13.12.10

Phríomhfheidhmeannach Gníomhach an Údaráis ceaptha

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil Séan Ó Labhraí ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach an Údaráis le teacht in áit Phádraig Ó hAoláin a bheidh ag éirigh as mar Phríomhfheidhmeannach ag deireadh na bliana.

Tá blianta fada caite ag Séan Ó Labhraí ag plé le cúrsaí forbartha agus fostaíochta san Údarás agus roimhe sin i nGaeltarra Éireann.
Bhí sé ag feidhmiú mar Leas Phríomhfheidhmeannach leis an Údarás ó 1981 ar aghaidh. Beidh sé ag tosú ar a dhualgais nua ar an 1 Eanáir 2011 ar feadh tréimhse suas go bliain.
Idir an dá linn leanfaidh an próiseas a bhaineann le ceapachán Príomhfheidhmeannach buan nua ar aghaidh.
Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2010