on Friday 24 June 2011. Applicants must complete an application form and you can get further information and an application form by contacting the office at 099 75096 or linda@oileain.ie.
Comhar na nOileán is an Equal Opportunities Employer