Know Your Rights : Passport for a
child
September
2013
Question
I am taking my 3-year-old on holidays abroad.
Her surname is different from mine and I’m not in touch with her father, my
ex-partner. Can I put her on my passport?
Answer
All Irish citizen
children, regardless of age, must have an individual passport in their own name
if they are travelling abroad. An application for a passport for a child living
in Ireland
is made on form APS 1 (pdf), and the child's full
birth certificate, showing the parents’ names, must be submitted with it. The
application form includes a section for parental consent, which must be signed.
Joint guardians
of a child
If you and your child’s father are joint guardians of your child, both of
you should sign the parental consent section of the application form. However,
if you are not in touch with him, or if he does not consent, you can apply to
the District
Court for a court order, which will allow the Passport Office
to issue the passport without his consent.
(Married parents
are automatically joint guardians. If the parents are not married, the mother
is automatically the sole guardian, but the father can arrange to become a
joint guardian.)
Sole guardian of
a child
If you are the sole guardian of your child, but the father's name is on the
birth certificate and he agrees with you to sign, both of you can sign the
parental consent section. If his name is not
on the birth certificate, or if he doesn’t sign the parental consent section,
you will have to provide an affidavit
(AFF 1) stating that you are the sole guardian. (This also
happens if the other parent/guardian is deceased, and you will also need a
death certificate in this case.)
Extra
documentation
The additional
documentation that needs to accompany the passport application depends on several
factors, including when and where the child was born.
Some countries
require you to have further additional documentation for a child, as well as
the passport – it’s worth checking this out before you travel.
Know
Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which
provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075431
Address: Dungloe Public Services Centre, Dungloe
Information
is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens
Information Phone Service, 0761 07 4000.
Bíodh Eolas Agat ar do Chearta : Pas linbh
Meán
Fómhair 2013
Ceist
Beidh
m’iníon 3 bliana d’aois ag teacht liom ar laethanta saoire thar lear. Tá
sloinne éagsúil aici ó mo shloinne féin agus ní bhíonn aon teagmháil idir mé
féin agus a hathair, m’iarpháirtnéir. An féidir liom í a chur ar mo phas féin?
Freagra
Ní mór go mbeidh ag gach leanbh atá
ina shaoránach Éireannach a phas aonair ina ainm féin má tá sé ag taisteal thar
lear, gan aird ar aois. Déantar iarratas ar phas do leanbh a chónaíonn in
Éirinn ar fhoirm APS 1 (pdf), agus ní
mór teastas iomlán breithe an linbh, a léiríonn ainmneacha na dtuismitheoirí, a
sheoladh isteach in éineacht leis. Áirítear leis an bhfoirm iarratais mír le
haghaidh toiliú tuismitheora, nach mór a shíniú.
Comhchaomhnóirí linbh
Más comhchaomhnóirí do linbh tú féin
agus athair do linbh, ba cheart daoibh beirt an mhír ‘toiliú tuismitheora’ a
shíniú ar an bhfoirm iarratais. Mura mbíonn teagmháil agat leis, áfach, nó mura
dtoilíonn sé, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche chun
ordú cúirte a fháil, a ligeann d’Oifig na bPasanna an pas a eisiúint gan a
thoiliú.
(Déantar comhchaomhnóirí go
huathoibríoch de thuismitheoirí pósta. Mura bhfuil na tuismitheoirí pósta,
déantar an caomhnóir aonair den mháthair go huathoibríoch, ach féadfaidh an
t-athair socruithe a dhéanamh go ndéanfar comhchaomhnóir de.)
Caomhnóir aonair linbh
Más tú caomhnóir aonair do linbh,
ach má tá ainm an athar le sonrú ar an teastas breithe, agus má chomhaontaíonn
sé leat chun í a shíniú, is féidir libh beirt an mhír ‘toiliú tuismitheora’ a
shíniú. Mura bhfuil a ainm ar an
teastas breithe, nó mura síníonn sé an mhír ‘toiliú tuismitheora, beidh ort mionnscríbhinn (AFF 1) a sholáthar ina
luaitear gur tusa an caomhnóir aonair. (Tarlaíonn seo,
chomh maith, má fuair an tuismitheoir/caomhnóir eile bás, agus teastaíonn
teastas báis uait sa chás seo, chomh maith.)
Cáipéisíocht bhreise
Braitheann an cháipéisíocht bhreise
nach mór gabháil leis an iarratas ar phas ar roinnt tosca, lena n-áirítear
cathain agus cén áit ar rugadh an leanbh.
Ceanglaíonn roinnt tíortha ort níos
mó cáipéisíocht bhreise a bheith agat do leanbh, mar aon le pas – is fiú é seo
a dheimhniú sula ndéanann tú taisteal.
Chuir an tSeirbhís Faisnéise
do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.
Cuireann an tSeirbhís seo seirbhís saor in aisce agus faoi rún ar fáil don
phobal. Guthán: 0761075431 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal An Clocháin Liath.
Tá faisnéis le fáil,
freisin, ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Ghutháin um
Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.