28.4.10

Folúntas – Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo

Tá Oifigeach Forbartha (conradh 8 mí) á lorg ag Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo chun dul i mbun cúraimí forbartha pobail ar Oileán Árainn Mhóir.
Beidh an té a cheapfar ina c(h)ainteoir líofa Gaeilge le fuinneamh agus díogras agus spéis ar leith aige / aici i gcúrsaí comharchumainn agus i gcúrsaí forbartha pobail.

Dualgaisí:

•Cuidiú le foireann an Chomharchumainn a phlean forbartha a chur i bhfeidhm agus nua fhorbairtí an Oileáin a thabhairt chun foirfeachta.

•Oifigí agus maoin an chomharchumainn a bhainistiú agus a fhorbairt

•Comhoibriú le pobal an oileáin, rannógaí agus eagraíochtaí stáit maraon le coistí pobail agus earnáil dheonacha chun cur le forbairt an oileáin.

•Tacú le muintir an oileáin chun gach gné de shaol an oileáin a fhorbairt agus a chaomhnú.

Cáilíochtaí / Scileanna:

•Ardchaighdeán Gaeilge scríofa
•Taithí ar chóras riaracháin agus ríomhaireachta
•Scileanna maithe ceannaireachta, bainistíochta, cumarsáide agus idirphearsanta.
•Tuiscint ar fhadhbanna a bhaineann le ceantair imeallacha.
•Taithí ar fhorbairt pobail.


Iarratais maraon le C.V. chuig an seoladh thíos roimh an 15 Bealtaine, 2010


An Rúnaí - Oifigeach Forbartha Árainn Mhóir
F/ch Údarás na Gaeltachta
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Na Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall