30.9.13

Know Your Rights B: Non-Principal Private Residence Charge arrears

Sept/Oct 2013

Question

My cousin who lives in England never paid the Non-Principal Private Residence (NPPR) charge on a property he inherited in Ireland because he was not aware of the charge. What should he do to ensure that his affairs are in order?

Answer

The Non-Principal Private Residence (NPPR) charge was introduced on 2009 for residential property that is not the owner’s only or main residence. This charge is payable to the local authority. The NPPR continues to apply for the year 2013.The NPPR will no longer be charged after 2013, but outstanding liabilities and payments will still be collected and these can be substantial.
The NPPR charge is €200 for each relevant property you own on 31 March each year and it should have been paid by 30 June each year. A late fee of €20 was charged for each month, or part of a month, after 30 June of each relevant year. These fees and penalties increase each month and if you have never paid the NPPR, the total due since 2009, together with late fees and penalties, would now be well over €3,000. A table of charges available online at nppr.ie shows how much is due. For example, if you were liable for the NPPR since 2009 and have never paid it, you will owe €3,720 in October 2013.
Your cousin should arrange to pay the outstanding charges for 2009, 2010, 2011, 2012 and 2013 plus the late fees that have accrued. He should register the property and pay the charge online at nppr.ie or else use a paper form.
He should also ensure that any other taxes and charges have been paid – such as the Household Charge (payable on the property for the year 2012 in addition to the NPPR), the new  Local Property Tax (LPT) and the septic tank registration charge (if relevant).

Further information is available from the Citizens Information Centre below.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.


Bíodh Eolas Agat ar do Chearta B: Riaráistí an Mhuirir ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

Mean Fómhair/ Deireadh Fómhair 2013

Ceist

Níor íoc mo chol cheathrar, a chónaíonn i Sasana, an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (NPPR) ar mhaoin a fuair sé le hoidhreacht in Éirinn mar gheall nár cuireadh ar an eolas é faoin muirear. Céard ba cheart dó a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil a chuid gnóthaí in ord?

Freagra

Rinneadh an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (NPPR) a thabhairt isteach i 2009 i dtaca le maoin chónaithe nach í an t-aon mhaoin atá ag an úinéir agus nach í príomháit chónaithe an úinéara. Tá an muirear seo le híoc leis an údarás áitiúil. Leanann an NPPR bheith i bhfeidhm don bhliain 2013. Ní ghearrfar an NPPR a thuilleadh do na blianta i ndiaidh 2013, ach baileofar dliteanais agus íocaíochtaí nár íocadh go fóill, agus tarlaíonn sé go mbíonn iad seo mór a dhóthain.
Is ionann muirear an NPPR agus €200 do gach maoin ábhartha atá agat an 31 Márta gach bliain agus ba cheart go n-íoctar é faoin 30 Meitheamh gach bliain. Gearradh táille dhéanach €20 le haghaidh gach míosa, nó cuid de mhí, tar éis an 30 Meitheamh den bhliain ábhartha. Méadaítear na táillí agus na pionóis seo gach mí agus murar íoc tú an NPPR riamh, b’ionann an méid iomlán a bheadh le híoc ó 2009 i leith, mar aon le táillí agus pionóis dhéanacha, agus cuid mhaith os cionn €3,000. Tá fáil ar tháblaí táillí ar líne ag nppr.ie a léiríonn cé mhéid atá le híoc. Mar shampla, má bhí ort an NPPR a íoc ó 2009 i leith agus murar íoc tú é riamh, beidh €3,720 le híoc agat i nDeireadh Fómhair 2013.
Ba cheart do do chol ceathrar a shocrú chun na muirir gan íoc le haghaidh 2009, 2010, 2011, 2012 agus 2013 a íoc, mar aon leis na táillí déanacha atá fabhraithe.  Ba cheart dó an mhaoin a chlárú agus an muirear a íoc ar líne ag nppr.ie nó leas a bhaint as foirm pháipéir.
Anuas air sin, ba cheart dó a chinntiú gur íocadh aon cháin nó mhuirir eile – ar nós an Mhuirir Theaghlaigh (atá le híoc don mhaoin don bhliain 2012 anuas ar an NPPR), na Cánach nua Maoine Áitiúla (LPT) agus an mhuirir chláraithe umair sheiptigh (más cuí).
Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ón Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh thíos.

Chuir an tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tSeirbhís seo seirbhís saor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Guthán: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal an Clocháin Liath
Tá faisnéis le fáil, freisin, ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.