1.10.09

Cearta Sibhialta na Gaeltachta

Tá sraith nua tosaithe ar Raidió na Gaeltachta dírithe ar fheachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta, feachtas ar cuireadh tús leis ceathracha bliain ó shin i Seanscoil an Chnoic, Indreabhán.

Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969–2009 an teideal atá ar an tsraith nua agus a chraolfar gach Domhnach ag 1.15i.n. Cloisfear agallaimh leo siúd a bhí gníomhach sa ghluaiseacht - faoi na haidhmeanna a bhí acu, faoin méid a bhain siad amach, agus faoi céard atá i ndán don Ghaeltacht anois ag am seo na cinniúna. Ba thréimhse chorraitheach a bhí sna 1960í i gcúrsaí cearta sibhialta ar fud an domhain, agus d’éiligh muintir na Gaeltachta a gcearta féin chomh maith.

Bhí ceantar Chonamara beo bocht, gan infreastruchtúr ceart ná deiseanna fostaíochta, agus dá bharr bhí an ceantar céasta ag an imirce. Ar na haidhmeanna a bhí ag an ngluaiseacht bhí údarás áitiúil pleanála agus forbartha, plean cuimsitheach oideachais agus stáisiún raidió, agus is dá bharr gur cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun i 1972. Dár leis an léiritheoir, Tomás Mac Con Iomaire “Tá tábhacht nach beag ag baint le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge. Rinne an Ghluaiseacht éilimh a raibh tábhacht leo, fostaíocht ag baile, bunú Údarás Gaeltachta agus Raidió Gaeltachta ina measc. D’éirigh leis an ngluaiseacht i bhformhór a gcuid éilimh agus ní bréag a rá go bhfuil lorg obair na Gluaiseachta agus obair na ndaoine a bhí páirteach ann le feiceáil go soiléir ar an saol, i nGaeltacht Chonamara go háirithe, go dtí an lá atá inniu ann.”

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
01 Deireadh Fómhair 2009